Treoir
- Naisc ábhartha eile
- Treoir
- Táillí
- Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Foirgníochta
- Treoir Theicniúil
Treoir
Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
Is é seo an t-iarratas caighdeánach a dhéantar i leith gach foirgnimh nua. Baineann an táille chaighdeánach seo leis an gcineál seo iarratais.
Treoir-nótaí d’iarratasóirí ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán).
An Deimhniú Athbhreithnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
Tá an t-iarratas seo ag teastáil i leith oibreacha a bhfuil Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán deonaithe ina leith cheana féin, ach i gcás nach mór athbhreithnithe suntasacha a dhéanamh ar chúiseanna seachas Sábháilteacht ó Dhóiteán e.g. coinníollacha a ghabhann le Cead Pleanála, athruithe ar an dearadh, etc. Treoir-nótaí d’iarratasóirí ar dheimhniú athbhreithnithe um shábháilteacht ó dhóiteán).
Fógra 7 Lá
Is ceart fógra 7 lá a thíolacadh nuair a bheartaítear tús a chur le hoibreacha roimh thráth deonaithe an Deimhnithe iomchuí um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Is ceart fógraí 7 lá a thíolacadh tráth nach déanaí ná 7 lá sula gcuirtear tús leis na hoibreacha agus ní mór Iarratas bailí ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a bheith in éineacht leis, mar aon le Dearbhú Reachtúil á rá go gcuirfear na hoibreacha i gcrích ar shlí ina ndéantar an t-iarratas atá déanta agus aon choinníollacha a ghabhann leis a chomhlíonadh go hiomlán laistigh de cheithre mhí ón tráth a eisítear an Deimhniú.
Treoirnótaí a bhaineann le fógra 7 lá a thíolacadh ()
Deimhniú um Thabhairt Chun Rialtachta
Más rud é go bhfuil tús curtha cheana féin le hoibreacha nó le hathrú úsáide ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán agus ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú um Thabhairt chun Rialtachta. Tá an deimhniú sin cosúil le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ach ní mór Dearbhú Reachtúil a bheith in éineacht leis an iarratas á rá go gcuirfear na hoibreacha i gcrích ar shlí ina ndéantar an t-iarratas atá déanta agus aon choinníollacha a ghabhann leis a chomhlíonadh go hiomlán laistigh de cheithre mhí ón tráth a eisítear an Deimhniú.
Treoir-nótaí d’iarratasóirí ar dheimhniú um thabhairt chun rialtachta ()
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte