Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Stair Áitiúil na Gaillimhe
Réamhrá
Áirítear an méid seo a leanas i mbailiúchán staire áitiúla na Gaillimhe
• Bailiúchán cuimsitheach sean-nuachtán áitiúil old local newspapers
• Luacháil Uí Ghríofa do Ghaillimh ar mhicreascannán. Tá sé seo ar fáil ar líne freisin ar an láithreán gréasáin Ask About Ireland. Tiomsaíodh Luacháil Uí Ghríofa idir 1848 agus 1864. Liostaíonn sé gach sealbhóir tí in Éirinn an tráth a tiomsaíodh í.
• Eolairí Trádála
• Pigot's Directory do na blianta 1820, 1821, 1822 agus 1824
• Slater's Directory of Ireland do na blianta 1846, 1856, 1870, 1881 agus 1894
• Thom's Directory don bhliain 1848
• Léarscáileanna Áitiúla
• Grianghraif stairiúla de Ghaillimh
• Daonáirimh 1901 agus 1911 ar mhicreascannán. Tá siad sin ar fáil ar líne ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann National Archives of Ireland
• Chun mionsonraí faoinár mbailiúcháin chartlainne a fháil, féach ár Seirbhís Chartlainne Archives Service
Ár Seoladh
Ceannáras na Leabharlainne
Teach an Oileáin
Bóthar an Phríosúin
Gaillimh
Eire
H91 RYC9
Teileafón, Facs agus Ríomhphost
Teileafón:(+353) (0)91 509388
Ríomhphost: info@galwaylibrary.ie
Tráthanna Oscailte
Luan go hAoine 9.30am go 1.00pm agus 2.00pm go 5.00pm
An gá Coinne a dhéanamh?
Moltar do dhaoine coinne a dhéanamh trí ghlaoch a chur ar 00 353 91 562471 nó trí theachtaireacht a chur le facs chuig 00 353 91 565039. I gcás roinnt ábhar, is gá léitheoirí micreascannáin a úsáid agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le léitheoir micreascannáin a chur in áirithe roimh ré.
Achmainní ar Líne Maidir le Stair na Gaillimhe
Léarscáileanna bunaidh Suirbhéireachta Ordanáis do Ghaillimh
Tá Léarscáileanna 6 Orlach 1842 na Suirbhéireachta Ordanáis do Ghaillimh 1842 Ordnance Survey 6 Inch Maps for Galway ar fáil ar líne anois. Rinne trí eagraíocht an tionscadal seo a choimisiúnú agus ba é an tUas. Rainer Kosbi a rinne an obair. Is iad seo a leanas na heagraíochtaí a bhí i gceist:
• Comhairle Chontae na Gaillimhe
• Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo
• Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
The Down Survey of Ireland
Rinneadh an tsuirbhéireacht seo sa tréimhse 1656-1658 agus is í Down Survey of Ireland an chéad mhionsuirbhéireacht talún riamh ar scála náisiúnta aon áit ar an domhan. Leis an tsuirbhéireacht seo, féachadh le tomhas a dhéanamh ar an méid talún a bhí le forghéilleadh ag na Caitlicigh in Éirinn chun athdháileadh i measc Ceannaí-Amhantraithe agus saighdiúirí Sasanacha a éascú.
Leabhair Logainmneacha na Suirbhéireachta Ordanáis do Ghaillimh
Sa bhliain 1838, coimisiúnaíodh Seán Ó Donnabháin chun logainmneacha na hÉireann a liostú. I gcás gach logainm, liostaigh sé leaganacha malartacha dá ainm, leagan Gaeilge, aistriúchán, suíomh agus tuairisc ghearr. Tá an fhaisnéis seo ar fáil ar líne i mBunachar Sonraí Logainmneacha na Gaillimhe.
Albam Mhuintir Lawrence
Bhí cuid mhór talún ag Muintir Lawrence in oirthear Chontae na Gaillimhe san ochtú haois déag agus sa naoú haois déag; as Lios an Riacháin, ar a dtugtar Lisreaghan nó Belview sa Bhéarla, dóibh agus bhunaigh siad an sráidbhaile darb ainm Lawrencetown.
Is ábhar tábhachtach cartlainne é an tAlbam agus déantar stair iontach an teaghlaigh agus cheantar Lawrencetown a léiriú ann i bhfoirm pictiúr agus téacs. Tá cuid mhór mionsonraí luachmhara ann faoin teaghlach, mar aon le grianghraif de Lawrencetown ag deireadh an naoú haois déag, portráidí teaghlaigh agus radhairc den taobh istigh den teach.
Tá an t-albam ar fáil ina iomláine anois ar láithreán gréasáin Ask About Ireland.
The Galway Reader
The Galway Reader agus Samuel J. Maguire
Ba iris í an Galway Reader a bhíodh á foilsiú ag Leabharlanna Chontae na Gaillimhe idir 1948 agus 1954 agus á cur in eagar ag Samuel J. Maguire, an chéad Leabharlannaí Contae do Ghaillimh, 1926 - 1955.
Is sraith alt atá san iris a scríobh Maguire, den chuid is mó, faoi stair na Gaillimhe agus iad bunaithe ar na foinsí agus na hacmhainní i mbailiúchán staidéar áitiúil na Leabharlainne. Tá cuid mhaith díobh gearr ach an-soléite agus tá sé éasca teacht orthu. Clúdaítear réimse leathan ábhar sna hailt a bhaineann le Contae na Gaillimhe idir dhaoine agus eachtraí cáiliúla, an Gorta Mór agus Cogadh na Saoirse, cúrsaí spóirt agus flóra agus fána.
Is mian le Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe buíochas a ghlacadh le muintir Hawkins as a ndeontas in 2018 i gcuimhne ar Seán Hawkins, a rinne digitiú an fhoilseacháin seo a éascú.
Láithreáin eile a bhaineann le Stair na Gaillimhe
Is suíomh a thugann eolas ar acmhainní atá ar fáil chun taighde a dhéanamh ar do chraobh ghinealaigh é Taighde ar do Chraobh Ghinealaigh.
Eolas ar Logainmneacha na Gaillimhe ar fáil anseo.
Tá eolas ginearálta ar Stair na Gaillimhe ar fáil anseo.
Is bunachar sonraí nuachtáin náisiúnta agus réigiúnach dul siar na céadta bliain é Irish News Archive. Tá nuachtáin na Gaillimhe ar fáil air. Is féidir cuardach a dhéanamh agus freisin brabhsáil de réir teideal agus dáta an nuachtáin.
Leabhair Ar Líne a bhaineann le Stair na Gaillimhe
Tá roinnt leabhar faoi stair na Gaillimhe ar fáil ar líne ag http://www.galway.net/galwayguide/history/. Ina measc, áirítear na leabhair seo a leanas:
• History of Lough Corrib le William R. Wilde
• History of Galway le James Hardiman
• Iar Connaught le Roderick O'Flaherty
• Waterways of Galway le IEI
Nuachtáin Stairiúla na Gaillimhe
Réamhrá
Tá roinnt sean-nuachtán de chuid na Gaillimhe ar fáil i bhformáid dhigiteach ar láithreán gréasáin Chartlann Nuachtáin na hÉireann. Is láithreán síntiúis é seo ach tá sé ar fáil saor in aisce i ngach ceann dár leabharlanna ar ár gcuid PC-anna poiblí.
Tá bailiúchán sean-nuachtán againn ar mhicreascannán freisin. Baineann an bailiúchán leis an tréimhse ón mbliain 1823 go dtí an lá atá inniu ann. Tá na nuachtáin sin liostaithe in ord croineolaíochta ar an láithreán sin.
Bíonn an roinn Staire Áitiúla ar oscailt ó Luan go hAoine, 9.30am go 1.00pm agus 2.00pm go 5.00pm.
Chun an t-ábhar seo a léamh, is gá léitheoirí micreascannáin a úsáid agus is féidir na léitheoirí sin a chur in áirithe roimh ré trí ghlaoch ar 00 353 91 562471 nó trí theachtaireacht ríomhphoist a chur chuig info@galwaylibrary.ie
Liosta Croineolaíoch na Nuachtán i Leabharlann Phoiblí na Gaillimhe
• 1823 go 1843 • 1824 • 1828 go 1833 • 1829 go 1832 • 1832 go 1835 • 1835 go 1839 • 1837 go 1878 • 1839 go 1840 •1841 go 1843 • 1841 go 1899 • 1844 go 1860 • 1845 go 1869 •1852 go 1854 •1853 • 1853 go 1920 • 1859 go 1869 • 1860 go 1861 • 1862 go 1863 • 1871 go 1873 • 1878 go 1892 • 1883 go 1923 • 1884 go 1886 • 1884 go 1896 • 1888 go 1902 • 1889 go 1923 • 1899 go 1901 • 1901 go 1903 • 1904 go 1911 • 1905 • 1905 go 1920 • 1909 go dtí an lá atá inniu ann • 1913 go 1921 • 1921 go 1926 • 1925 go 1966 • 1927 to 1945 • 1936 to 1949 • 1938 go dtí an lá atá inniu ann • 1950 go dtí an lá atá inniu ann • 1984 go dtí an lá atá inniu ann |
Galway Weekly Advertiser Tuam Gazette Western Argus Galway Independent Galway Free Press Galway Patriot Tuam Herald Connacht Journal Galway Standard Galway Vindicator Galway Mercury:A Connacht Weekly Advertiser Western Star Galway Packet: A Connacht Advocate Warden of Galway Galway Express Connacht Patriot Galway Press Galway American Tuam News Western News: A Weekly Examiner Western News: A Weekly Examiner Connacht People: A Ballinasloe Independent Western Advertiser Western Star Galway Observer Western News: A Galway Guardian Western News Connacht Champions Loughrea Nationalist Western News Connacht Tribune East Galway Democrat Western News: A Galway Leader Galway Observer Connacht Sentinel East Galway Democrat Tuam Herald Connacht Sentinel City Tribune[l1] |
Láithreáin Ghréasáin a Bhaineann le Ginealas
Réamhrá
Déileálann cuid mhór de na láithreáin ghréasáin sa liosta seo le blianta sonracha. Maidir leis na cinn nach ndéileálann le blianta sonracha, luaitear i dtosach iad. Maidir leis na cinn a dhéileálann le blianta sonracha, luaitear iad in ord croineolaíoch agus na blianta is luaithe á lua ag barr an liosta. Taispeántar na blianta i ndath dearg ar fud théacs an doiciméid.
Irish Roots
Is láithreán úsáideach é seo d’aon duine de bhunadh na Gaillimhe ar mian leo taighde a dhéanamh faoina gcraobh ghinealaigh. Clúdaíonn sé gach contae in Éirinn agus is seirbhís saor in aisce í.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann National Library of Ireland. Tá treoir ghinearálta maidir le taighde a dhéanamh faoi do chraobh ghinealaigh ar fáil ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Leathanach an Irish Times maidir le Sinsir. Is uirlis chuardaigh é seo a threoraíonn an t-úsáideoir chuig ábhair atá ar fáil agus chuig an áit ina bhfuil teacht ar na hábhair sin. Den chuid is mó, cuirfear thú chuig acmhainní nach bhfuil ar fáil ar an idirlíon. Sna cásanna sin, déanfar na seoltaí geografacha ina bhfuil na hacmhainní sin suite a sholáthar. Leagann an láithreán béim ar an méid seo a leanas: ‘Iarrtar ort a bheith soiléir: tagairtí bibleagrafaíochta go formhór atá sna tagairtí a aimsítear le cuardach agus ní áirítear na taifid bhunaidh iontu – i bhfocail eile, is áiseanna mionsonraithe iad a chuidíonn le taighde a dhéanamh seachas an taighde é féin’). Láithreán síntiúis atá ann agus cosnaíonn sé $60 chun cuardaigh iomlána a dhéanamh.
Ireland Reaching Out Ireland Reaching Out. An clár náisiúnta ginealais aisiompaithe. Ag iarraidh 70 milliún duine de diaspóra na hÉireann a mhealladh ar ais chuig a n-áit dúchais in Éirinn.
Immigrant Ships Transcribers Guild. Is bunachar sonraí inchuardaithe é seo ina bhfuil taifead ar leathmhilliún paisinéirí a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe sa tréimhse ó na 1600-idí suas go dtí an bhliain 1929.
Cláir na mBreitheanna, na mBásanna agus na bPóstaí
Tá taifid eaglaise agus roinnt taifead sibhialta ar fáil ag http://rootsireland.ie. I measc na dtaifead eaglaise áirítear taifid bhaiste agus taifid phósta. Baineann an chuid is mó díobh leis an tréimhse siar go dtí blianta na 1840-idí. Tá taifid níos túisce ná sin ag roinnt paróistí. Tá taifid shibhialta, a théann siar go dtí an bhliain 1864, á gcur isteach sa láithreán faoi láthair. Ina measc sin, áirítear taifid a bhaineann le baisteadh, pósadh agus bás. Is láithreán síntiúis é seo.
Tá taifid eaglaise agus taifid shibhialta ar fáil ag http://www.familysearch.org freisin agus tá teacht ar an láithreán seo saor in aisce. Tá obair ar siúl fós sa láithreán seo agus níl na taifid ar fad san áireamh ann.
Agus is féidir leat fótachóipeanna de thaifid shibhialta (a théann siar go dtí a bhliain 1864) a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin ag http://www.groireland.ie
• Tá taifid teampaill de chuid na hEaglaise Caitlicí san áireamh i mbailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Baineann siad sin leis an tréimhse roimh an mbliain 1880.
• Tugann an Phríomh-Oifig Chlárúcháin cuntas ar a bailiúchán clár sibhialta nó stáit civil or state registers ina gclúdaítear an tréimhse ón mbliain 1864 go dtí an lá atá inniu ann.
• Clúdaíonn Cláir Eaglais na hÉireann Church of Ireland registers an tréimhse ón mbliain 1750 go dtí an lá atá inniu ann.
Eolairí Trádála
Tá siad seo ar fáil ó 1751 go 1894. Liostaíonn siad úinéirí gnóthaí i lárionaid uirbeacha. Níl siad ar fáil ar an Idirlíon ach is féidir rochtain a fháil orthu ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Cartlann Náisiúnta na hÉireann – Bunachar Sonraí na dTaifead a bhaineann le Díbirt
Is bunachar sonraí inchuardaithe é seo a bhaineann le coirpigh a díbríodh chun na hAstráile idir na blianta 1788 agus 1868 go huile.
Leabhair Chionroinnte Deachúna
Tiomsaíodh iad seo idir na blianta 1823 agus 1837. Liostaítear áititheoirí gabháltas talún i bparóistí tuaithe. Tá na Leabhair Chionroinnte Deachúna ar fáil ag http://www.genealogy.nationalarchives.ie freisin.
Comhad Sonraí maidir le Taifid Liostaí Paisinéirí an Ghorta Mhóir Is bunachar sonraí inchuardaithe é seo ina liostaítear 604,596 dhuine a chuaigh go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá idir mí na Nollag 1846 agus mí na Nollag 1851.
Luacháil Uí Ghríofa
Tiomsaíodh é seo idir na blianta 1848 agus 1864 agus liostaíonn sé na háititheoirí maoine uile a raibh cónaí orthu in Éirinn an tráth sin. Ba é an Luacháil Phríomha an chéad luacháil lánscála a rinneadh riamh ar mhaoin in Éirinn. Ba é Richard Griffith a rinne maoirseacht uirthi agus foilsíodh í idir na blianta 1847 agus 1864. Tá sé i measc na n-acmhainní ginealais is tábhachtaí de chuid an 19ú haois dá bhfuil ar marthain fós.
Taifid Oileán Ellis
Liostaíonn sé seo gach duine a chuaigh trí Oileán Ellis idir na blianta 1892 agus 1924. Láithreán inchuardaithe atá ann.
Daonáirimh 1901 agus 1911
Liostaíonn sé seo gach duine ar a raibh cónaí in Éirinn sna blianta sin. Tá daonáirimh 1901 agus 1911 ar fáil anseo here.
Commonwealth War Graves Commission's Debt of Honour List
Is bunachar sonraí inchuardaithe é seo ina bhfuil ainmneacha shaighdiúirí uile an Chomhlathais a fuair bás le linn an dá Chogadh Dhomhanda. Meastar gur maraíodh 35,000 Éireannach sa Chéad Chogadh Domhanda le linn dóibh a bheith ag fónamh in arm na Breataine. Tá faisnéis faoi Fhiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear uaigheanna cogaidh a aimsiú, le fáil anseo
Treoir Maidir le Stair & Taighde Teaghlaigh
Is é is aidhm don treoir seo ná cabhrú le staraithe teaghlaigh agus taighdeoirí amaitéaracha ginealais le linn dóibh taighde a dhéanamh. Luaitear inti an príomhábhar foinse agus an t-ábhar tánaisteach foinse is úsáidí dóibh siúd atá ag cur tús le cuardach ar a sinsir. Leagtar béim inti ar aon ábhar atá ar fáil i Leabharlanna Contae na Gaillimhe agus i gCartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Teach an Oileáin, Gaillimh. Tá an treoir leagtha amach go formhór i bhfoirm liosta de na haicmí taifid in ord a bhfóinteachta. Ina dhiaidh sin, déantar aon fhoroinnt is gá a eagrú in ord croineolaíoch. Cliceáil anseo chun féachaint ar an Treoir maidir le Stair Teaghlaigh agus Taighde Ginealais.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte