Aláram Deataigh
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Éigeandála Sonraí
- Seirbhísí Éigeandála Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Aláram Deataigh
- Cosc Dóiteáin agus Reachtaíocht & Ceadúnú i ndáil
- Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán
- Muirir ar Sheirbhísí Freastail na Briogáide Dóiteá
- Pleanáil i ndáil le Móréigeandáil
- Deimhniú um Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas
Sa Scéim ar leith seo, comhoibreoidh an Chomhairle Contae le pobail, le soláthróirí seirbhíse agus le deonacha chun aláraim dheataigh in aisce a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. Ar an meán, faigheann 47 duine bás i ndóiteáin tí gach bliain in Éirinn. Is féidir an chuid is mó de na básanna seo a sheachaint ach aláram deataigh a oibríonn i gceart a bheith agat.
Comhiarracht é an tionscnamh seo idir an Chomhairle, Fóram Pobail agus Deonach Chontae na Gaillimhe, Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe agus na pobail, na soláthróirí seirbhíse agus na deonacha a thugann ainmneacha agus a chuidíonn le suiteáil na n-aláram. Maoiníonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil na haláraim.
Aláraim ina bhfuil ceallraí litiam atá i gceist agus maireann siad ar feadh deich mbliana. Má tá aithne agat ar theaghlaigh leochaileacha i do phobal a bhfuil aláram deataigh ag teastáil uathu, déan teagmháil leis an LRP trí ghlao gutháin a chur ar 087 233 0720 nó trí ríomhphost a chur chuig administrator@galwaycountyppn.ie.
Scéim Pobail na nAláram Deataigh
Suirbhé Sábháilteachta Dóiteáin Baile
SDTG Seicliosta Sábháilteachta Dóiteáin Baile
Pacáistí Sábháilteachta Dóiteáin Baile
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte