Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Chosaint Sonraí
Caithfear le d’fhaisnéis phearsanta leis an méid is mó slándála agus rúndachta nuair a chuirfidh tú iarratas isteach ar bhallraíocht sa leabharlann. Beidh cead agat na seirbhísí in aon leabharlann phoiblí i bPoblacht na héireann a úsáid nuair a bheidh tú i do bhall. Dá réir sin, beidh teacht ag gach údarás áitiúil sa stát seo ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil nuair a ghlacfaidh tú ballraíocht. Ina theannta sin, beidh teacht ag tríú páirtithe iontaofa a chuireann tacaíocht bogearraí ar fáil ar na sonraí sin.
Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
Is féidir ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann trí chuairt a thabhairt ar cheann dár gcuid leabharlann agus an fhoirm iarratais a chomhlánú.
Is féidir ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann ag aois ar bith ach ní mór do leanaí atá faoi 18 mbliana d'aois cead a fháil ó thuismitheoir nó caomhnóir. Ní mór do thuismitheoir nó caomhnóir foirm iarratais an linbh a shíniú. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as a leanaí nuair atá siad sa leabharlann. Tá siad freagrach freisin as rogha leabhar a leanaí agus as an úsáid a bhaineann a leanaí as seirbhísí agus ábhar leabharlainne.
Nuair a ghlactar ballraíocht sa leabharlann nó nuair a thugtar cead do choimircí ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann, ní mór duit doiciméad aitheantais a bhfuil grianghraf air agus cruthúnas ar do sheoladh a chur ar fáil.
Is féidir pas, ceadúnas tiomána nó cárta mic léinn a bheith ina dhoiciméad aitheantais. Is féidir bille a fuair tú le déanaí, litir a bhfuil do sheoladh air nó litir ó do thiarna talún a bheith ina chruthúnas ar do sheoladh. Glactar freisin le billí nó ráitis bhainc i bhfoirm leictreonach ach ní mór iad a thaispeáint do bhall foirne.
Ballraíocht Ar Líne
Is féidir ballraíocht a ghlacadh ar líne.
Beidh tú ábalta ábhar a chur ar coimeád láithreach ach ní bheidh tú ábalta ábhar a fháil ar iasacht ná na saoráidí idirlín a úsáid nó go mbaileoidh tú do chárta leabharlainne. Féadfaidh tú do chárta leabharlainne a bhailiú ag craobh ar bith is mian leat. Beidh ort doiciméad aitheantais a mbeidh grianghraf air a chur ar fáil chomh maith le cruthúnas maidir le do sheoladh nuair a bheidh tú ag bailiú do chárta leabharlainne. Is féidir pas, ceadúnas tiomána nó cárta mic léinn a bheith ar dhoiciméad aitheantais. Is féidir bille a fuairt tú le déanaí, litir a bhfuil do sheoladh air nó litir ó do thiarna talún a bheith mar chruthúnas ar do sheoladh.
Má tá tú faoi 18 mbliana d'aois, ní mór do do thuismitheoir nó caomhnóir d'fhoirm a shíniú ag tabhairt cead duit saoráidí na leabharlainne a úsáid. Ní mór an fhoirm seo a shíniú sa leabharlann féin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte