Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Foirgníochta
- Naisc ábhartha eile
- Treoir
- Táillí
- Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Foirgníochta
- Treoir Theicniúil
Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Foirgníochta
Na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 & 2007
Féach an reachtaíocht iomchuí ar Láithreán Gréasáin na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
De réir an Achta um Rialú Foirgníochta, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán agus Deimhniú um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas i ndáil le hoibreacha áirithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- Oibreacha i dtaca le dearadh agus tógáil foirgnimh nua
- Oibreacha i dtaca le hathrú ábhartha orthu seo a leanas:
1. Lárionad lae
2. Foirgneamh ina gcuimsítear árasán
3. Óstán, brú nó foirgneamh aíochta
4. Foirgneamh institiúideach
5. Áit tionóil
6. Lárionad siopadóireachta - Oibreacha i dtaca le hathrú ábhartha ar shiopa, ar oifig nó ar fhoirgneamh tionscail, i gcás ina bhfuil achar breise urláir á sholáthar laistigh den fhoirgneamh láithreach nó i gcás ina bhfuil an foirgneamh á fhoroinnt ina aonaid leithleacha áitíochta.
- Foirgneamh a ndéantar athrú ábhartha úsáide ina leith.
- Oibreacha i dtaca le méadú níos mó ná 25 mhéadar chearnacha a dhéanamh ar fhoirgneamh.
Tá feidhm ag díolúintí áirithe. Ach má bheartaíonn tú oibreacha a dhéanamh, nó a chur faoi deara oibreacha a dhéanamh, is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Rialaithe Foirgníochta i do cheantar (Comhairle Chontae na Gaillimhe nó Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag brath ar shuíomh an láithreáin) nó le Rannóg Coiscthe Sheirbhís Dóiteáin & Tarrthála na Gaillimhe chun a fháil amach an bhfuil, nó nach bhfuil, gá le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán nó Deimhniú um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas. Ón 1ú Eanáir 2010 ar aghaidh, i gcás aon oibreacha a bhfuil gá le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ina leith is iondúil go mbíonn gá le Deimhniú um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas ina leith freisin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte