An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte (TVRS)
Tá an Scéim (TVRS) deartha chun tacú le hathbheochan na tuaithe in Éirinn trí fhócas athnuaite ar théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta i
lár an bhaile agus ar athghiniúint.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoiníonn an ScéimAthnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus na hÚdaráis Áitiúla achuireann i bhfeidhm í a oibríonn go dlúth le pobail agus gnólachtaíáitiúla chun tograí bunaithe ar áit a fhorbairt a d'fhéadfadh tioncharbuan a bheith acu in athbheochan bailte agus sráidbhailte tuaithe.
I measc na ngníomhaíochtaí a bhreithnítear faoin Scéim tá:
- tionscadail a chuireann foirgnimh fholmha agus thréigthe in úsáid arís mar spásanna pobail ilfheidhme nó mar mhoil chianoibre;
- infheistíocht i bhforbairt páirceanna, spás glas, agus taitneamhachtaí áineasa i lár bailte agus sráidbhailte, pláis, margaí, nó scrúdú a dhéanamh ar shuíomhanna oiriúnacha;
- athchóiriú ar áiseanna agus ionaid phobail atá ann cheana féin;
- tionscadail chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe ar oileáin áitrithe amach ón gcósta de chuid na Gaillimhe;
- tionscadail inbhuanaithe nó cinn a chuimsíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra;
- tionscadail a dhíríonn ar inrochtaineacht do chách agus uilechuimsitheacht.
D’fhéadfadh go n-áireofaí sa Scéim freisin Bearta Feabhsaithe Sráid-dreacha chun aghaidheanna sráide a fheabhsú, agus Bearta Forbartha Tionscadail le haghaidh gníomhaíochtaí atá fós ag an gcéim phleanála.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar ár dTreoirlínte Faisnéise:
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Forbartha Tuaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh ceisteanna ginearálta nó chun am a shocrú chun do thogra a phlé ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: tandv@galwaycoco.ie
Teil: 091 509396 agus 091 509334
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte