Muirir ar Sheirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteá
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Éigeandála Sonraí
- Seirbhísí Éigeandála Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Aláram Deataigh
- Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil
- Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
- Muirir ar Sheirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteá
- Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
- Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
Táillí Freastail na Briogáide Dóiteáin
• Naisc ábhartha eile
• Sonraí teagmhála na Seirbhísí Dóiteáin
• Foirmeacha & Íoslódálacha na Seirbhísí Dóiteáin
• Aláraim Deataigh
• Cosc Dóiteáin, Reachtaíocht & Ceadúnú
• Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
• Táillí Freastail na Briogáide Dóiteáin
• Pleanáil d’éigeandálaí móra
• Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
• Ceadúnú Peitriliam
Faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 “beidh údarás dóiteáin i dteideal táille a ghearradh ar úsáideoirí nó ar thairbhithe seirbhíse dóiteáin i leith seirbhísí a chuireann sé ar fáil.”
Déanfar sonrasc a eisiúint i ndáil le gach teagmhas a bhfaigheann Seirbhís Dóiteáin & Tarrthála na Gaillimhe foláireamh ina leith, ach beidh na heisceachtaí seo a leanas ann:
• Má tharlaíonn bás
• Cumainn charthanachta
• Eachtraí faoi leith, nuair nach féidir linn mionsonraí an úinéara a dhéanamh amach, mar shampla dóiteáin bhruscair ar thalamh oscailte
• Eachtraí a bhaineann le gluaisteáin ar a bhfuil uimhreacha clárúcháin coigríche orthu, mura dtugtar mionsonraí an úinéara le linn na tuairisce
• Tuairiscí nach ngabhann aon mhionsonraí leo, mar shampla glaoch chuig an RTC ach a chuirtear ar ceal sula mbíonn an láthair sroichte.
Rátaí na dTáillí Seirbhísí Dóiteáin
Tá rátaí na dTáillí Seirbhíse Dóiteáin leagtha síos ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi ordú uimhir 7646 an bhainisteora.
Tá na táillí reatha leagtha amach in Ordú in-íoslódáilte an Bhainisteora thíos agus tháinig siad i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2012:
Táillí – Seirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteáin (Ean 2012)
Céard ar chóir a dhéanamh nuair a fhaigheann tú sonrasc
I gcásanna ina bhfuil an mhaoin/fheithicil clúdaithe ag árachas, moltar duit dul i dteagmháil le do chuideachta árachais mar go bhféadfadh sé go mbeidh siadsan in ann an táille a íoc.
Ta roinnt roghanna éagsúla íocaíochta ann i ndáil le sonraisc a bhaineann le Táillí Seirbhísí Dóiteáin:
1. Bain an duillín íocaíochta ó bhun an tsonraisc agus cuir sa phost é in éineacht le d’íocaíocht chuig an Rannóg Airgeadais, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
2. Chun íocaíocht a dhéanamh i bpearsa, iarrtar ort dul chuig an deasc airgid atá suite ar bhunurlár Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
3. Chun íocaíocht a dhéanamh trí leas a bhaint as cárta dochair nó cárta creidmheasa, déan teagmháil teileafóin leis an deasc airgid i gComhairle Chontae na Gaillimhe ag 091 509032 agus luaigh uimhir an tsonraisc a bhaineann leis an táille seirbhísí dóiteáin.
4. Más mian leat íocaíocht a dhéanamh trí Aistriú Leictreonach Cistí (EFT), seo a leanas mionsonraí bainc Chomhairle Chontae na Gaillimhe: Banc na hÉireann, an Fhaiche Mhór, Uimhir Chuntais 10051856, Cód Sórtála 90 38 16. Luaigh uimhir an tsonraisc a bhaineann leis an Táille Seirbhísí Dóiteáin ar an EFT ionas gur féidir d’íocaíocht a aithint.
I gcásanna nach bhfuil an mhaoin clúdaithe ag árachas agus nach bhfuil tú in ann an táille a íoc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh. Tá an córas tarscaoilte ann ar mhaithe le pinsinéirí seanaoise, ar mhaithe le daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó ar mhaithe le daoine a bhfuil ioncam íseal acu. Má mheasann tú go bhféadfá a bheith i dteideal tarscaoileadh a fháil, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe ag 091 509579 chun foirm tarscaoilte a iarraidh:
Ní chealófar sonrasc ach amháin sna cúinsí seo a leanas:
• Nuair atá dhá pháirtí nó níos mó i gceist in imbhualadh tráchta bóthair agus go bhfaightear íocaíocht ó pháirtí amháin.
• Tá an duine ar seoladh an sonrasc chuige/chuici básaithe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte