Comhairliúchán poiblí le haghaidh Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chontae na Gaillimhe 2024 - 2030
Bíodh do chead cainte agat maidir leis an bplean sé bliana nua chun tacú le forbairt eacnamaíoch agus pobail Chontae na Gaillimhe.
Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh an bpobal páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin le haghaidh fhorbairt Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chontae na Gaillimhe (PÁEP) 2024 - 2030. Faoi threoir an Achta um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014, is plean sé bliana é PÁEP Chontae na Gaillimhe a bhfuil sé de chuspóir aige forbairt eacnamaíochta inbhuanaithe agus pobail a chur chun cinn ar fud Chontae na Gaillimhe.
Le cinntiú go léirítear sa phlean riachtanais agus uaillmhianta an phobail, spreagtar muintir an phobail a gcuid tuairimí agus físeanna le haghaidh an Chontae a roinnt trí mhodhanna éagsúla, ar líne agus i bpearsa araon. Leis an tréimhse chomhairliúcháin seo, tugtar deis luachmhar do dhaoine aonair, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí pobail cur le forbairt an phlean agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le todhchaí na Gaillimhe.
Tairseach comhairliúcháin agus comhairliúchán poiblí
Tá tairseach comhairliúcháin ar líne (www.galwaycountylecp.com) beo anois. Is féidir le cuairteoirí rochtain a bheith acu ar an Dréacht-Ráiteas Socheacnamaíoch agus ar an gcáipéis ar Spriocanna Ardleibhéil, páirt a ghlacadh i suirbhéanna, agus coinneáil ar an eolas maidir leis an bpróiseas pleanála agus na cuspóirí a ghabhann leis. Nó is féidir cuairt a thabhairt ar consult.galway.ie
Beidh sraith imeachtaí comhairliúcháin ar siúl i bpearsa thar thréimhse 5 lá i mí an Mheithimh. Beidh ceardlanna idirghníomhacha buail isteach san áireamh i ngach ceann de na cúig Cheantar Bhardasacha i gContae na Gaillimhe. Leis na ceardlanna seo, tabharfar deis duit do thaithí agus do thosaíochtaí do Chontae na Gaillimhe a chur in iúl ar roinnt bealaí éagsúla. Ceardlanna buail isteach iad, rud a chiallaíonn go bhféadfá teacht nuair is féidir agus fanacht chomh fada agus is mian leat. Beidh tob-imeachtaí comhairliúcháin ar shráideanna ar siúl i mBailte agus i Sráidbhailte ar fud Chontae na Gaillimhe in éineacht leis na ceardlanna seo.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí ar na himeachtaí comhairliúcháin, lean @galway_county_lecp nó cuardaigh an haischlib #páepchontaenaGaillimhe ar na meáin shóisialta.
Aighneachtaí Scríofa nó Tuairimí
Is féidir Aighneachtaí Scríofa nó Tuairimí a chur isteach:
Ar líne: Ar líne trí chuairt a thabhairt ar consult.galway.ie nó www.galwaycountylecp.com
Trí r-phost: Seol r-phost chuig lecp@galwaycoco.ie
I bhfoirm scríofa: Leis an seoladh ‘PÁEP Chontae na Gaillimhe’ Forbairt Pobail agus Tuaithe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 PY8H
Is é an 12 Iúil 2024 ag 5.00pm an dáta deiridh le haghaidh Aighneachtaí/Tuairimí
Ba cheart gach aon cheist a bhaineann leis na meáin a dhíriú chuig an maria@hubplanning.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte