Toghcháin Áitiúla 2024
- Naisc ábhartha eile
- Toghcháin Áitiúla 2024
- Bileoga Torthaí na dToghchán Áitiúil
- Vótaíocht Sonraí
- Eolas Chlár na dToghthóirí
- Foirmeacha Chlár na dToghthóirí
- D’ionad vótaíochta
- Ráitis ar Shíntiúis agus Costais Toghcháin maidir
- Olltoghchán - Feabhra 2020
Fógra faoin gCruinniú Bliantúil
Fógra faoin gCruinniú Bliantúil
Torthaí an Toghcháin Áitiúil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2024
Dearbhú na dTorthaí Toghchán Áitiúil 2024
Bileog Torthaí Bhaile Átha an Rí-Órán Mór
Bileog Torthaí Bhéal Átha na Sluaighe
Bileog Torthaí Chonamara Thuaidh
Bileog Torthaí Chonamara Theas
Bileog Torthaí an Ghoirt-Chinn Mhara
Bileog Torthaí Bhaile Locha Riach
Reáchtálfar Toghcháin Áitiúla an 7 Meitheamh 2024 chun 39 gComhalta a thoghadh a dhéanfaidh ionadaíocht ar 7 dToghlimistéar Áitiúil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá seirbhís thiomnaithe teachtaireachtaí gutháin ar fáil do dhaoine lagamhairc chun eolas a fháil maidir le Toghcháin Áitiúla Chontae na Gaillimhe.
Tá an teachtaireacht fóin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus tugtar eolas faoi na hiarrthóirí de réir mar atá siad ar an pháipéir bhallóide do gach toghcheantar.
An uimhir theileafóin ná 091-509390 nó saorfhón 1800 928 894
Fógra na Vótaíochta_Comhairle Chontae na Gaillimhe
Ainmniúcháin Iarrthóirí_Comhairle Chontae na Gaillimhe
Ainm an Toghlimistéir Áitiúil |
Líon Comhaltaí le toghadh i leith gach Toghlimistéar Áitiúil
|
Baile Átha an Rí-Órán Mór |
7 |
Béal Átha na Sluaighe |
6 |
Conamara Thuaidh |
4 |
Conamara Theas |
5 |
An Gort-Cinn Mhara |
5 |
Baile Locha Riach |
5 |
Tuaim |
7 |
Iomlán |
39 |
Seo a leanas nasc chuig léarscáil ina sonraítear na toghranna ina bhfuil gach toghlimistéir áitiúil molta. Nuair a chliceálann tú ar an nasc thíos, cliceáil ar an gcnaipe 'Layers'. Tabharfaidh sé seo deis duit Toghlimistéir Áitiúla agus na Toghranna Ceantair a fheiceáil agus a roghnú:
Léarscáil Toghlimistéir Áitiúla Toghranna Ceantair
A BHEITH I D’IARRTHÓIR:
Féadfaidh iarrthóir é féin nó í féin a ainmniú nó féadfaidh moltóir, le toiliú an iarrthóra, é nó í a ainmniú. Ní mór moltóir a bheith cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i toghlimistéar aitiúil an údaráis áitiúil ar ina leith a bheartaíonn sé nó sí an t-iarrthóir a ainmniú (airteagal 14).
(Aon tagairtí idir lúibíní is tagairtí iad, mura luaitear a mhalairt, d’fhorálacha na Rialachán um Thoghcháin Áitiúla 1995, arna leasú).
Tosóidh an tréimhse chun ainmniúcháin a fháil an 10.00am Dé Sathairn, 11 Bealtaine, 2024 agus tiocfaidh chun deiridh an 12.00 meán lae Dé Sathairn an 18 Bealtaine, 2024. Glacfar le hainmniúcháin idir 10.00am agus 12.00 meán lae ar an Satharn an 18 Bealtaine, 2024.
Glacfaidh an Ceann Comhairimh, an tUas. Michael Owens le hainmniúcháin, laistigh de na dátaí arna sonrú thuas. Chun ceist ar bith a chur, déan teagmháil le:
AINM: An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha
RÍOMHPHOST: nominations@galwaycoco.ie
TEILEAFÓN: 091- 509310
- Cé atá Incháilithe:
- Nósanna Imeachta maidir le hIarrthóir a Ainmniú:
- Caiteachas agus Síntiúis
- Treoirlínte maidir le Póstaeir Thoghcháin
- Tuilleadh Eolais
Cé atá Incháilithe: Tá an Próiseas Ainmniúcháin do na Todhcháin Áitiúla dúnta anois.
Cáilitheacht maidir le Toghadh d'Údarás Áitiúil
(a) Gach saoránach Éireannach agus gach duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, a bhfuil 18 mbliana slánaithe aige nó aici, nach bhfuil faoi réir aon cheann de na dícháilíochtaí atá sainithe i mír (b) thíos, tá sé nó sí cáilithe lena thoghadh nó lena toghadh;
(b) Tá duine dícháilithe lena thoghadh nó lena toghadh chun údaráis áitiúil más rud é –
- gur comhalta de Choimisiún an Chomhphobail Eorpaigh é nó í, nó
- gur ionadaí de Pharlaimint na hEorpa é nó í, nó
- gur Breitheamh, Ardabhcóide nó Cláraitheoir ar Chúirt Bhreithiúnais an Chomhphobail Eorpaigh é nó í, nó
- gur comhalta de Chúirt Iniúchóirí an Chomhphobail Eorpaigh é nó í,
- gur comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann é nó í, nó
- go gceaptar é nó í faoin mBunreacht mar Bhreitheamh nó mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, nó
- gur comhalta den Gharda Síochána é nó í, nó
- gur comhalta lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta é nó í, nó
- gur státseirbhíseach é nó í nach bhfuil cead aige nó aici go sainráite de réir théarmaí a fhostaíochta nó a fostaíochta a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil, nó
- gur duine é nó í atá fostaithe ag údarás áitiúil, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus nach sealbhóir ar aicme fostaíochta, ar thuairisc fostaíochta nó ar ghrád fostaíochta atá ainmnithe le hordú faoi alt 161(1)(b) den Acht Rialtais Áitiúil 2001, nó
- gur duine é nó í atá fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus atá ar ghrád fostaíochta nó ar thuairisc fostaíochta atá ainmnithe le hordú ag an Aire Sláinte agus Leanaí, nó
- go bhfuil pianbhreith phríosúnachta á cur isteach aige nó aici ar feadh aon téarma is faide ná 6 mhí ar pianbhreith í arna forchur ag cúirt dlínse inniúla sa Stát, nó
- go mainníonn sé nó sí aon suim nó aon chuid d’aon suim arna muirearú nó arna formhuirearú ag iniúchóir cuntais aon údaráis áitiúil ar an duine sin nó ina choinne nó ina coinne a íoc, nó
- go mainníonn sé nó sí déanamh de réir breithiúnais chríochnaithigh, ordaithe chríochnaithigh nó foraithne críochnaithí ó chúirt dlínse inniúla, i leith airgid a dhlitear a íoc le húdarás áitiúil, nó
- go gciontaítear é nó í i gcion, nó gur daingníodh ciontú ar achomharc ina leith mar gheall ar chion a bhaineann le déileálacha calaoiseacha nó mí-ionraice a fhearann ar údarás áitiúil nó a bhaineann le cleachtas éillitheach nó gníomhú le linn a bheith dícháilithe.
(An tAcht Rialtais Áitiúil 2001, arna leasú – ailt 13 agus 13A).
Tá duine in aon cheann de na hearnálacha atá liostaithe thuas dícháilithe lena ainmniú nó lena hainmniú chun a thofa nó chun a tofa
freisin (An tAcht Rialtais Áitiúil 2001 – alt 2(4)).
Nósanna Imeachta maidir le hIarrthóir a Ainmniú
Tosóidh an tréimhse ainmniúcháin an 10.00am Dé Sathairn an 11 Bealtaine, 2024 agus tiocfaidh deireadh léi an 12.00 meán lae Dé Sathairn an 18 Bealtaine, 2024. Glacfar le hainmniúcháin idir 10.00am agus 12.00 meán lae ar an Satharn an 18 Bealtaine, 2024.
Tá Páipéar/Páipéir Ainmniúcháin ar fáil mar seo a leanas:
- ón Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, an 2ú hUrlár, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX.
- Ar an teileafón ag 091 509310
- Ar ríomhphost chuig nominations@galwaycoco.ie
Caithfear ainmniúcháin a dhéanamh ar an bhfoirm oifigiúil, an Fhoirm LE1, mar a threoraíonn an tAire, agus tá páipéar ainmniúchán ar leithligh de dhíth i leith gach Toghlimistéar Áitiúil dá bhfuil iarrthóir ainmnithe.
Ní mór don iarrthóir nó don mholtóir an páipéar ainmniúcháin comhlánaithe a sheachadadh ar an gceann comhairimh i bpearsa laistigh den tréimhse atá socraithe chun ainmniúcháin a ghlacadh (ar tréimhse í a chríochnaíonn ar 12 meán lae, an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh). (airteagail 17 agus 18).
LE1 Foirm ainmniúcháin Toghcháin Áitiúla 2024
Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta, atá cláraithe ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta, dá bhfuil sé ina chomhalta, a chur ar an bpáipéar ainmniúcháin ar an gcoinníoll go gcuirtear deimhniú, san fhoirm arna sonrú, lena bhfíordheimhnítear a iarrthóireacht, ar fáil don Cheann Comhairimh an tráth a seachadtar an páipéar ainmniúcháin.
Deimhniú Comhaltais Pholaitíochta
Féadfaidh iarrthóir nach iarrthóir do pháirtí polaitíochta cláraithe é, an frása “Neamh-Pháirtí” a chur i ndiaidh a ainm ar an bpáipéar ainmniúcháin más mian leis. Ní cheadaítear “Neamhspleách” mar thuairisc. Ceadaítear d’iarrthóir spás bán a fhágáil sa spás a thugtar ar an bpáipéar ainmniúcháin don pháirtí polaitíochta.
Ní mór d’iarrthóir neamh-pháirtí i dtoghchán áitiúil (i.e. nach bhfuil deimhniú cleamhnachta polaitíochta aige lena bhfíordheimhnítear iarrthóireacht iarrthóra thar ceann pháirtí polaitíochta atá cláraithe ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta), ceann amháin nó níos mó de na nósanna imeachta seo a leanas a chomhlíonadh sula dtéann an tréimhse ama chun ainmniúcháin a fháil in éag:
(i) dearbhuithe reachtúla a bheith comhlánaithe ag 15 aontaitheoir atá cláraithe mar thoghthóirí rialtais áitiúil sa toghlimistéar áitiúil iomchuí agus ní mór na dearbhuithe sin a bheith fianaithe ag Coimisinéir Mionnaí, ag Feidhmeannach Síochána, ag Nótaire Poiblí, ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach de chuid an údaráis clárúcháin,
LE1A Foirm an Dearbhaithe Reachtúil 2024
Nó
(ii) éarlais €100, a bheith taiscthe leis an gCeann Comhairimh ag an iarrthóir, nó ag duine éigin atá ag gníomhú thar ceann an iarrthóra.
Áirítear ar na modhanna íocaíochta chun éarlais €100.00 a lóisteáil, Cárta Dochair/Creidmheasa (le linn ghnáthuaireanta oifige) nó airgead tirim.
Glacfaidh an Ceann Comhairimh, an tUas. Michael Owens le hainmniúcháin, laistigh de na dátaí arna sonrú thuas. Chun ceist ar bith a chur, déan teagmháil le:
AINM: An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha
RÍOMHPHOST: nominations@galwaycoco.ie
TEILEAFÓN: 091- 509310
Caiteachas agus Síntiúis
Caiteachas
Déantar foráil san Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999 do chóras chun síntiúis agus caiteachas a nochtadh ag toghcháin áitiúla. Baineann na treoirlínte sin leis na hoibleagáidí reachtúla d’iarrthóirí, do ghníomhairí náisiúnta, do dhaoine ainmnithe agus do dhaoine nach bhfuil baint acu le páirtí polaitíochta nó d’iarrthóirí (tríú páirtithe) ag na toghcháin áitiúla atá le teacht agus eisítear iad de bhun alt 18(6) den Acht.
Leasaíodh teorainneacha caiteachais, a tugadh isteach den chéad uair do na toghcháin áitiúla in 2009, san Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. Ó reáchtáladh na toghcháin áitiúla in 2019, rinneadh athbhreithniú breise ar na teorainneacha caiteachais atá i bhfeidhm sna toghcháin áitiúla i gcomhréir le hathruithe ar an innéacs praghsanna do thomhaltóirí.
Braitheann an teorainn ar dhaonra an Toghlimistéir Áitiúil, mar seo a leanas:
Daonra an Toghlimistéir Áitiúil agus teorainn caiteachais an iarrthóra
- Daonra níos mó ná 35,000 - €15,350
- Daonra idir 18,001 agus 35,000 - €13,600
- Daonra 18,000 nó níos lú - €11,500
Meastar i leith iarrthóirí arna n-ainmniú ag páirtí polaitíochta go ndéanann siad 10% dá dteorainn caiteachais a leithdháileadh go huathoibríoch ar ghníomhaire náisiúnta an pháirtí. Mar shampla, mheasfaí i leith iarrthóra páirtí a mbeadh teorainn 15,350 euro aige go ndéanfadh sé 1,535 euro a leithdháileadh go huathoibríoch lena úsáid ag an bpáirtí. Dá bhrí sin, is 13,815 euro a bheadh sa teorainn go héifeachtach. Is féidir an figiúr 10% a mhéadú nó a laghdú le comhaontú i scríbhinn idir an t-iarrthóir agus an gníomhaire náisiúnta.
Ní mór caiteachas toghcháin arna thabhú i rith na tréimhse roimh an toghchán a thuairisciú chuig an údarás áitiúil lena mbaineann agus ní mór dó bheith faoin teorainn shonraithe. Leagtar amach dáta tosaithe na tréimhse caiteachais in ordú arna dhéanamh ag an Aire roimh an toghchán agus ní mór di tosú idir 50 agus 60 lá roimh lá na vótaíochta.
Ní mór d'iarrthóir ráiteas i scríbhinn maidir leis na caiteachais toghcháin go léir (cibé acu a íoctar nó nár íocadh iad) a thabhaítear i ndáil le toghchán áitiúil a thabhairt go pearsanta dá n-údarás áitiúil laistigh de 90 lá tar éis lá na vótaíochta sa toghchán sin. Agus an toghchán á reáchtáil an 7 Meitheamh 2024, ní mór an ráiteas i scríbhinn a chur isteach an 5 Meán Fómhair 2024 nó roimhe sin.
Tabhartais
Tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm maidir le tabhartais
- €1,000 an t-uasmhéid a fhéadfaidh comhalta údaráis áitiúil nó iarrthóir i dtoghchán áitiúil glacadh leis.
- €100 an t-uasmhéid a fhéadfaidh glacadh leis ó fhoinse anaithnid.
- Ní mór mionsonraí faoi thabhartais níos mó ná 600 euro a nochtadh i ráiteas a dhéantar chuig an údarás áitiúil.
- Ní mór d’iarrthóir nó do chomhalta údaráis áitiúil a fhaigheann tabhartas airgeadais níos mó ná 100 euro cuntas do thabhartais pholaitíochta a oscailt agus a choimeád i bhforas airgeadais.
Tá srian le tabhartais áirithe
- Tá cosc ar thabhartas níos mó ná 100 euro a ghlacadh ó fhoinse anaithnid.
- Tá cosc ar thabhartais níos mó ná 200 euro in airgead tirim chomh maith.
Tá rialacha sonracha ann lena gcuimsítear tabhartais chorparáideacha níos mó ná 200 euro – ní mór don deontóir a bheith cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus ní mór fianaise a chur ar fáil gur cheadaigh an comhlacht corparáideach an tabhartas.
Treoirlínte d'Iarrthóirí (as Béarla) - maidir le Caiteachas Toghcháin, Teorainneacha Caiteachais a Nochtadh agus Cuntais Síntiús Polaitíochta
Treoirlínte do Ghníomhairí (as Béarla) agus do Dhaoine Ainmnithe de chuid páirtithe polaitíochta agus tríú páirtithe maidir le Caiteachas Toghcháin, Teorainneacha Caiteachais a Nochtadh agus Cuntais Síntiús Polaitíochta
Treoirlínte maidir le Póstaeir Thoghcháin
An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009, is ea an reachtaíocht lena rialaítear póstaeir a chrochadh um thoghcháin. Déantar foráil sa reachtaíocht nach gceadaítear póstaeir a chrochadh ach amháin ón dáta a ndéanann an tAire an t-ordú lena gceaptar lá na vótaíochta nó 30 roimh dháta na vótaíochta, cibé tréimhse is giorra.
Agus socruithe déanta anois do thoghcháin áitiúla 2024, shoiléirigh an tAire an tréimhse ama inar féidir le hiarrthóirí póstaeir toghcháin a thaispeáint. Ní féidir le hiarrthóirí póstaeir a chur in airde ach ón 8 Bealtaine 2024, sin 30 lá roimh an dáta vótála. Tá dualgas ar iarrthóirí gach póstaer a bhaint laistigh de 7 lá ón vótaíocht.
Maidir le Sábháilteacht
Is é an taithí a bhí againn i dtoghcháin roimhe seo go bhfuarthas go leor gearán ó thiománaithe agus ó choisithe i ndáil le ceisteanna sábháilteachta a bhaineann le póstaeir thoghcháin. Tá roinnt ceisteanna ardaithe ag ár bhfoireann féin freisin. Baineann na príomhcheisteanna leis an méid seo a leanas:
- Póstaeir a cheileann infheictheacht soilse tráchta/coisithe agus comharthaí tráchta. Póstaeir a chrochtar ar chuaillí in aice le soilse nó le comharthaí a chruthaíonn go leor de na fadhbanna sin.
- Póstaeir atá níos ísle ná airde an chloiginn nó a dhéanann teagmháil leis an talamh. Is féidir go gcruthódh na póstaeir sin bacainní ar an gcosán agus is guais ach go háirithe iad do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu
- Ceangail chábla atá ag gobadh amach agus atá ar leibhéal a d’fhéadfadh coisithe a ghortú, leanaí ach go háirithe
Sa chás go bhfaigheann foireann Chomhairle Chontae na Gaillimhe amach faoi phóstaeir a mheastar gur contúirt iad, déanfar iad a bhaint agus a dhiúscairt.
D’fhéadfadh na treoirlínte seo a leanas a bheith áisiúil maidir lena chinntiú nach guais don phobal iad póstaeir.
- Is ceart póstaeir a chrochadh ar a laghad 2.3 méadar os cionn cosáin, rotharbhealaí nó áit ar bith a bhfuil rochtain ag coisithe uirthi
- Ní ceart póstaeir a chrochadh ar chuaillí lampa a bhfuil soláthar leictreachais trí líne lastuas orthu, ar chuaillí soilse tráchta, ar uchtbhallaí droichead, ar uasbhealaí, ar dhroichid coisithe ná ar bhacainní tráchta ar thaobh an bhóthair
- Ní ceart do phóstaeir comharthaí reachtúla bóithre ná soilse tráchta/coisithe a cheilt ar bhealach ar bith
- Is ceart póstaeir a ghreamú go daingean de chuaillí le ceangail cáblaí nó le hábhar comhchosúil le gur féidir iad a bhaint anuas gan dochar a dhéanamh do na cuaillí
Níl cead póstaeir thoghcháin a chur ar taispeáint laistigh de 50 méadar ó stáisiún vótaíochta. Bíonn feidhm leis an srian sin 30 nóiméad sula dtosaíonn an vótáil go hoifigiúil agus maireann sé go dtí 30 nóiméad i ndiaidh dheireadh na vótaíochta. Ní mór ainm agus seoladh an chlódóra a bheith ar phóstaeir chomh maith.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte