Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
Cad í an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta? Is é is aidhm leis an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta feasacht agus tuiscint a ardú maidir le hionchuimsiú agus éagsúlacht i gContae na Gaillimhe. Baineann sé le haird a tharraingt ar an obair dhearfach a thugann grúpaí pobail agus grúpaí deontais fúthu chun eisiamh sóisialta, aonrú sóisialta agus bochtaineacht a laghdú. Cad is féidir liom a dhéanamh? Is é 'Ag Fanacht Ceangailte agus muid Ag Fanacht Amach óna Chéile' téama na bliana seo agus baineann sé le béim a leagan ar an mbealach a bhfuilimid ábalta fanacht ceangailte agus ábalta leanúint de bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí pobail ag an tráth seo. Iarraimid ar ghrúpaí a insint dúinn mar atá sibh ag 'fanacht ceangailte' nó mar atá beartaithe agaibh 'fanacht ceangailte' in bhur bpobail i mbliana. D'fhéadfadh sibh tionscadail a bhaineann leis an gcruthaitheacht, le folláine fhisiciúil agus mheabhrach, agus le bheith ag fanacht ceangailte a chur san áireamh i bhur n-iarratas. Smaointe eile: Pacáistí gníomhaíochta, pacáistí cúraim, comórtais áitiúla, seirbhísí chun cairde a dhéanamh, imeachtaí ar líne. Cén lá? Beidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2020 Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar siúl ón 19 Deireadh Fómhair go dtí an 25 Deireadh Fómhair. I mbliana d'fhéadfadh do thionscadal ionchuimsithe shóisialta a bheith ar siúl le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna. Cé atá in ann iarratas a dhéanamh? Fáilteofar roimh iarratais ó ghrúpaí pobail, ó ghrúpaí deontais agus ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha i gContae na Gaillimhe. Cé mhéid maoinithe atá ar fáil? Beidh deontais bheaga suas go dtí €400 an tionscadal ar a mhéid ar fáil. Is féidir an deontas seo a úsáid chun costas na n-ábhar, an trealaimh nó na n-acmhainní atá de dhíth don tionscadal a chlúdach. Le hIarratas a Dhéanamh Comhlánaigh an fhoirm iarratais ina dtabharfar mionsonraí ar ghníomhaíocht. Seol ar ríomhphost inclusion@galwaycoco.ie nó postáil é An Rannóg Forbartha Eacnamaíochta, Tuaithe agus Pobail, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX Seo thíos an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe 4:00 p.m. Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2020 Le haghaidh tuilleadh eolais Teil: 091 509521 nó Ríomhphost: inclusion@galwaycoco.ie
|
Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte