Fógra - Olltoghchán Feabhra 2020
- Naisc ábhartha eile
- Fógra - Olltoghchán Feabhra 2020
- Ceisteanna Coitianta Olltoghchán Feabhra 2020
OLLTOGHCHÁN
DÉ SATHAIRN, AN 8 FEABHRA 2020
Uaireanta Oscailte na Stáisiún Vótála
7:00 a.m. – 10:00 p.m.
An bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí?
Is féidir leat a sheiceáil ag oifigí do Chomhairle Cathrach, Contae, nó Cathrach agus Contae agus ar líne ag www.checktheregister.ie
Mura bhfuil, tá roinnt ama ann chun iarratas a dhéanamh go gcuirfí thú san Fhorlíonadh leis an gClár chun vóta a chaitheamh ag an olltoghchán
Fiosruithe Clár na DToghtóirí
Fón 091509310
Óm 9.00r.n. go dtí 5.00i.n
8 Feabhra 2020
Titfidh Olltoghchán amach Dé Sathairn, an 8 Feabhra 2020.
Caithfidh gnáthchónaí a bheith ort ag an seoladh ar mian leat clárú ann agus a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála chun vóta a chaitheamh. Má tá tú ar an gclár agus má d’aistrigh tú seoladh le déanaí, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh chun an forlíonadh leis an gclár a bhaint amach ag do sheoladh nua.
Seo a leanas an ceart chun vóta a chaitheamh:
Is féidir le Saoránaigh Éireannacha agus na Breataine vóta a chaitheamh san olltoghchán.
Tá foirmeacha iarratais don fhorlíonadh ar fáil ó do Chomhairle Cathrach, Contae, nó Cathrach agus Contae agus ar líne ag www.checktheregister.ie. Caithfidh foirmeacha comhlánaithe a bheith faighte ag do Chomhairle Cathrach, Contae, nó Cathrach agus Contae Dé Céadaoin, an 22 Eanáir 2020 nó roimhe sin.
Forlíonadh leis na Liostaí Poist agus Vótálaithe Speisialta
Má tá tú incháilithe chun vóta a chaitheamh sa phost, nó mura féidir leat vóta a chaitheamh i bpearsan mar gheall ar bhreoiteacht fhisiciúil nó míchumas fisiciúil agus má tá cónaí ort in ospidéal, teach altranais nó in institiúid dá macasamhail, agus mura bhfuil tú ar Liosta na Vótálaithe Poist nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, is féidir leat iarratas a dhéanamh go gcuirfear thú leis an bhforlíonadh leis na liostaí seo. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó do Chomhairle Cathrach, Contae, nó Cathrach agus Contae. Caithfidh foirmeacha comhlánaithe a bheith faighte ag do Chomhairle Cathrach, Contae, nó Cathrach agus Contae Dé Máirt, an 16 Eanáir 2020 nó roimhe sin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte