Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Taighde a dhéanamh ar do chraobh ghinealaigh más as Éirinn tú
Léargas Tapa
Láithreáin ghréasáin ar bhreitheanna, ar phóstaí agus ar bhásanna
Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna (tiomsaithe idir 1823 agus 1837)
Luacháil Uí Ghríofa (tiomsaithe sna 1850aidí)
Taifid daonáirimh ó 1901 agus 1911
Taifid Inimirce (isteach sna Stáit Aontaithe)
Liosta Comaoine Choimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais
Bunachar Sonraí Iompair na h Éireann-na hAstráile
Suíomhanna síntiúis
Mapa Bhailte Fearainn
Oifig Luachála
Nóta ar áiteanna
Má bhíonn tú ag déanamh taighde ar stair do mhuintire tá sé tábhachtach ainm an bhaile fearainn inar chónaigh do shinsir a aimsiú. Baile fearainn an t-aonad riaracháin is lú in Éirinn. Is foroinn Ghaelach ársa é a tháinig roimh ionradh na Normannach in 1169. D’fhéadfadh nach leor contae nó paróiste do shinsir a bheith ar eolas. Is é is dóigh go mbeidh teacht ar do shloinne roinnt mhaith uaireanta i gcontae nó i bparóiste ar bith. Déantar bailte fearainn na hÉireann a liostú agus a léiriú ar léarscáil ag Ordanás Suirbhéireachta Éireann (Ordnance Survey of Ireland). Is é an paróiste an chéad aonad is mó eile ach foinse a d’fhéadfadh mearbhall a chur ort é seo. Go ginearálta tá dhá chineál paróiste ann. Tá paróistí eaglasta a reáchtálann na heaglaisí difriúla e.g. Caitliceach Rómhánach, Eaglais na hÉireann etc, agus tá paróistí sibhialta ann. Is iad na paróistí sibhialta na paróistí a thagann roimh an Reifirméisean in Éirinn agus d’úsáideadh údaráis na Breataine in Éirinn iad ar uairibh. Mar shampla bhaineadh dhá acmhainn a cruthaíodh chun críche cánach úsáid as paróistí sibhialta, acmhainní a phléitear níos deireanaí ar an suíomh seo, i.e. Luacháil Uí Ghríofa (Griffith's Valuation) agus Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna (Tithe Applotment Books). I dtús báire bhí paróistí Eaglais na hÉireann bunaithe ar na paróistí réamhreifirméisin seo, ach tar éis díbhunú na heaglaise seo in 1869, d’fhéadfadh gur athraíodh teorainneacha paróistí gan cur isteach ar theorainneacha an pharóiste sibhialta ar a raibh sé bunaithe.
I roinnt mhaith cásanna beidh an t-ainm céanna ar an bparóiste Caitliceach Rómhánach, ar pharóiste Eaglais na hÉireann agus ar an bparóiste sibhialta ina bhfuil an baile fearainn lonnaithe, ach ba chóir duit a thabhairt ar aird nach mar sin a bhíonn i gcónaí. Uaireanta beidh an paróiste eaglasta ar eolas agat agus ní bhfaighidh tú paróiste sibhialta ar aon dul leis agus tú ag cuardach i Luacháil Uí Ghríofa (Griffith's Valuation) nó i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna (Tithe Applotment Books). De ghnáth, má chuireann eisimirceach ainm paróiste ar fáil mar a p(h)aróiste bunaidh, is paróiste eaglasta a bheidh ann. Ní gá go mbeadh teacht ar pharóiste comhfhreagrach i Luacháil Uí Ghríofa (Griffith's Valuation) nó i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna (Tithe Applotment Books), mar a dúradh cheana, go bhfuil siad seo bunaithe ar an bparóiste sibhialta agus ní gá gur ionann é agus an paróiste eaglasta. Nuair a luaitear an focal paróiste ar an leathanach gréasáin seo, déanfar an cineál paróiste a shonrú i gcónaí.
Úsáidtear Toghranna Ceantair i nDaonáireamh 1901 agus 1911. Déanann an daonáireamh bailte fearainn a ghrúpáil ina dToghranna Ceantair nó DEDanna. Ní gá go mbeadh an DED ar eolas le cuardach a dhéanamh i ngach daonáireamh. Is féidir cuardach a dhéanamh leis an ainm teaghlaigh.
Déantar paróistí (idir shibhialta agus eaglasta) a ghrúpáil ina mbarúntachtaí. Ní thagann an bharúntacht go mór i gceist i dtaighde ginealaigh.
Déantar barúntachtaí a ghrúpáil ina gcontaetha.
Ar deireadh, úsáidtear an Ceantar Clárúcháin i gclárú sibhialta breitheanna, póstaí agus básanna. Cuireadh tús le clárú sibhialta in Éirinn in 1864. Ní dóigh go mbeidh an ceantar clárúcháin ar eolas ach tá sé éasca go leor an t-eolas seo a fháil amach agus é a úsáid ansin i gcuardaigh ina dhiaidh sin.
Breitheanna, Póstaí agus Básanna
In 1864, thosaigh an stát ag taifeadadh breitheanna, básanna agus póstaí. Thosaigh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, i gcás formhór na bparóistí, ag clárú baistí agus póstaí ó na 1840adaí. Aimseoidh tú taifid níos luaithe i roinnt paróistí CR. Thosaigh Eaglais na hÉireann ag taifeadadh baistí agus póstaí ó na 1790aidí.
Ní bheidh ach taifid eaglaise ar fáil do roinnt de do shinsir. I gcásanna ina mbíonn an dá chineál taifid ar fáil ní chóir breathnú ar chineál amháin taifid mar ionadú ar an gceann eile. Mar shampla, liostaíonn taifead baiste na cairde Críost nó na hurraithe. Cuireann sé seo eolas faoi ghaolta ar fáil nach bhfuil ar fáil ar an taifead breithe sibhialta. Ar an taobh eile, i gcás taifid phósta shibhialta, tugtar céad ainm, sloinne agus baile fearainn athar an dá pháirtí. Go minic, i gcás taifid phósta eaglaise, ní thugtar ach sloinne an dá athar.
Cuardach Teaghlaigh
Tá cuid mhór de na taifid shibhialta agus eaglaise suas to dtí 1958 ar fáil saor in aisce ag Cuardach Teaghlaigh (Family Search). Áirítear líon mór taifead Meiriceánacha ar an suíomh seo agus mar sin, mura sloinne neamhghnách atá agat, is maith an smaoineamh é do chuardach a shrianadh go dtí Éire tríd an bhfocal ‘'Ireland' a chlóscríobh sa bhosca téacs a deir 'place'.
Roots Ireland
Is sárfhoinse taifead eile é Roots Ireland. Is suíomh síntiúis é seo. Ceadaíonn sé duit cuardach a dhéanamh laistigh de pharóiste (Caitliceach Rómhánach nó Eaglais na hÉireann) nó laistigh de cheantar clárúcháin sibhialta.
Mar a dúradh cheana, cuireadh tús le taifid shibhialta in 1864. Tá formhór na dtaifead seo ar fáil ar líne, ach níl siad go léir ar fáil. Is féidir cóipeanna de thaifid a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an "Phríomh-Oifig Chlárúcháin (General Register Office). Gearrtar táille ar chuardach agus ar d’fhótachóip de thaifead sibhialta. Féadfaidh tú cuardach a dhéanamh ar raon blianta, go pearsanta, trí chuairt a thabhairt ar a n-ionad taighde ag Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath. Féadfaidh tú táille a íoc chun cuardach lae a dhéanamh.
Fiú má bhíonn an taifead ar fáil ar láithreán gréasáin Roots Ireland, ceadaíonn fótachóip a fháil den taifead sibhialta duit a sheiceáil go ndearna Roots Ireland an t-eolas a thrascríobh go beacht. Is féidir go mbeadh an lámhscríbhneoireacht deacair le léamh agus is féidir dearmaid a dhéanamh.
Sonraí Daonáirimh
Ó 1821, agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin, taifeadadh daonáireamh de phobal na hÉireann. Ar chúiseanna éagsúla níor tháinig taifid a bhain le teaghlaigh roimh 1901 slán. Tá na taifid do 1901 agus 1911 ar fáil ar líne ag Daonáirimh ó 1901 agus 1911 (1901 and 1911 Censuses). Má aimsíonn tú gaol sa bhunachar sonraí seo, féadfaidh tú an leathanach gréasáin a úsáid chun gach duine a chónaigh sa bhaile fearainn sin ag an am sin a chuardach.
Foinsí a Cruthaíodh chun Críocha Cánach
Luacháil Uí Ghríofa
Tiomsaíodh Luacháil Uí Ghríofa (Griffith's Valuation) sna 1850idí agus is clár é do gach duine a bhí incháilithe cáin mhaoine a íoc ar a dtugtaí Rátaí. Rinneadh luacháil ar mhaoin agus bhí an tsuim dlite bunaithe ar an luacháil seo. Bhí an t-áititheoir nó an tionónta incháilithe don cháin. Chuir Richard Griffith a ainm leis an luacháil. Ba Choimisinéir é do Shuirbhé agus Luacháil Ghinearálta ar Mhaoin Inrátaithe in Éirinn agus bhí sé freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an obair.
Go bunúsach, is éard is Luacháil Uí Ghríofa (Griffith's Valuation) ann ná liosta cinn teaghlaigh sna 1850idí. Ar an drochuair, ní hionann agus daonáireamh, níl céilí, leanaí ná searbhóntaí san áireamh ann, ach is é an t-aon acmhainn dá leithéid atá ar marthain ón dtréimhse seo
Coinníonn an Oifig Luachála (Valuation Office) leabhair talún chealaithe. Féadfaidh tú fótachóipeanna de na leathanaigh a fháil ó na leabhair seo. Liostaíonn siad ainmneacha na ndaoine sin a d’íoc rátaí (cáin ar mhaoin) agus na blianta ina ndearna siad an íocaíocht. Tá an t-eolas iontu atá in Luacháil Uí Ghríofa (Griffith's Valuation) maidir leis na blianta ó 1850 ar aghaidh. Tá siad eagraithe de réir bailte fearainn. Bíonn moill sách fada idir na taifid a lorg agus na taifid a fháil ach féadfaidh tú féin cuairt a thabhairt ar a n-ionad taighde agus an taighde a dhéanamh tú féin. Tá an t-ionad taighde lonnaithe in Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath.
Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna
Ba cháin a bhí sa deachú a d’íoc áititheoirí talún le hEaglais na hÉireann. Ba cháin í a chuir an-olc ar fhormhór an phobail nárbh bhaill den eaglais seo iad. Chun críocha an cháin seo a bhailiú tiomsaíodh Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna (Tithe Applotment Books) idir 1823 agus 1837. Liostaíonn siad seo áititheoirí gabháltas talún i bparóistí tuaithe.
Eisimirce
Is dhá láithreán gréasáin iad seo a choinníonn taifid daoine a chuaigh ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Is iad sin
Ba é Castle Garden an chéad ionad inimirce oifigiúil a bhí ag Meiriceá agus bhí sé in úsáid ó 1855 go 1890. Tá aon mhilliún déag taifead ag an leathanach gréasáin. Tháinig Ellis Island ina ionad in 1892. Is féidir cuardach a dhéanamh sa dá acmhainn seo ag an am céanna ar an sárshuíomh gréasáin Steve Morse.
Bunachar Sonraí Taifid Iompair Chartlann Náisiúnta na hÉireann
Is bunachar sonraí inchuardaithe é Bunachar Sonraí Taifid Iompair Chartlann Náisiúnta na hÉireann (National Archives of Ireland Transportation Records Database) de thaifid bainteach le daoránaigh a cuireadh go dtí an Astráil idir 1788 agus 1868 agus an dá bhliain sin san áireamh. Éiríodh as an gcleachtas daoránaigh a chur go dtí an Astráil in 1850, ach cuireadh tús leis arís in 1867 nuair a díbríodh daoine a daoradh faoi pháirt a ghlacadh in Éirí Amach na bhFiníní sa bhliain sin.
Coimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais
Is bunachar sonraí inchuardaithe é (Coimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais) Commonwealth War Graves Commission's Debt of Honour List de na saighdiúirí uile i dtíortha an Chomhlathais a fuair bás i rith an dá Chogadh Domhanda. Áirítear gur maraíodh 35,000 Éireannach sa Chéad Chogadh Domhanda agus iad in arm na Breataine.
Suíomhanna Síntiúis
Tá dhá shuíomh síntiúis aitheanta a cheadaíonn duit cuardach a dhéanamh iontu seo agus in acmhainní breise comhuaineacha. Is iad sin
Áirítear sna hacmhainní breise taifid daonáireamh na Stát Aontaithe agus taifid eadóirseachta (taifead de náisiúnach coigríche ag teacht chun a bheith ina shaoránach de chuid na SA). Tá na taifid seo thar a bheith úsáideach má tá tú ag iarraidh teacht ar dhuine de do shinsir a chuaigh ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Ceadaíonn an dá shuíomh duit do chraobh ghinealaigh a chruthú ar líne. Ceadaíonn Ancestry.com duit comhad GEDCOM a uaslódáil, agus is gearr go mbeidh an ghné seo ar fáil ag Findmypast.com. Is suíomhanna síntiúis an péire. Tugann Ancestry.com ballraíocht saor in aisce ar feadh tréimhse trialach.
Nóta ar Shean-Nósanna Ainmnithe Éireannacha
Leagfaidh seo a leanas amach na nósanna ainmnithe a bhí in úsáid go minic sna 1800idí agus céad ainmneacha á mbronnadh ar leanaí. Cuimhnigh, le do thoil, nár cloíodh go docht leis na nósanna seo ach is féidir gur treoir an-úsáideach a bheadh iontu. Ní thugann teastais phósta shibhialta ainmneacha mháthair na brídeoige ná máthair an fhir nuaphósta. D’fhéadfadh go mbeadh ilmheaitseáil de thoradh cuardaigh do theastas pósta duine de na haithreacha, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair a bheith cinnte faoi ainm na máthar. D’fhéadfadh go dtabharfadh ainmneacha aon leanaí a bhí ag an lánúin le chéile leide faoi réiteach a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfadhb seo.
An chlann mhac
Ainmníodh an chéad mhac as athair an athar.
Ainmníodh an dara mac as athair na máthar.
Ainmníodh an tríú mac as an athair.
Ainmníodh an ceathrú mac as an deartháir is sine ag an athair.
Ainmníodh an cúigiú mac as an deartháir is sine ag an máthair.
Ainmníodh an dara mac as athair na máthar.
Ainmníodh an tríú mac as an athair.
Ainmníodh an ceathrú mac as an deartháir is sine ag an athair.
Ainmníodh an cúigiú mac as an deartháir is sine ag an máthair.
Na hIníonacha
Ainmníodh an chéad iníon as máthair na máthar.
Ainmníodh an dara hiníon as máthair an athar.
Ainmníodh an tríú hiníon as an máthair.
Ainmníodh an ceathrú hiníon as an deirfiúr is sine ag an máthair.
Ainmníodh an cúigiú hiníon as an deirfiúr is sine ag an athair
Ainmníodh an dara hiníon as máthair an athar.
Ainmníodh an tríú hiníon as an máthair.
Ainmníodh an ceathrú hiníon as an deirfiúr is sine ag an máthair.
Ainmníodh an cúigiú hiníon as an deirfiúr is sine ag an athair
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte