Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Éigeandála Sonraí
- Seirbhísí Éigeandála Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Aláram Deataigh
- Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil
- Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
- Muirir ar Sheirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteá
- Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
- Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
C: Céard é deimhniú um rochtain do dhaoine faoi mhíchumas?
F: Is é atá i nDeimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas ná deimhniú a dheonaíonn Údarás Rialaithe Foirgníochta agus ina ndéantar comhlíonadh cheanglais Chuid M de na Rialacháin Foirgníochta a dheimhniú a mhéid a bhaineann le dearadh oibreacha áirithe (e.g. foirgnimh nua, seachas tithe cónaithe), roinnt méaduithe, agus roinnt athruithe ábhartha, ar fhoirgnimh (seachas tithe cónaithe).
C: An bhfuil socruithe idirthréimhseacha ann i ndáil le tabhairt isteach an Deimhnithe um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas (DAC)?
F: Tháinig an ceanglas maidir le DAC i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2010 i gcás foirgneamh nua (seachas tithe cónaithe) a gcuirtear tús leis na hoibreacha ina leith ar an dáta sin nó dá éis.
C: Tá cead pleanála agam, an ndéantar difear dó sin?
F: Níl aon tionchar ag cead pleanála ar an ngá le DAC. Má cuireadh tús leis na hoibreacha i leith foirgnimh (seachas tithe cónaithe) ar an 1 Eanáir 2010 nó dá éis, tá gá leis an DAC.
C: An gá DAC a bheith ann sula dtíolactar fógra tosaithe?
F: Ní dhéanfaidh aon duine oibreacha a chur i gcrích de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta 2000 nó de shárú ar aon choinníollacha ar faoina réir a dheonaítear DAC (i gcás ina bhfuil gá le DAC).
Chun oibreacha feabhais a d’fhéadfadh a bheith costasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas a dhéanamh ar DAC an tráth céanna le hiarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ((FSC), roimh thíolacadh fógra tosaithe), á chinntiú, dá bhrí sin, go ndéantar an DAC agus aon choinníollacha a bhaineann leis a leagan amach sula gcuirtear tús le hoibreacha.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar DAC tar éis fógra tosaithe a thabhairt, áfach, ach ní dhéanfar foirgneamh a oscailt, a oibriú ná a áitiú, in aon chás, ná ní cheadófar an méid sin in aon chás, mura rud é gur deonaíodh DAC nó fad atá cinneadh maidir le próiseas achomhairc ar feitheamh.
Ní mór fógra tosaithe a thíolacadh idir 14 lá agus 28 lá sula gcuirtear tús le hoibreacha.
C: An féidir tús a chur le forbairt iomchuí sula ndeonaítear DAC?
F: Go teicniúil, ní gá DAC a bheith ann sula gcuirtear tús le hoibreacha. Ach ní dhéanfaidh duine oibreacha de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta 2000 nó de shárú ar aon choinníollacha ar faoina réir a dheonaítear DAC (i gcás ina bhfuil gá le DAC).
Chun oibreacha feabhais a d’fhéadfadh a bheith costasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas a dhéanamh ar DAC an tráth céanna le hiarratas ar FSC, á chinntiú, dá bhrí sin, go ndéantar an DAC agus aon choinníollacha a bhaineann leis a leagan amach sula gcuirtear tús le hoibreacha.
C: Cá fhad a thógann sé chun DAC a phróiseáil?
F: Tógann sé tréimhse suas go 8 seachtaine faoi Alt 6(5) den Acht um Rialú Foirgníochta 1990 nó d’fhéadfadh tréimhse níos faide ná sin a bheith ann má chomhaontaíonn an t-iarratasóir agus an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta amhlaidh.
C: Cén uair is ceart dom iarratas a dhéanamh ar DAC?
F: Is ceart duit iarratas a dhéanamh an tráth céanna le hiarratas ar FSC. Baineann na hamscálaí céanna le measúnú an dá iarratas. Cinntíonn sé sin go mbeidh an fhaisnéis iomchuí ar fad agat sula gcuirtear tús leis an tógáil.
C: Cad a tharlaíonn i gcás mo Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a bheith agam cheana féin ach nach bhfuil DAC agam?
F: Déan iarratas ar DAC láithreach/a luaithe is féidir. I mír 2(b) de Chiorclán Roinne BC11/2009, gheobhaidh tú liosta de na nithe ar ceart iad a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas. D’fhéadfadh sé go lorgóidh an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta tuilleadh ábhair.
C: Más rud é go ndearnadh cead pleanála agus Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a dheonú cheana féin roimh 01/01/2010 i ndáil le forbairt bheartaithe ach nach bhfuil tús curtha le hoibreacha roimh an dáta sin, an bhfuil ga le DAC?
F: Tá.
C: An bhfuil gá le DAC chun athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid foirgnimh?
F: Tá gá le DAC le haghaidh oibreacha áirithe lena mbaineann ceanglais Chuid M. Féach Airteagal 20 D (1) de I.R. 351. Ní bheidh feidhm ag Cuid M maidir le hathrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ach amháin i gcás ina bhfuil claochlú ábhartha i gceist – i gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag Cuid M maidir leis na hoibreacha go léir a bhaineann leis an gclaochlú ábhartha agus is ceart iarratas a dhéanamh ar DAC.
C: An gcaithfidh iarratas ar DAC cruthúnas a thabhairt ar chomhlíonadh an togra maidir le Cuid M athbhreithnithe, ar togra é a bhí ina ábhar do phróiseas comhairliúcháin phoiblí sa bhliain 2009?
F: Ní chaithfidh. Deimhneoidh an DAC comhlíonadh cheanglais Chuid M mar atá ann faoi láthair – Cuid M 2000. Níl bailchríoch curtha ar dhréacht-tograí Chuid M 2009 fós. D’fhéadfadh faisnéis bhreise a bheith ag teastáil le haghaidh iarratas ar DAC, áfach, nuair a thagann athbhreithnithe ar chuid M i ngníomh amach anseo.
C: Cé acu de na cúinsí seo ar gá DAC a bheith ann ina leith?
- Is gá – Foirgnimh nua, lena n-áirítear bloic leithlann
- Ní gá – Tithe cónaithe
- Is gá – Claochlú Ábhartha ar lárionad cúraim lae, ar bhloc leithlann, ar óstán, ar bhrú, ar fhoirgneamh aíochta, ar fhoirgneamh institiúideach, ar áit tionóil, ar lárionad siopadóireachta
- Is gá – claochlú ábhartha ar shiopa, ar oifig nó ar fhoirgneamh tionscail i gcás ina soláthraítear spás urláir breise laistigh d’fhoirgneamh láithreach nó i gcás ina bhfuil foirgneamh á fhoroinnt ina aonaid leithleacha áitíochta.
- Is gá – Méadú níos mó ná 25 mhéadar chearnacha ar fhoirgneamh láithreach, seachas teach cónaithe
- Ní gá – Damáistíodh/Dódh an foirgneamh láithreach agus tá sé á dheisiú.
- Ní gá – gan ach athrú ábhartha ar úsáid a bheith i gceist – féach thuas
- Is gá – athrú ábhartha ar úsáid agus claochlú ábhartha a bheith i gceist leis an athrú ar úsáid.
C: An mbeidh fógra 7 lá nó deimhniú um thabhairt chun rialtachta ann i leith an DAC?
F: Níl aon ghá le fógra 7 lá i leith DAC mar nach bhfuil gá le DAC sula gcuirtear tús le hobair – féach thuas.
Níl aon ghá le deimhniú um thabhairt chun rialtachta mar nach mbaineann DAC ach amháin le hoibreacha a gcuirtear tús leo ón 1 Eanáir 2010 ar aghaidh gan feidhm chúlghabhálach a bheith ann. Ní mór DAC a fháil sula ndéantar foirgneamh a raibh gá le DAC ina leith a oscailt, a oibriú nó a áitiú. Is féidir iarratas a dhéanamh ar DAC chun na críche sin.
Baineann Deimhniú um Thabhairt chun Rialtachta le foirgnimh láithreacha ar cuireadh tús leo nó a críochnaíodh gan FSC, má bhí FSC ag teastáil.
C: I gcás ina ndéantar athrú ar dhearadh foirgnimh nó ar obair ar fhoirgneamh (e.g. tá gá le hathrú ar leagan amach mar gheall ar dhálaí gan choinne ar an láithreán), cad atá le déanamh?
F: Tá gá le DAC athbhreithnithe i gcás ina ndéantar athbhreithniú suntasach ar an dearadh nó ar na hoibreacha nó u gcás ina ndéantar claochlú ábhartha nó athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ar ina leith atá DAC deonaithe ag Údarás Rialaithe Foirgníochta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Údarás Rialaithe Foirgníochta chun deimhniú athbhreithnithe a fháil.
C: Cén fáth nach bhfuil scoileanna, seachas na cinn is lú ar fad, díolmhaithe ó tháillí DAC?
F: Leis na Rialacháin, déantar foráil maidir le díolúine ó tháillí i gcás bunscoileanna nach bhfuil ach 4 múinteoirí príomhshrutha nó níos lú iontu, de réir mar atá iarrtha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
C: Cad é an táille a ghearrtar i ndáil le DAC?
F: €800 in aghaidh an fhoirgnimh.
C: An bhfuil táille iarratais in aghaidh an mhéadair chearnaigh ann i ndáil le DAC?
F: Níl aon táille iarratais in aghaidh an mhéadair chearnaigh ann i ndáil le DAC.
C: An gceadaítear do ghníomhairí foirm iarratais an DAC a shíniú thar ceann an iarratasóra?
F: Ceadaítear, má údaraíonn úinéir an fhoirgnimh dóibh déanamh amhlaidh.
C: Tá líníochtaí oibre ag teastáil i ndáil leis an bhfoirm a bhaineann le DAC athbhreithnithe. Ní dhéileáiltear le líníochtaí oibre ach amháin i gcás ina bhfuil tús curtha leis an obair.
F: Níl an gá le DAC athbhreithnithe teoranta d’oibreacha nach bhfuil tús curtha leo. Baineann sé le cásanna ina ndéantar athbhreithniú suntasach ar dhearadh an fhoirgnimh nó ar na hoibreacha a bhfuil tús curtha leo cheana féin.
C: I gcás nár lorgaíodh DAC le haghaidh foirgnimh i gcás é a bheith ag teastáil nó i gcás achomharc a bheith taiscthe leis an mBord Pleanála i leith cinnidh ó údarás rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar DAC, cad a tharlaíonn?
F. Ní féidir foirgneamh a oscailt, a oibriú nó a áitiú, ná ní féidir a cheadú foirgneamh a oscailt, a oibriú nó a áitiú, gan an DAC riachtanach a bheith ann nó, i gcás achomhairc a bheith taiscthe, fad a bheidh cinneadh an achomhairc ar feitheamh.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte