Clár Aois-Bhách na Gaillimhe
- Naisc ábhartha eile
- Pobal & Fiontar Sonraí
- Gradaim agus Comórtais Phobail
- Forbairt Eacnamaíochta
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- Coiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC)
- Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt
- Líonra Rannphaírtíochta Poiblí (PPN)
- Athghiniúint
- Cuimsiú Sóisialta
- Clár Aois-Bhách na Gaillimhe
- Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúil
- Phlean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail 2024 - 2030
Is é Aoisbhá Éireann an eagraíocht atá freagrach as an gClár Aoisbhá náisiúnta, atá comhcheangailte le Gréasán Domhanda na gCathracha agus na bPobal Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Oibríonn Aoisbhá Éireann mar ionad comhroinnte seirbhísí de chuid an rialtais áitiúil arna óstáil ag Comhairle Contae na Mí. Tacaíonn an t-ionad comhroinnte seirbhísí le gréasán 31 Chlár Aoisbhá áitiúla atá faoi stiúir na n-údarás áitiúil. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt le do thoil ar https://agefriendlyireland.ie/ nó cliceáil ar an eolas thíos.
Galway County Age Friendly Programme
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe a chuireann Aoisbhá Contae na Gaillimhe ar fáil agus a oibríonn le feabhas a chur ar na seirbhísí agus na háiseanna a dheimhnigh na seandaoine iad a bheith tábhachtach dóibh, agus don mhórphobal, agus iad ag maireachtáil go sláintiúil breabhsánta. Is éard atá i gceist leis an gclár ná cur chuige ilghníomhaireachtaí ilearnálacha maidir le pleanáil agus soláthar seirbhísí aoisbháúla. I measc ár dtionscadail, i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile, tá:
- Spásanna agus Foirgnimh Amuigh Faoin Aer
- Iompar
- Tithíocht
- Meas agus Cuimsiú Pobail
- Rannpháirtíocht Pobail
- Cumarsáid agus Oideachas
- Rannpháirtíocht Chathartha agus Fostaíocht
- Sláinte agus Folláine
Is iad an Chomhghuaillíocht Aoisbháúil agus Comhairle Seandaoine Contae na Gaillimhe príomhrannpháirtithe an chláir seo.
Tugann ár gComhghuaillíocht Aoisbháúil seandaoine agus soláthróirí seirbhísí le chéile leis an meon a athrú i leith na seanaoise a athrú agus i leith conas a phleanáiltear agus a sholáthraítear seirbhísí a chuirtear ar fáil dár seandaoine.
Is cuid riachtanach den Clár Aoisbhá i nGaillimh í an Chomhairle Aoisbhá agus tá ionadaithe ó ghrúpaí scothaosta ar fud an chontae páirteach inti. Is í aidhm an Chomhairle ná ionadaíocht a dhéanamh ar son lucht scothaosta gus chontae na Gaillimhe ar fud an phobail uile, agus a bheith ag tacú agus páirteach i bhforbairt chontae na Gaillimhe mar áit den scoth do dhaoine atá ag dul in aois.
Tá an t-uafás eolais san Eolaire Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta I gCathair agus i gContae na Gaillimhe, ní amháin do dhaoine scothaosta agus a dteaghlaigh, ach do chúramóirí agus do sholáthraithe seirbhísí freisin. Tá sé éasca le húsáid agus tá eolas ann faoi chuid mhaith de na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine scothaosta i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.
Eolaire Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta i gCathair agus i gContae na Gaillimhe
Más maith leat tuilleadh eolais faoin gclár, cuir ríomhphost chuig agefriendly@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte