Réamhrá
- Naisc ábhartha eile
- Spóirt Sonraí
- Spóirt Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Réamhrá
Tá traidisiún saibhir ag Contae na Gaillimhe i spórt, saorálaíochas agus rannpháirteachas sa phobal áitiúil agus tá bunú Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt ina fhachtóir tábhachtach i bhforbairt a dhéanamh ar spórt, caitheamh aimsire agus gníomhaíocht fhisiciúil amach anseo. Bainfidh CAS Co. na Gaillimhe leas as fuinneamh na ngníomhaireachtaí áitiúla, na gcomhlachtaí spóirt, agus an phobail chun ceannaireacht agus comhordú a dhéanamh ar an bhforbairt seo agus chun rannpháirteachas i spórt, caitheamh aimsire agus gníomhaíocht fhisiciúil a mhéadú sa chontae.
Tá Contae na Gaillimhe uathúil ar go leor bealaí. Mar gheall ar a dhaonra, a phróifíl geografach, agus a thraidisiúin chultúrtha doimhne agus go deimhin na limistéir bhuntáiste laistigh den chontae tá go leor dúshlán le sárú. Léirítear iad siúd i méid agus éagsúlacht an chontae, a chuid pobal tuaithe agus oileáin, limistéar Ghaeltachta móra chomh maith le bailte Clár agus RAPID. Ach trí spiorad comhoibrithe agus rannpháirteachas pobail, trína thraidisiún spóirt agus a chuid acmhainní nádúrtha saibhre, is féidir leas a bhaint as na dúshláin seo mar fhíordheiseanna chun spórt agus caitheamh aimsire a mhéadú agus a fhorbairt mar shlí maireachtála laethúil i gContae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte