Tacaíocht Ghnó
- Naisc ábhartha eile
- Tacaíocht Ghnó
- Straitéis Turasoireachta Chontae na Gaillimhe
Tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le gnó ag an leibhéal áitiúil trí sheirbhísí tacaíochta a chur ar fáil sna réimsí seo a leanas:
- Pleanáil/Sábháilteacht Dóiteáin
- Bóithre
- Uisce
- Rátaí agus seirbhísí comhshaoil
- Léarscáiliú Digiteach / Córais Faisnéise Geografaí
- Margaíocht & Cur Chun Cinn
- Turasóireacht agus limistéir taitneamhachta & áineasa
Is é ról an údaráis áitiúil ná an Contae a chur chun cinn mar láthair infheistíochta.
Mionsonraí maidir le Seirbhísí Údaráis Áitiúil le haghaidh Gnó
Oifig Fiontair Áitiúil
Oibríonn Comhairle Chontae na Gaillimhe Oifig Fiontair Áitiúil a chuireann an tacaíocht airgeadais agus neamh-airgeadais seo a leanas ar fáil do mhicrifhiontair atá lonnaithe i gContae na Gaillimhe.
- Tacaíocht airgeadais díreach chuig micreaghnóthais*. (Gnóthais le 10 bhfostaí nó níos lú atá i Micreaghnóthais.)
- Comhairle ar an raon roghanna éagsúla ar mhaoiniú atá ar fáil.
- Faisnéis maidir le gnó, seirbhísí comhairle agus tacaíocht fiontair.
- Oiliúint ardcháilíochta chun riachtanais do ghnó a chomhlíonadh, lena n-áirítear; Do Ghnó Féin a Chur ar Bun, Do Ghnó a Bhainistiú e.g. Margaíocht, Díolachán, Bainistiú Airgeadais, Straitéis agus Pleanáil Ghnó.
- Seirbhísí meantóireachta duitse agus do do ghnó le saineolaithe a bhfuil taithí acu.
- Treoir maidir leis na seirbhísí is ábhartha chun do ghnó a fhás agus a fhorbairt.
- Naisc leis na hacmhainní cuí Stáit le haghaidh do ghnó, ina measc gníomhaireachtaí ábhartha mar;An Roinn Coimirce Sóisialaí: Tacaíochtaí Fiontair, Micrea-Airgeadas Éireann: Iasachtaí Gnó, Ioncam: Scéim Síolchaipitil, Boird Oideachais agus Oiliúna: Cúrsaí Gnó, Oifig Athbhreithnithe Creidmheasa: Sa chás gur dhiúltaigh do bhanc creidmheas a thabhairt
- Bealaí dul chun cinn do chuideachtaí ardchumais chuig Fiontraíocht Éireann.
- Comhairle maidir le maoin áitiúil mar réiteach do ghnó nuathionscanta agus do leathnuithe gnó.
- Imeachtaí fiontair.
- Líonrú éifeachtach gnó.
- Oideachas fiontraíochta sa phobal áitiúil.
Tugann ár láithreán gréasáin https://www.localenterprise.ie/galway rochtain ar fhaisnéis ar líne faoinár gcuid tacaíochtaí agus seirbhísí.
Pleanáil
Tá na haonaid seo a leanas mar chuid den Rannóg Pleanála;
- Pleanáil chun cinn ina leagtar amach an creat pleanála, lena n-áirítear an Plean Forbartha Contae agus na Pleananna Ceantair Áitiúla. Leagtar amach sna doiciméid sin na beartais le haghaidh forbartha agus déantar foráil do chriosú talún nuair is cuí sin.
- Bainistiú Forbartha a thugann breitheanna ar iarratais phleanála agus ar iarratais ar dhíolúintí pleanála chomh maith le cruinniú réamhphleanála i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe a éascú.
- Forfheidhmiú a bhreithníonn gearáin i ndáil le forbairt agus a dhéanann gníomh ar bith is gá leis maidir le forbairt neamh-údaraithe nó neamh-chomhlíonadh le coinníollacha ceada pleanála.
- Déanann rialú foirgníochta monatóireacht ar chomhlíonadh leis na caighdeáin agus rialacháin foirgníochta, ina measc ceisteanna mar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas, etc.
Tá foirmeacha iarratais pleanála, liostaí iarratais seachtainiúla, tuairiscí pleanála, Pleananna Ceantair Áitiúla agus píosaí comhairle a bhaineann le pleanáil ar fáil ón dá Chomhairle. Tá an doiciméadúchán seo ar fáil ar láithreáin ghréasáin an dá Údarás Áitiúil.
Sábháilteacht ó Dhóiteáin
Seans go n-éileofaí ar aon fhoirgneamh nó áitreabh a tógadh nó a ndearnadh athrú mór air nó a athraíodh go mór an úsáid a mbaintear as ó mhí Iúil 1992, an tAcht um Rialú Foirgníochta 1990 a chomhlíonadh, agus mar sin, seans go mbeadh Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteáin de dhíth air. An tÚdarás Áitiúil amháin atá in ann Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteáin a eisiúint.
Bóithre
Rannóg Bóithre na Comhairle a thugann aire do dhearadh bóithre, tionscadail bóithre áitiúla agus cothabháil ghinearálta. An rannóg bóithre freisin a eisíonn ceadúnais le haghaidh bóithre a oscailte, ualaigh troma agus scafalra a chur in airde.
Uisce
Tá feidhmeanna agus freagrachtaí uisce Chomhairle Chontae na Gaillimhe á ndéanamh ag Uisce Éireann, an tÚdarás Náisiúnta Seirbhísí Uisce, ón 1/1/2014. Ón 29/4/2014 is é Uisce Éireann a gheobhaidh gach fiosrúchán maidir le seirbhísí uisce. Tá sonraí teagmhála d’Uisce Éireann le fáil anseo. Leanfaidh an tÚdarás Áitiúil ar aghaidh ag déileáil le fiosrúcháin maidir le ceangail nua agus le grúpscéimeanna uisce ach caithfear gach ceist faoi ghnáth-oibríochtaí a chur ar Uisce Éireann, ar an teileafón, ag 1890 278 278.
Rátaí
Is éard is rátaí tráchtála ná cáin bunaithe ar mhaoin a ghearrann Údaráis Áitiúla ar áititheoirí maoine tráchtála nó tionsclaíoch. Baintear úsáid as an ioncam a fhaightear amhlaidh chun seirbhísí áitiúla a mhaoiniú, ina measc cosáin, soilse, clóis súgartha agus áiseanna spóirt.
Seirbhísí Timpeallachta
An Rannóg Timpeallachta den Chomhairle atá i bhfeighil ar chaitheamh bruscair agus fhorfheidhmiú timpeallachta, bruscar agus athchúrsáil, rialacháin dramhaíola, cáilíocht aeir agus uisce agus ceadúnú chun cosaint a thabhairt in aghaidh truailliú aeir agus scaoileadh uisce. Bíonn Maoir Phobail ag obair/i dteagmháil le Rannóg Timpeallachta na Comhairle maidir le monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht timpeallachta agus ar Rialacháin mar shampla an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, an tAcht um Thruailliú Uisce, an tAcht um Aeir, na Rialacháin um Phlaistigh Feirme, Láithreáin Thréigthe, Fodhlíthe, etc. Cabhraíonn na Maoir le feachtais agus bearta feasachta timpeallachta a chur chun cinn sna scoileanna agus sna pobail áitiúla.
Léarscáiliú Digiteach / Córais Faisnéise Geografaí (GIS)
Cuireann an Chomhairle raon seirbhísí Léarscáilithe Digitigh ar fáil. Cuireann na Córais Faisnéise Geografaí seo sonraí “léarscáilithe” ar fáil, agus mar sin ní gá do dhaoine cuairt a thabhairt ar Halla na Cathrach chun féachaint ar chruachóipeanna de léarscáileanna páipéir. Tá sonraí déimeagrafacha de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ar fáil ó na hÚdaráis Áitiúla freisin. - Féadfaidh sin cabhrú le gnóthaí a bhfuil déimeagrafaic de dhíth orthu agus iad ag ullmhú pleananna gnó.
Margaíocht & Cur Chun Cinn: Spás Fiontraíochta/Déanta i nGaillimh/Páirceáil
Tá an Chomhairle freagrach as ceadúnais mhargaidh a bhainistiú sna Bailte i nGaillimh. Tá roinnt spáis lamháltais díolacháin ag an gComhairle in áiteanna éagsúla sa Chontae.
Is éard is aidhm leis an tionscnamh Déanta i nGaillimh an raon táirgí ardcháilíochta atá ar fáil i nGaillimh a chur chun cinn. Áirítear air sin eolaire ar líne de tháirgeoirí/ seónna trádála/ taispeántais i nGaillimh, chomh maith le tionscnaimh eile chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo táirgí a ndéantar i nGaillimh a cheannach.
Cuireann an Chomhairle spásanna páirceála poiblí ar fáil sna bailte i nGaillimh agus tugann aire dóibh.
Turasóireacht/Limistéir Áineasa
Cuireann an Chomhairle Chontae maoiniú díreach ar fáil do thionscnaimh fiontair ina limistéir faoi seach. D’fhéadfadh tacú le himeachtaí/féilte, forbairt ar infreastruchtúr, tacú le fiontar/gníomhaíochtaí eacnamaíocha, a bheith i gceist leis sin.
Pointe Aonair Teagmhála do Ghnó
Feidhmíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe pointe aonair teagmhála do ghnó chun cabhrú leat teacht ar an duine is ábhartha san eagraíocht le do cheist a láimhseáil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte