Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Éigeandála Sonraí
- Seirbhísí Éigeandála Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Aláram Deataigh
- Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil
- Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
- Muirir ar Sheirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteá
- Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
- Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
Dála aon chontae eile in Éirinn, bíonn cúinsí éigeandála ann i gcónaí i nGaillimh ach, chomh maith leis sin, tá an seans ann go dtarlóidh éigeandálaí de chineál níos tromchúisí. Is é atá i Móréigeandáil ná aon teagmhas a tharlaíonn gan choinne nó gan mórán coinne de ghnáth, ar teagmhas é is cúis le díobháil nó bás, le suaitheadh mór ar na seirbhísí riachtanacha, nó le damáiste do mhaoin, don timpeallacht nó don bhonneagar, nó is bagairt i ndáil leis an méid sin, rud a fhágann nach bhfuil na seirbhísí éigeandála in ann feidhmiú mar is gnách. Is gá acmhainní breise a shlógadh ina leith chun a chinntiú go gur féidir gníomhú ar shlí éifeachtach chomhordaithe. I bPlean Móréigeandála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, leagtar amach na socruithe sonracha agus na gníomhartha comhordaithe a chuirfear i bhfeidhm i gcás ina dtarlóidh móréigeandáil.
Clár Pleanála i ndáil le Móréigeandáil
Tá clár leanúnach pleanála ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil le móréigeandáil agus déileáiltear leis na nithe seo a leanas ann:
- Anailís ar ghuaiseacha agus measúnacht ar rioscaí
- Pleanáil i ndáil le gníomhartha a dhéanfar
- Pleanáil i ndáil le téarnamh
- Rannpháirtíocht in oiliúint idirghníomhaíochta, i gcleachtaí agus i bhfóraim réigiúnacha
Comhairle do theaghlaigh
Is go han-annamh a tharlaíonn Móréigeandálaí. Maidir le teaghlaigh, tá comhairle phraiticiúil faoi bhearta ciallmhara ar féidir iad a dhéanamh chun déileáil le héigeandáil eisithe ag an Oifig um Pleanáil Éigeandála tríd an lámhleabhar “Ag Ullmhú i gcomhair Mór-Éigeandálaí” a fhoilsiú agus a scaipeadh. Tá comhairle le fáil ar a láithreán gréasáin www.emergencyplanning.ie freisin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte