Bród na Gaillimhe 2018 Le linn Sheachtain Bhród na Gaillimhe an 13 - 19 Lúnasa 2018, chuir Leabharlanna Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe Sláintiúil roinnt seastán ar fáil i leabharlanna ar fud Chontae na Gaillimhe. Cuireadh réimse nua leabhar ar fáil do Dhaoine Óga LGBTI+ mar aon le heolas ó Obair d'Ógra Éireann na Gaillimhe & BeLong To ar imeachtaí nó ar chláir éagsúla LGBT atá ar siúl sa chontae. Cuireadh Brat an Bhróid in airde ar feadh na seachtaine taobh amuigh d'Fhoirgnimh an Chontae den chéad uair riamh.
Pobal LGBTI+ na Gaillimhe Chun tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí a bheidh ar siúl ag Pobal LGBTI+ na Gaillimhe, téigh chuig www.amachlgbt.com. Tá Teach Solais, an tIonad Acmhainní Pobail, lonnaithe ag 1 Plás Victoria, Bóthar na gCeannaithe, Gaillimh. Chun tuilleadh eolais a fháil seo ríomhphost chuiginfo@amachlgbt.com LGBTI+ Youth Cuireann Shout Youth Work Galway cruinnithe ar siúl do LGBTI+ Youth agus a gCairde - bíonn an cruinniú do dhaoine idir 13-17 mbliana déag d'aois ar siúl gach Dé Sathairn, agus bíonn an cruinniú do dhaoine idir 18-25 bliana d'aois ar siúl an chéad trí Mháirt de gach mí ag Obair d'Ógra Éireann 41-43, Cnoc na Radharc, (Gar don Fhaiche Mhór). Chun tuilleadh sonraí a fháil cuir glaoch ar 087 7738529 nó seol ríomhphost chuig shout@youthworkgalway.ie. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Forbairt Tuaithe na Gaillimhe ag obair le hObair d'Ógra Éireann, Gaillimh faoi láthair chun ceardlanna feasachta LGBTI+ a chur ar fáil i meánscoileanna ar fud Chontae na Gaillimhe agus cuirfear tús leo i mí Mheán Fómhair 2018. Cuireann Seirbhísí Óige BeLong tacaíocht agus eolas ar fáil do Dhaoine Óga LGBTI+ taobh amuigh de Ghaillimh. Tugann siad tacaíocht do Ghrúpaí Óige ar fud na tíre inar féidir le Daoine Óga LGBTI+ bheith ar a gcompord, aithne a chur ar dhaoine nua nó eolas a lorg. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil trí ghlaoch a chur ar 01 6706223 nó trí chuairt a thabhairt ar www.belongto.org . LGBTI+ Straitéis Óige Náisiúnta Sheol an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, TD LGBTI+ Straitéis Óige Náisiúnta 2018-2020 an 29 Meitheamh 2018. (LGBTI+ Straitéis Óige Náisiúnta) Tá an straitéis seo ar an gcéad cheann dá leithéid in Éirinn agus ar domhan agus glacadh léargais na mílte duine óg agus na ndaoine a bhíonn ag obair in éineacht leo agus ar a son san áireamh agus í á dréachtú. Tá 14 duine óg tiomanta i nGrúpa Comhairleach Óige na Straitéise agus chuir siad le forbairt na Straitéise agus chruthaigh leagan den Straitéis atá báúil le daoine óga i bhfoirm físeáin. Is Straitéis trí bliana í seo atá dírithe ar ghníomhú agus is é an Misean atá aici a chinntiú go mbeidh daoine óga LGBTI+ infheicthe, ardmheas orthu agus curtha san áireamh. Gealltar inti go ndéanfar cur chuige trasrialtais a chinntiú chun bearta breise a chur i bhfeidhm le barr feabhais breise a chur ar shaol daoine óga LGBTI+ agus dul i ngleic le cuid de na príomhdhúshláin a bhíonn rompu mar chuid dá saol laethúil. Cuirfidh an Straitéis go mór le gealltanais níos fairsinge an Rialtais chun leanúint le bheith meáite ar chuimsiú iomlán daoine LGBTI+ i sochaí na hÉireann agus chun Éire níos cuimsithí a chruthú.
LGBTI+ Straitéis Óige Náisiúnta
|
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte