Lánpháirtíocht
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Aláram Deataigh
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
Straitéis Lánpháirtiochta agus Éagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2013 – 2017
Sa bhliain 2009, fuair Comhairle Contae na Gaillimhe, tríd an Aonad um Lánpháirtíocht Shóisialta, maoiniú ó Oifig an Aire Lánpháirtíochta (OPMI) le dul i ngleic leis na hathruithe suntasacha déimeagrafacha seo agus le tógáil ar fhreagairt agus ar thograí áitiúla a bhí ar bun cheana le sochaí níos comhtháite a chruthú. Leis an tacaíocht seo, chabhraigh Cuideachta Forbartha Tuaithe na Gaillimhe le Grúpa Straitéise Idirghníomhaíochtaí le réimse leathan a bhunú, le maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt an Straitéis Lánpháirtíochta seo. Mar gur próiseas dhá threo í an lánpháirtíocht, tá an Straitéis ann do gach duine atá ina gcónaí agus/nó ag obair i gContae na Gaillimhe, le haird ar leith ar lánpháirtíocht na bpobal ó mhionlaigh eitneacha.
Straitéis Lánpháirtiochta agus Éagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2013 – 2017
Straitéis Lánpháirtiochta agus Éagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2013 – 2017 Achoimre Fheidhmea
Fóram Idirchultúrtha Chontae na Gaillimhe
Cuireadh Fóram Idirchultúrtha Chontae na Gaillimhe ar bun in 2011. Tugann sé deis do dhaoine i bpobal na n-inimirceach i gContae na Gaillimhe oibriú le chéile, cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile i dtaobh saincheisteanna atá tábhachtach agus ábhartha dóibh. Tá ionadaithe ón bpobal inimirceach ó áiteanna éagsúla i gContae na Gaillimhe ar an bhFóram. Tá sé mar aidhm ag an bhFóram bheith ina mhodh chun pobal cuimsitheach tacúil idirchultúrtha a fhorbairt.
Seo a leanas aidhmeanna eile an Fhóraim:
- Faisnéis a thabhairt do phobail inimirceacha i gContae na Gaillimhe
- Nasc a sholáthar idir a bpobal féin agus muintir na háite
- Tuairimí na bpobal inimirceach faoi chúrsaí beartais sa chontae a chur chun cinn, agus
- Spás a chur ar fáil inar féidir le heagraíochtaí ábhair spéise a chur i láthair agus pobail imirceacha a chur ar an eolas faoi fhorbairtí sa chontae.
Téigh i dteagmháil le Anne Mallaghan ar 091 509576, nó cuir ríomhphost chuig amallaghan@galwaycoco.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi Fhóram Idirchultúrtha Chontae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte