Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúil
- Naisc ábhartha eile
- Pobal & Fiontar Sonraí
- Gradaim agus Comórtais Phobail
- Forbairt Eacnamaíochta
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- Coiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC)
- Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt
- Líonra Rannphaírtíochta Poiblí (PPN)
- Athghiniúint
- Cuimsiú Sóisialta
- Clár Aois-Bhách na Gaillimhe
- Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúil
- Foireann Imeasctha
- Phlean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail 2024 - 2030
Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúil
Tá Údarás Áitiúil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag lorg léirithe spéise lena mbreithniú chun Cathaoirleach a cheapadh do Chomhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil atá le bunú i ngach aon limistéar Údaráis Áitiúil i gcomhréir leis an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2024.
Tá an Cathaoirleach freagrach as ceannaireacht an CSPA agus as éifeachtacht an CSPA a chinntiú maidir le gach gné dá ról. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Cathaoirleach obair na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht Pobail Áitiúil agus obair an Chomhordaitheora agus an Riarthóra um Shábháilteacht Pobail a threorú. Post deonach atá i gceist le ról an Chathaoirligh. Tá costais taistil agus chothaithe iníoctha de réir rátaí caighdeánacha na státseirbhíse i ndáil le costais a thabhaítear ag taisteal chuig cruinnithe.
Ba chóir dó/di ardchaighdeáin mhacántachta agus ionracais a léiriú agus ionchais a leagan síos maidir le cultúr, luachanna agus iompraíochtaí don CSPA agus do thon na ndíospóireachtaí ag leibhéal an CSPA.
Déanfaidh an Cathaoirleach:
- Ceannaireacht agus treoir straitéiseach a chur ar fáil,
- An CSPA a dhíriú i ndáil le cinntí agus réitigh eolacha a dhéanamh atá saincheaptha do riachtanais an phobail faoi leith ina bhfuil siad i mbun oibre,
- An Plean um Shábháilteacht Pobail Áitiúil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le seirbhísí pobail agus poiblí araon, agus
- Gníomhú mar urlabhraí don CSPA agus ionadaíocht a dhéanamh ar an CSPA sa phobal, ar na meáin agus i measc páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí.
Baineann coincheap na sábháilteachta pobail le daoine a bheith sábháilte ina bpobal féin, agus ag mothú go bhfuil siad sábháilte ann.
Trí Chomhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil (CSPAnna), tabharfar na seirbhísí stáit ábhartha ar fad agus an pobal le chéile ag leibhéal an údaráis áitiúil in ionad na gComhchoistí Póilíneachta atá ann cheana féin.
Tugann Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil guth níos láidre do dhaoine áitiúla chun saincheisteanna sábháilteachta pobail a aithint agus beart a dhéanamh ina leith.
Tá sé beartaithe go n-áireofar le comhaltas na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht Pobail Áitiúil: cónaitheoirí; ionadaithe pobail, lena n-áireofar ionadaithe an dreama óig, pobal nua agus na hearnála deonaí; ionadaithe gnó agus oideachais; seirbhísí poiblí ábhartha sa limistéar, lena n-áirítear HSE, Tusla, AGS, agus an t-údarás áitiúil; agus comhairleoirí áitiúla. Beidh 30 comhalta ar a mhéad sa CSPA.
Is é 5:00pm an Déardaoin 25 lúil 2024 an dáta deiridh a nglacfar le léirithe spéise.
Ba chóir an méid a leanas a chur san áireamh sa léiriú spéise:
- Litir chumhdaigh ina léirítear spéis agus ina leagtar amach oiriúnacht agus taithí ábhartha don ról
- CV mionsonraithe
D’fhéadfaí gearrliosta iarrthóirí a chruthú agus tabhairt faoi agallaimh, nó faoi aon mhodh roghnúcháin nó fíorúcháin a mheastar a bheith oiriúnach. Ba cheart léirithe spéise a chur ríomhpost chuig kcoyne@galwaycoco.ie
Kieran CoyneAn tAonad PobailComhairle Chontae na GaillimheÁras an ChontaeCnoc na RadharcGaillimhLe haghaid tuilleadh faisnéise ról an Chathaoirligh, feach le do thoil ar an suíomh Gréasáine Chomhairle Chontae na Gaillimhe www.galway.ie nó seol ríomhphost chuig tdonohue@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte