Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Aláram Deataigh
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
Le chéile www.gov.ie/together
Tá scaipeadh COVID-10 (An Coróinvíreas) tagtha gan choinne agus dúshlánach. Tá saol agus gnáthamh laethúil gach duine curtha as riocht ag na bearta atá tugtha isteach chun stad a chur le scaipeadh an víris agus muid ar fad a choinneáil slán.
Ní nach ionadh tá imní agus brú ar dhaoine i láthair na huaire ach tá go leor nithe is féidir linn a dhéanamh chun cuidiú linn aire a thabhairt don mheabhairshláinte.
Tá comhairle agus nodanna go leor le fáil anseo ar bhealaí le haire a thabhairt do do mheabhairshláinte, le coinneáil ag imeacht agus ceangailte le daoine. Cuimsítear ar Le Chéile réimse mór gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh sa bhaile nó i do cheantar féin, asat féin nó ar líne in éineacht le daoine muinteartha nó cairde leat. Tá smaointe agus gníomhaíochtaí ann do dhaoine de gach aois.
D’fhéadfadh go bhfuil níos mó imní ar dhaoine ná a chéile faoi láthair agus go mbeadh cúnamh breise ag teastáil uathu ar an bhfón nó ar líne.
Beag beann ar a bhfuil ag tarlú agus tú leat féin, fanaimis i dteagmháil lena chéile agus tiocfaimid tríd, le chéile.
Tá sé tábhachtach coinneáil ag imeacht le linn na tréimhse seo agus tá naisc agus acmhainní thíos a chuideoidh leat a bheith sláintiúil agus gníomhach le linn an ama seo.
Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe www.galwayactive.ie
Age and Opportunity www.ageandopportunity.ie
Croí www.croi.ie
Siel Bleu Ireland www.sielbleu.ie
Brat Scoile Gníomhaí www.activeschoolflag.ie
Operation Transformation www.ot.rte.ie
First Five www.first5.gov.ie
Tá sé deacair aiste bia maith a ithe nuair nach bhfuilimid sa ghnáthamh a bhíonn againn de ghnáth. Gheobhaidh tú roinnt naisc úsáideacha thíos a chuideoidh leat an chothromaíocht a bhaint amach.
Safefood www.safefood.eu
Operation Transformation www.ot.rte.ie
Ag am seo na neamhchinnteachta, tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aire don mheabhairshláinte. Tá acmhainní thíos atá ábalta cuidiú linn an ceann is fearr a fháil ar an meabhairshláinte agus aire a thabhairt di le linn na paindéime seo.
Meabhairshláinte Éireann www.mentalhealthireland.ie
Sput Out www.spunout.ie
GROW www.grow.ie
Maidir le ‘Éire Shláintiúil’
Tionscnamh de chuid an Rialtais atá in Éire Shláintiúil trína bhféachtar le sochaí a chruthú in Éirinn ina mbeadh taitneamh as sláinte colainne agus meabhrach ag an uile dhuine agus ina mbíonn aird ar mhaitheas an duine agus cúram á dhéanamh de ar fud na sochaí.
Tháinig Éire Shláintiúil chun cinn mar gheall ar ábhar buartha maidir le stádas reatha shláinte mhuintir na hÉireann – lena n-áirítear pátrúin maidir le stíleanna maireachtála agus éagothroime maidir le cúrsaí sláinte – nach dtiocfadh dá dtoradh san am atá romhainn ach pobal chomh mífholláin agus go mbeidís i gcontúirt gur dócha nach bhféadfaí costas an chórais sláinte a sheasamh. Is iomaí baol atá ann do shláinte agus d’fholláine na ndaoine in Éirinn, roinnt acu thar a bheith soiléir follasach: meáchan agus otracht, meabhairshláinte, caitheamh tobac, ólachán agus úsáid drugaí. Féachtar le hÉire Shláintiúil le heolas beacht cruinn a chur ar fáil don duine agus don phobal faoi bhealaí chun a gcuid sláinte a fheabhsú agus a bheith i mbarr a maitheasa. Féachtar freisin lena múscailt agus a spreagadh tríd an rogha folláin a bheith ar an rogha is fusa.
Féachann Éire Shláintiúil aghaidh a thabhairt air sin trí shé théama tosaíochta:
- Téama 1: Gníomhaíocht Fhisiciúil
- Téama 2: Meabhairshláinte
- Téama 3: Cothú
- Téama 4: Sláinte Ghnéis
- Téama 5: Caitheamh Tobac agus Alcól
- Téama 6: Spásanna agus Áiteanna don tSláinte agus d’Fholláine
Is eol faoin tráth seo freisin go n-imríonn polasaithe sóisialta, timpeallachta agus eacnamaíochta, nach í earnáil na sláinte go díreach atá freagrach astu, tionchar ar thosca éagsúla maidir le sláinte agus folláine an duine, mar shampla leibhéal oideachais, ioncam, cúrsaí tithíochta agus oibre. Mar gheall ar an tuiscint sin, ní mór cur chuige an chomhair a thapú i ndáil leis na bearta ar fad faoin tionscnamh Éire Shláintiúil chun a chinntiú go mbíonn muintir na hÉireann níos folláine. Ní féidir le hearnáil na sláinte amháin tabhairt faoi na fadhbanna seo a réiteach – ní mór athrú ar an gcur chuige.
Maidir le Contae Sláintiúil na Gaillimhe
I mí Mheán Fómhair 2018 a bunaíodh Gaillimh Shláintiúil. Déantar Contae Sláintiúil na Gaillimhe a sholáthar trí Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (LCDC) trí Fho-Ghrúpa atá comhdhéanta de chomhpháirtíocht idirghníomhaireachta ó ghrúpa ionadaíoch de phríomhpháirtithe leasmhara - mar shampla Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe, Coiste Seirbhísí do Leanaí agus Daoine Óga, An Clár Aoisbhá srl. Tá monatóireacht déanta ag an bhFo-Ghrúpa seo ar 3 bhabhta maoinithe ó Chiste Éire Shláintiúil na Roinne Sláinte go dtí seo agus na tionscadail seo a leanas curtha i bhfeidhm acu.
Tionscadail Bhabhta 3 de Chontae Sláintiúil na Gaillimhe Iúil 2019 – Meitheamh 2021
- Cónaidhm na hÉireann um Míchumas - clár traenála chun Scileanna Daoine Fásta faoi Mhíchumas Intleachtúil Maireachtáil go Neamhspleách a fheabhsú
- Comhairle Chontae na Gaillimhe – Healthy Food Made Easy – cur chuige faoi stiúir an phobail chun eolas ar chothú agus scileanna cócaireachta a fheabhsú trí chúrsaí 6 seachtainí a chur ar fáil in ionaid phobail.
- Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe - tugadh tionscadal Chonairí Bhéal Átha na Sluaighe, a tosaíodh faoi Bhabhta 1 den mhaoiniú, chun críche chomh maith leis an gclár faoi stiúir an phobail Go for Life do dhaoine fásta níos sine a chur i bhfeidhm in ionaid phobail.
- AIDS WEST – Clár Oideachais um Shláinte Ghnéis a chur i bhfeidhm ar fud na tíre in ionaid phobail.
- Comhairle Chontae na Gaillimhe – tugadh faoi shraith phíolótach straitéisí Baile & Sráidbhaile i mBaile an Mhuilinn, Contae na Gaillimhe chun áiteanna agus spásanna ar mhaithe le sláinte agus folláine a aithint.
- Tionscnaimh Mheabhairshláinte mar Ceardlanna Smacht a Ghlacadh nó Smacht ar Strus chomh maith le feachtas cumarsáide faoin tábhacht atá le meabhairshláinte a choinneáil.
- Scéim na nDeontas Beag Meabhairshláinte sa Phobal - chun deontais ar scála beag a thabhairt do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha chun tionscnaimh mheabhairshláinte a chur i bhfeidhm i gceantair áitiúla.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar aon cheann díobh seo déan teagmháil le healthandwellbeing@galwaycoco.ie
Babhta 2 Meitheamh 2018 – Meitheamh 2019
Faoi Bhabhta 2 den Chiste Éire Shláintiúil, rinneadh dul chun cinn ar an dea-obair a rinneadh faoi Bhabhta a hAon nuair a rinne 5 thionscadal eile maith de ghníomhartha a bhain le meabhairshláinte, slí mhaireachtála agus cothú, sláinte ghnéis agus páirceanna spraoi saor ó thobac. Reáchtáladh Laethanta Sláintiúla agus Folláine ar fud an Chontae agus an Oileáin. D’éirigh thar cionn arís leis an mbabhta seo den tionscnamh Contae Sláintiúil na Gaillimhe ina ndearnadh ceangal le breis is 900 duine agus bhí méadú ar líon na ndaoine faoin tuath a bhí páirteach ina measc grúpaí gníomhaíochta lucht scoir agus pobail feirmeoireachta.
Babhta 1 Meán Fómhair 2017 – Meitheamh 2018
Cuireadh 11 tionscadal ar fáil ar fud Chontae na Gaillimhe faoi Bhabhta 1 den Chiste Éire Shláintiúil. Rinneadh roinnt príomhpháirtnéirí na tionscadail a sheachadadh ina measc Croí - An Fhondúireacht Croí agus Stróc, Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe, Western Traveller and Intercultural Development, Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe, AIDS West agus Réigiún Gastranamaíochta na hEorpa. D’éirigh thar cionn leis an gcéad bhabhta ina raibh beagnach 500 duine páirteach ann agus inár léiríodh go raibh suim mhór ag an bpobal ann agus a bheith páirteach in imeachtaí.
Eolas Teagmhála
Andrew Mc Bride
Comhordaitheoir Straitéis Chontae Sláintiúil na Gaillimhe
An Rannóg Forbartha Eacnamaíochta, Tuaithe agus Pobail
Comhairle Chontae na Gaillimhe|Cnoc na Radharc | Gaillimh
Fón: 091-509521 Ríomhphost : amcbride@galwaycoco.ie
Naisc Úsáideacha
National Sexual Health Strategy
Better Outcomes Brighter Futures
Galway Children & Young People’s Services Committee (CYPSC)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte