Ceisteanna Coitianta Olltoghchán Feabhra 2020
- Naisc ábhartha eile
- Fógra - Olltoghchán Feabhra 2020
- Ceisteanna Coitianta Olltoghchán Feabhra 2020
Ceisteanna Coitianta - Clár na dToghthóirí
Cathain a bheidh an tOlltoghchán ar Siúl?
Beidh Olltoghchán ar siúl Dé Sathairn, an 8 Feabhra 2020 idir 7.00 am agus 10.00 pm.
Cé ar féidir leis Vóta a Chaitheamh san Olltoghchán seo?
Ní féidir ach le daoine atá ar Chlár na dToghthóirí 2019-2020 (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 14 Feabhra 2020) nó san Fhorlíonadh leis an gClár (a bheidh ar oscailt a fhad le Dé Céadaoin, an 22 Eanáir, an lá sin san áireamh) vóta a chaitheamh.
Le bheith cláraithe chun vóta a chaitheamh sa toghchán seo, caithfidh saoránach Éireannach nó na Breataine a bheith ionat, caithfidh gnáthchónaí a bheith ort sa Stát agus a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála.
Conas atá a fhios agam go bhfuilim cláraithe chun vóta a chaitheamh?
Céim 1
- Caith súil ar líne ar checktheregister.ie lena seiceáil an bhfuil do shonraí ar chlár na dtghthóirí 2019-2020. Mar rogha air sin, is féidir le daoine seiceáil go díreach lena n-údarás áitiúil. Má tá do shonraí curtha san áireamh i gceart, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh.
Céim 2
- Mura bhfuil do shonraí curtha san áireamh i gclár 2019-2020, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil ábhartha san áit a gcónaíonn tú agus a sheiceáil an bhfuil do shonraí curtha san áireamh san fhorlíonadh le clár na dtoghthóirí. Má tá do shonraí curtha san áireamh san fhorlíonadh leis an gclár, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh.
Céim 3
- Mura bhfuil do shonraí curtha san áireamh sa chlár ná san fhorlíonadh leis an gclár, ba cheart duit an t-iarratas cuí a fháil ó d’údarás áitiúil (nó é a íoslódáil ó checktheregister.ie) agus an fhoirm ábhartha a chríochnú agus, sula síníonn tú an dearbhú, é a thabhairt, chomh maith le haitheantas grianghraif chuig do stáisiún Gardaí áitiúil agus é a shíniú i láthair baill den Gharda Síochána, a dhéanfaidh an fhoirm a stampáil ansin. Caithfidh foirmeacha a bheith faighte ag an údarás áitiúil an 22 Eanáir 2020 nó roimhe sin chun go mbeidh daoine cláraithe don toghchán seo.
Má tá tú i mBaile Átha Cliath, b’fhéidir go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar an bhforlíonadh ag voter.ie.
Cén fhoirm is gá dom a líonadh chun go gcuirfear mé leis an bhForlíonadh?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh go gcuirfear leis an bhForlíonadh le Clár 2019-2020 thú, a cheadóidh duit vóta a chaitheamh ag an toghchán a bheidh ar siúl an 8 Feabhra, agus a bheidh ar oscailt d’iarratais a fhad le Dé Céadaoin, an 22 Eanáir, an lá sin san áireamh.
Tá sonraí breise ar na foirmeacha agus tá siad ar fáil ag www.checktheregister.ie, nó ó d’údarás clárúcháin áitiúil. Seo a leanas na foirmeacha:
- Mura bhfuil tú cláraithe - úsáid Foirm RFA2 chun iarratas a dhéanamh
- Más mian leat seoladh a athrú - úsáid Foirm RFA3 chun iarratas a dhéanamh
- Má tá tú cláraithe cheana féin agus má rinneadh saoránach Éireannach díot ó shin i leith - úsáid Foirm RFA5 chun iarratas a dhéanamh
Má tá tú i mBaile Átha Cliath, b’fhéidir go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar an bhforlíonadh ag voter.ie.
Teastaíonn deimhniúchán aitheantais chun an forlíonadh a iontráil:
- ó bhall den Gharda Síochána ag do Stáisiún Gardaí áitiúil, a bheidh mar fhinné ar do shíniú agus a dhéanfaidh d’fhoirm a stampáil; (mura féidir leat dul a fhad le stáisiún Gardaí, déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun teacht ar eolas breise);
- nó, trí voter.ie (Baile Átha Cliath amháin) trí úsáid a bhaint as MyGovID.
Tabhair faoi deara, le do thoil, caithfidh d’fhoirm a bheith faighte ag an údarás áitiúil Dé Céadaoin, an 22 Eanáir nó roimhe sin chun go mbeidh tú ábalta vóta a chaitheamh san Olltoghchán an 8 Feabhra.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim ábalta vóta a chaitheamh i bpearsan ag mo stáisiún vótála áitiúil an 8 Feabhra?
*Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh na Vótálaithe Speisialta nó Poist inniu, Déardaoin, an 16 Eanáir*.
De ghnáth, caithfidh tú vóta a chaitheamh i bpearsan ag do stáisiún vótála áitiúil, ach is féidir le catagóirí áirithe daoine, áfach, iarratas a dhéanamh go n-iontrálfar iad ar liosta de vótálaithe Speisialta nó Poist, agus i measc na ndaoine seo, tá iad seo a leanas:
Iad siúd a bhfuil breoiteacht fisiciúil orthu nó atá faoi mhíchumas fisiciúil a chónaíonn in ospidéal, teach altranais nó ina mhacasamhail d’institiúid;
Daoine a chónaíonn sa bhaile nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh ag a stáisiún vótála mar gheall ar bhreoiteacht fhisiciúil nó míchumas fisiciúil;
Daoine ar dóchúil go gcuireann a ngairm bheatha cosc orthu ó vóta a chaitheamh ag a stáisiún vótála áitiúil ar lá na vótála, mic léinn lánaimseartha ina measc atá cláraithe sa bhaile ach a chónaíonn in áit eile fad a fhreastalaíonn siad ar institiúid oideachais sa Stát;
Baill den Gharda Síochána, baill lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta, taidhleoirí Éireannacha a cuireadh thar lear agus a gcéilí/páirtnéirí sibhialta, príosúnaigh agus foireann toghcháin áirithe.
Tá iarratais ar na catagóirí seo vótálaithe ar fáil, chomh maith, ag www.checktheregister.ie, nó ó d’údarás clárúcháin áitiúil.
Tabhair faoi deara, le do thoil, is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar an bhForlíonadh Vótálaithe Speisialta nó Poist Déardaoin, an 16 Eanáir. (Is é an chúis atá leis seo go gceadaíonn sé na liostaí vótálaithe Speisialta agus Poist seo a ullmhú in ord chun go n-eiseofar vótaí poist in am chun go gcuirfear a iad, ar a seoladh ar ais, san áireamh don bhallóid do do thoghcheantar ábhartha).
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás clárúcháin a luaithe agus is féidir má thagann tú faoi chuimsiú ceann de na catagóirí thuas agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar vóta speisialta nó poist.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte