Treoir Theicniúil
- Naisc ábhartha eile
- Treoir
- Táillí
- Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Foirgníochta
- Treoir Theicniúil
Treoir Theicniúil
Doiciméid Treorach Teicniúla
Sna Doiciméid Treorach Teicniúla tugtar treoir i dtaobh conas na rialacháin foirgníochta a chomhlíonadh i.e. léiríonn comhlíonadh mholtaí an Doiciméid Treorach Teicniúla go bhfuil fianaise Prima Facie ann ar chomhlíonadh na Rialachán Foirgníochta.
I gcoitinne, úsáidtear Doiciméad Treorach Teicniúla B chun treoir a thabhairt maidir le dearadh agus maidir leis an tuarascáil ina dhiaidh sin ar cuid den iarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán iad. Dá bhrí sin, le go mbeidh foirgneamh tógtha de réir an Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán a eisítear, is ceart go gcomhlíonfadh an foirgneamh na Rialacháin Foirgníochta.
Is iad Doiciméid Treorach Teicniúla B, K agus M na doiciméid is mó a bhfuil feidhm acu maidir le hIarratais ar Dheimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Is é Doiciméad Treorach Teicniúla M an doiciméad is mó a bhfuil feidhm aige maidir le Deimhnithe um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas agus Deimhnithe um Bealach Isteach do Dhaoine Míchumasaithe.
Ní thoirmisctear cur chuige atá éagsúil leis an gcur chuige atá ann sna Doiciméid Treorach Teicniúla ná ní thoirmisctear Innealtóireacht Sábháilteachta ó Dhóiteán, ar choinníoll go gcomhlíonann an cur chuige ceanglais na Rialachán Foirgníochta. Chun a chinntiú go gcomhlíonann an foirgneamh na rialacháin féadfaidh an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta fianaise air sin a éileamh i gcás cur chuige éagsúil a bheith ann. Tá sé tábhachtach go dtuigtear nach ndéanann na Rialacháin Foirgníochta ná na Doiciméid Treorach Teicniúla úsáid táirge nó modha tógála áirithe a chur chun cinn.
Doiciméid Treorach Teicniúla ar leithligh
Is féidir leat rochtain a fháil ar na Doiciméid Treorach Teicniúla ar leithligh trí chliceáil ar an nasc do gach doiciméad atá liostaithe thíos agus, má dhéanann tú amhlaidh, seolfar thú chuig an doiciméad atá ann i réimse foilseachán an láithreáin.
- Cuid A – Struchtúr
- Cuid B – Sábháilteacht ó Dhóiteán
- Cuid C – Ullmhú Láithreáin agus Friotaíocht i gcoinne Taise
- Cuid D – Ábhair agus Saoirseacht (2000)
- Cuid E – Fuaim
- Cuid F – Aerúchán
- Cuid G – Sláinteachas
- Cuid H – Draenáil agus Diúscairt Dramhuisce
- Cuid J – Fearais Ghinte Teasa
- Cuid K – Staighrí, Dréimirí, Rampaí agus Gardaí
- Cuid L – Caomhnú Breosla agus Fuinnimh
- Cuid L – Caomhnú Breosla agus Fuinnimh
- Cuid L – Caomhnú Breosla agus Fuinnimh – Tithe Cónaithe
- Cuid M – Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas (2000)
- Leasuithe agus Ceartúcháin 1997 – 2004
Roinnt Cód Cleachtas Tábhachtach:
- Treoir maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán i dTithe Banaltrais Láithreacha agus in Áitribh de Chineál Comhchosúil (1996)
- Treoir maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán in Árasáin, i Mionárasáin agus i Leithlanna (1994)
- Treoir maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán i gCóiríocht Aíochta – Brollach
- Treoir maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán i gCóiríocht Aíochta – An Príomhdhoiciméad
- Treoir maidir le Réamhchúraimí in aghaidh Dóiteáin in Óstáin, i dTithe Aíochta agus in Áitribh de Chineál Comhchosúil
- Sábháilteacht ó Dhóiteán i dTeaghlaigh Ghaeltachta a Choinníonn Foghlaimeoirí Gaeilge
- Sábháilteacht ó Dhóiteán í Réamhscoileanna(1999)
- Sábháilteacht ó Dhóiteán i mBrúnna (1998) – Brollach
- Sábháilteacht ó Dhóiteán i mBrúnna (1998) – An Príomhdhoiciméad
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte