Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Éigeandála Sonraí
- Seirbhísí Éigeandála Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Aláram Deataigh
- Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil
- Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
- Muirir ar Sheirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteá
- Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
- Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil le Dóiteán
Tá an rannóg coiscthe dóiteáin freagrach as a chinntiú go bhfuil caighdeáin shásúla dóiteáin ann i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh láithreacha atá á n-áitiú ag daoine den phobal (gan tithe cónaithe príobháideacha a áireamh).
Déanann an tSeirbhís Dóiteáin measúnacht ar iarratais ar chead pleanála agus ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán (FSC).
Déantar iniúchtaí ar áiteanna siamsaíochta poiblí le linn seónna chun a chinntiú go bhfuil caighdeáin shásúla i bhfeidhm i dtaca le sábháilteacht ó dhóiteán.
Chun feasacht an phobail ar shábháilteacht ó dhóiteán agus ar chosc dóiteáin a mhéadú, tionscnaíonn an Príomhoifigeach Dóiteáin agus a fhoireann cainteanna poiblí agus seimineáir phoiblí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na seirbhísí atá á soláthar ag Seirbhís Dóiteáin na Gaillimhe, féach an roghchlár ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo nó déan teagmháil le Rannóg Coiscthe Dóiteáin Sheirbhís Dóiteáin & Tarrthála na Gaillimhe ag 091 570 900.
Reachtaíocht maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán
Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 & 2003
Faoi láthair, tá struchtúr na Seirbhíse Dóiteáin in Éirinn bunaithe ar reachtaíocht atá le fáil sna hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 & 2003. Cé go leagann an tAcht Seirbhísí Dóiteáin 1981 “dualgas an chúraim" i leith Sábháilteachta ó Dhóiteán i bhFoirgnimh ar an Úinéir/Áititheoir, tá cumhachtaí éagsúla ag na hÚdaráis Dóiteáin maidir le hiniúchadh a dhéanamh agus maidir le bearta Coiscthe Dóiteáin/Sábháilteachta ó Dhóiteán a fhorfheidhmiú i bhfoirgnimh láithreacha. Seo a leanas sliocht as Alt 18(2) de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 & 3003: -
“Beidh de dhualgas ar gach duine i gceannas áitribh lena mbaineann an t-alt seo–
(a) gach beart réasúnach a dhéanamh le bheith san airdeall ar dhóiteán tarlú san áitreabh sin,
(b) bearta réasúnacha maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a sholáthar don áitreabh sin agus nósanna imeachta cuí maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a sholáthar chun sábháilteacht daoine san áitreabh sin a áirithiú,
(c) a áirithiú go ndéantar na bearta maidir le sábháilteacht ó dhóiteán dá dtagraítear i mír (d) a chur i bhfeidhm gach tráth, agus
(d) sábháilteacht daoine san áitreabh, i gcás dóiteán tarlú, a áirithiú, a mhéid is féidir sin le réasún, cibé acu a tharla nó nár tharla dóiteán.”
D’fhéadfadh sé go ndlífear fíneáil uasta €12,697.38 agus/nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain a chur ar dhuine a chiontaítear i gcion faoin alt thuas.
An tAcht Seirbhísí Dóiteáin 1981
Cuid 3 (Leasú ar an Acht Seirbhísí Dóiteáin 1981) den Acht um Cheadúnú Ócáidí Laistigh 2003
Na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 & 2007
De réir an Achta um Rialú Foirgníochta, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán agus Deimhniú um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas i ndáil le hoibreacha áirithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- dearadh agus tógáil foirgnimh nua
- athrú ábhartha a dhéanamh ar fhoirgneamh nua-thógtha nó ar fhoirgneamh láithreach
- méadú níos mó ná 25 mhéadar chearnacha a dhéanamh ar fhoirgneamh
- athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid foirgnimh nó ar úsáid aon chuid d’fhoirgneamh.
Tá feidhm ag díolúintí áirithe. Ach má bheartaíonn tú oibreacha a dhéanamh, nó a chur faoi deara oibreacha a dhéanamh, is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Rialaithe Foirgníochta i do cheantar (Comhairle Chontae na Gaillimhe nó Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag brath ar shuíomh an láithreáin) nó le Rannóg Coiscthe Sheirbhís Dóiteáin & Tarrthála na Gaillimhe chun a fháil amach an bhfuil, nó nach bhfuil, gá le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán nó Deimhniú um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas. Ón 1ú Eanáir 2010 ar aghaidh, i gcás aon oibreacha a bhfuil gá le Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ina leith is iondúil go mbíonn gá le Deimhniú um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas ina leith freisin.
Féach an roinn a bhaineann le Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Féach an roinn a bhaineann le Deimhnithe um Rochtain do Dhaoine Faoi Mhíchumas, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Iniúchadh Bainistíochta
Seolann Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe feachtas leanúnach iniúchtaí chun seiceáil a dhéanamh ar fhoirgnimh a thaithíonn daoine den phobal chun a fháil amach an bhfuil na Rialacháin maidir le hÉalú Éasca á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh na hiniúchtaí sin a bheith ann aon tráth le linn gnáthuaire oibríochta áitreabh poiblí.
Na Rialacháin um Shábháilteacht Tine in Áiteanna Tionóil (Éalú Éasca), 1985 – I.R. Uimh. 249
Ceadúnú agus an tSeirbhís Dóiteáin
Ar fud na bliana, faigheann an tSeirbhís Dóiteáin fógra faoi iarratais atá déanta chuig na cúirteanna ar cheadúnais le haghaidh cineálacha éagsúla áitreabh poiblí. Ina cháil mar fhógra-pháirtí i ndáil le cuid mhór cineálacha iarratas ar cheadúnas, iarrtar ar an Údarás Dóiteáin iniúchtaí a dhéanamh ar áitribh agus ionadaí a bheith aige ag an éisteacht maidir leis an gceadúnas chun ráiteas a thabhairt i dtaobh aon agóide atá aige i gcoinne an ceadúnas a dheonú, más ann d’agóid den sórt sin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na cineálacha fógraí a fhaigheann an tÚdarás Dóiteáin, agus faoi na tréimhsí fógra atá ag teastáil, íoslódáil an doiciméad ceadúnúcháin thíos, le do thoil, is é sin, Tábla na gCeanglas maidir le Fógra: (tabhair do d’aire, le do thoil, gur uasdátaíodh an doiciméad seo den uair dheireanach i mí Dheireadh Fómhair 2008 agus go bhféadfadh sé go bhfuil athrú tagtha air; chun an fhaisnéis is déanaí a fháil, déan teagmháil le Seirbhís Chúirteanna na hÉireann, le do thoil):
District Court licence notification requirements)
Muirir ar Sheirbhísí Dóiteáin – Tuarascálacha ceadúnúcháin (2009) Fire Service Charges - Licensing reports (2009))
Ceadúnú Ócáidí
Tá Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe ina comhlacht infhógartha mar chuid den phróiseas pleanála i ndáil le hÓcáidí móra, Ceolchoirmeacha móra, paráid Lá Fhéile Pádraig etc. i roinnt ionad sa chathair.
Seo a leanas nasc leis an reachtaíocht iomchuí atá infheidhme.
- An tAcht um Cheadúnú Ócáidí Laistigh 2003
- An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000
- Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Ceadúnú Ócáidí Lasmuigh) 2001 – I.R. Uimh. 154
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte