An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
Is é an dáta deiridh chun glacadh le foirmeacha iarratais comhlánaithe ná Dé hAoine an 28ú Feabhra 2025
Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar son An gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC), roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail agus deonacha neamhbhrabúis laistigh de cheantar riaracháin Chontae na Gaillimhe faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2025. Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil.
Riarfaidh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe an maoiniú caipitiúl seo a leanas faoin gClár:
- €175,000: tacóidh an Ciste Ginearálta le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, agus/nó chun trealamh a cheannach le haghaidh úsáid an phobail.
- €30,515: tá an maoiniú imfhálaithe seo chun tacú le líon méadaitheach na gClubanna agus na nGrúpaí Ban ar fud na tíre, m.sh. Seideanna na mBan, Grúpaí Spóirt na mBan, agus líonraí sóisialta eile ar nós grúpaí ICA, agus araile.
Cuideoidh an CFÁ le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste chun obair riachtanach dheisiúcháin agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, trealamh a cheannach, mar shampla, boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, ceannbhrait agus trealamh oiliúna etc. Chomh maith lena gcostais reatha gan phá, mar shampla, costais fuinnimh (costais leictreachais, táillí bruscair, muirir téimh) nó costais oibriúcháin eile gan phá mar shampla costais chíosa/léasa, billí árachais.
Faoin gclár, déanfaidh CFPÁ Chathair na Gaillimhe cuid den mhaoiniú a imfhálú chun deontais bheaga chaipitil €1,000 nó níos lú a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas líon níos mó grúpaí a bhfuil acmhainní teoranta acu maoiniú a fháil.
Tá an scéim leagtha amach chun a chinntiú go ndéanfar tosaíochtaí áitiúla a aithint agus a chur i gcrích, d’fhonn áiseanna pobail a fheabhsú do gach duine agus d’fhonn cur leis na háiseanna pobail sin. Ba chóir go mbainfeadh iarratais le príomhcheantar tosaíochta amháin nó níos mó mar a aithnítear i bPlean Pobail agus Eacnamaíochta Áitiúil Chathair na Gaillimhe 2024 – 2029 atá le fáil ar líne ag
Ba cheart d’iarratasóirí cur isteach ar ár gcóras deontas ar líne ag https://galwaycoco.submit.com/
Treoirlínte don Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025
Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach le do thoil ar an nasc seo a leanas leis an bpreseisiúint ag fógairt an Chláir Feabhsúcháin Áitiúil 2025 ar an leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries TD, agus ag an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien T.D. Preasráiteas
Local Enhancement Programme is funded by the Department of Rural and Community Development.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte