An Óige
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Aláram Deataigh
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
Soláthraíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe riar tacaíochtaí óige
Comhairle na nÓg
Is comhairlí leanaí agus óige i 31 údarás áitiúil sa tír iad Comhairle na nÓg, agus tugtar deis do leanaí agus do dhaoine óga lámh a bheith acu i bhforbairt seirbhísí agus beartais áitiúla.
Comhairlí Áitiúla
Tá sé Chomhairle Áitiúla ann – Béal Átha na Sluaighe, Baile Locha Riach, Órán Mór, Tuaim agus Conamara (Conamara Thuaidh a chlúdaíonn lucht na Galltachta agus Conamara Theas a chuimsíonn pobal na Gaeltachta). Oibríonn 'Obair d'Ógra Éireann na Gaillimhe' leis na daoine óga chun a chinntiú go bhfuil taithí dhearfach acu agus go dtugtar cúnamh dóibh ina gcruinnithe Coiste
Coiste An Chontae
Le cois na gcoistí áitiúla, buaileann coiste an chontae le chéile uair amháin sa mhí, ar an Satharn de ghnáth. Roghnaítear baill an choiste chun ionadaíocht a dhéanamh dá gceantar áitiúil ar an gcoiste seo. Déanann an coiste plé ar ‘Saincheist Chontae’. Ina theannta sin, glacann siad páirt i gcomhairliúchán náisiúnta agus déanann siad freastal ar roinnt imeachtaí náisiúnta agus áitiúla. Bhí baint ag corrbhall anuraidh le comhairliúchán náisiúnta i ndáil le hathruithe ar an Teastas Sóisearach.
Tionólann Comhairle na nÓg, Contae na Gaillimhe, Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM) gach bliain. Ag an gCruinniú Cinn Bhliana, cuirtear an dul chun cinn a bhíonn déanta ar na saincheisteanna a aithníodh ag cruinniú na bliana roimhe sin i láthair agus caitheann na daoine a bhíonn i láthair vóta ar an ábhar don bhliain ina dhiaidh sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chomhairle na nÓg tabhair cuairt ar www.comhairlenanog.ie nó www.facebook.com/CountyGalwayComhairlenanOg
Dáil na nÓg
Is í Dáil na nÓg Parlaimint Óige na hÉireann. Tugann sí deis do dhaoine óga tuairimí na ndaoine atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a chur in iúl go náisiúnta, agus athruithe a iarraidh chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine óga in Éirinn. Déantar an t-aos óg a thoghadh ar Dháil na nÓg trí Chomhairlí na nÓg áitiúla. Ainmnítear ionadaí amháin ó gach Comhairle ar Chomhairle Dháil na nÓg. Déanann siad plé ar mholtaí ón Dáil agus déanann siad a ndícheall athruithe a dhéanamh le haghaidh an ógra sna réimsí sin.
Más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil i dtaobh Dháil na nÓg, téigh ar líne chuig www.dailnanog.ie.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte