Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Aláram Deataigh
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
Céard is Cuimsiú Sóisialta ann?
Is éard is Cuimsiú Sóisialta ann cinntiú go mbíonn an deis chéanna ag gach duine sa tsochaí dea-cháilíocht beatha a bheith acu.
Baineann sé leis seo a leanas:
- Caitheamh mar an gcéanna le gach duine beag beann ar a gcúlra
- Cinntiú go mbíonn cothroime rochtana ag daoine ar earraí agus ar sheirbhísí
- Bacainní a bhaint agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd a mbíonn sé ag teastáil uathu níos mó, mar shampla, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, an lucht siúil, daoine dífhostaithe agus araile
- Acmhainní a chur ar fáil le haghaidh na ngnóthaí is práinní
- Dul i ngleic le leithcheal
- Dearcthaí agus modhanna oibre a athrú.
Céard is Eisiamh Sóisialta ann?
Seo a leanas roinnt samplaí nuair is féidir le daoine nó le pobail mothú nach bhfuil siad á gcur san áireamh:
- Gan a bheith páirteach i ndéanamh cinntí go háitiúil
- Gan deis a bheith acu a bheith páirteach
- Gan tuiscint a bheith acu, mar shampla, deacracht le léamh cáipéisí
- Gan rochtain a bheith acu – gan cumas fisiciúil a bheith acu dul isteach i seomra nó i bhfoirgneamh ar an gcaoi chéanna le gach duine eile
- Daoine ag caitheamh go difriúil leat de bharr aoise, cine, creidimh, rogha pholaitíochta, claonadh gnéis, stádas pósta (an tAcht um Stádas Comhionann agus an tAcht Fostaíochta, 2000).
- Bacainní a bheith ann a chuireann cosc ar pháirteachas
- Gan dóthain acmhainní a bheith acu a bheith páirteach.
Cé atá i mBaol gan a Bheith san Áireamh?
Is minic a dhéantar tagairt do dhaoine a eisiatar go sóisialta mar spriocghrúpaí. Seo a leanas roinnt samplaí de na grúpaí atá i mbaol na bochtaineachta agus eisiamh sóisialta:
- Teaghlaigh ina bhfuil tuismitheoir amháin
- Daoine scothaosta
- Páistí agus daoine óga
- Daoine faoi mhíchumas
- An lucht dífhostaithe nó an lucht tearcfhostaithe
- Daoine den lucht siúil
- Daoine gan dídean
- Daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nó i gceantair uirbeacha ar chúiseanna éagsúla
- An lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach (LGBT)
- Spailpíní fánacha agus grúpaí mionlach eitneach
- Daoine nach bhfuil mórán oideachais orthu nó a bhfuil easpa scileanna fónta litearthachta acu
- Inscne, is é sin le rá go bhféadfadh fir agus mná bheith faoi eisiamh ar chúiseanna éagsúla.
Más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi chuimsiú sóisialta, breathnaigh ar shuíomh gréasáin an Rannáin um Chuimsiú Sóisialta
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte