Eolas faoi LCDC Chontae na Gaillimhe
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoi LCDC Chontae na Gaillimhe
- Gníomhachtaithe Pobail (SICAP)
Plean Eacnamíochta agus Pobail Chontae na Gaillimhe
Cúlra
In Tús Áite do na Daoine, leagtar amach athchóirithe ar an rialtas áitiúil agus iad dírithe ar ról níos lárnaí a thabhairt don rialtas áitiúil i dtaca le forbairt eacnamaíochta agus pobail. Leis an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 The Local Government Reform Act 2014, tugadh éifeacht reachtach do na gealltanais sin, lena n-áirítear bunú Coistí Áitiúla Forbartha Pobail (LCDC-anna) i ngach limistéar riaracháin údaráis áitiúil.
Rinneadh Coiste Áitiúil Forbartha Pobail Chontae na Gaillimhe a bhunú go foirmiúil le rún ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar an 23 Meitheamh 2014 agus tá 19 gcomhalta ann ó na hearnálacha seo a leanas (comhpháirtithe socheacnamaíochta de chuid na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon):
- Comhaltaí Údaráis Áitiúil
- Oifigigh Údaráis Áitiúil
- Gníomhaireachtaí Stáit
- Comhlachtaí Forbartha Áitiúla agus Pobail
- An Earnáil Phobail agus Dheonach; Grúpaí Leasmhara Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Timpeallachta
- Fostóirí/Grúpaí Leasmhara Gnó
- Grúpaí Leasmhara Talmhaíochta/Feirmeoireachta
Roghnóidh an CÁFC Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Is é an Tom Turley an Cathaoirleach agus is é Dan Dowling an Leas-Chathaoirleach.
Faigheann an LCDC tacaíocht riaracháin agus tacaíocht theicniúil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is é Alan Farrell , Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí, Pleanáil, Pobal, Fiontraíocht agus Forbairt Eacnamaíochta, an Príomhoifigeach atá sannta ag an bPríomhfheidhmeannach chun tacaíocht agus cúnamh a thabhairt maidir le feidhmiú fheidhmeanna an Choiste. Is é atá i bpríomhfheidhm an Phríomhoifigigh ná oibriú i gcomhpháirt leis an gCathaoirleach chun treoir agus treo straitéiseach a chur ar fáil don LCDC.
Treoirlínte Athbhreithnithe Coistí Forbartha Pobail Áitiúil
Feidhmeanna LCDC Chontae na Gaillimhe
Rinneadh LCDC Chontae na Gaillimhe a chur ar bun le go mbeidh cur chuige níos comhordaithe ann i dtaca le bainistiú na forbartha áitiúla agus an mhaoiniúcháin pobail i gContae na Gaillimhe. Tá feidhmeanna éagsúla ag an gcoiste lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- Na gnéithe pobail de Phlean Áitiúil sé bliana Eacnamaíochta agus Pobail (LECP)do Chontae na Gaillimhe a ullmhú, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe eacnamaíochta den Phlean sin.
- Comhordú, bainistíocht agus formhaoirseacht a dhéanamh i ndáil le cur i bhfeidhm clár forbartha pobail, lena n-áirítear Clár Uilechuimsitheachta agus Gníomhachtaithe Pobail (SICAP) an rialtais.
Tá tuilleadh mionsonraí faoi fheidhmeanna an LCDC leagtha amach faoi Alt 128B den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014.
Comhaltaí LCDC Chontae na Gaillimhe
LCDC Chontae na Gaillimhe Liosta Ballraíochta Meán Fómhair 2022
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte