Ráiteas Príobháideachais
- Naisc ábhartha eile
- Achtanna um Chosaint Sonraí
- Creat Reachtaíochta
- Conas d'fhaisnéis phearsanta a iarraidh
- Ráiteas Príobháideachais
- Polasaí um Chosaint Sonraí
- Beartas maidir le TCI (CCTV)
- Beartas Grianghrafadóireachta agus Físeáin
- Eolas Teagmhála
- Fógra Príbháideachais
Maidir linn agus an chúis a dteastaíonn do chuid faisnéise uainn
Is é Contae na Gaillimhe an dara Contae is mó in Éirinn. Is 6,149 ciliméadar achar an chontae atá ag síneadh le cósta fairsing. Tá tírdhreach álainn agus oidhreacht shaibhir cultúir sa chontae. Is i gContae na Gaillimhe atá an daonra Gaeltachta is mó sa tír. Tá 48.5% de dhaonra na Gaeltachta ag cur fúthu sa chontae agus labhraíonn 35,668 duine ann Gaeilge gach lá (bunaithe ar Dhaonáireamh 2011). Tá ceithre oileán sa gcontae a bhfuil cónaí orthu.
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe údarás áitiúil Chontae na Gaillimhe. Déanann sí freastal ar dhaonra 175,124 (bunaithe ar Dhaonáireamh 2011). Feidhmíonn an Chomhairle a cuid feidhmeanna go héifeachtach agus cuireann fóram d'ionadaíocht éifeachtach, cuntasach agus daonlathach ar fáil don Chontae chomh maith le réimse seirbhísí. Comhlíonann sí an ról seo go díreach agus trí chomhoibriú le heagraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le grúpaí agus pobail forbartha áitiúla.
Féachann Comhairle Chontae na Gaillimhe le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus timpeallachta Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn agus le caighdeán saoil mhuintir Chontae na Gaillimhe a fheabhsú ag an am céanna. Is é an fhís atá againn do Ghaillimhgur Contae é a mbeadh féiniúlacht ar leith ag baint leis, ina dtugtar léiriú ar oidhreacht, ar theanga agus ar chultúir an chontae, áit a gcuirtear forbairt eacnamaíochta chun cinn, ina gcothaítear folláine agus rannpháirteacht pobail, ina gcoinnítear agus a bhforbraítear bonneagar riachtanach agus ina dtugtar cosaint don timpeallacht.
Tá seirbhísí comhordaithe, éifeachtacha agus ar luach maith a chur ar fáil, atá dírithe ar acmhainn iomlán Chontae na Gaillimhe a fhíorú, agus atá leagtha amach chun riachtanais ár gcustaiméirí ar fad a bhaint amach fós ar cheann de chroí-chuspóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá sin san áireamh inár bPlean Corparáideach.
Is é príomhfheidm Chomhairle Chontae na Gaillimhe réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil do Chontae na Gaillimhe faoi na príomhcheannteidil seo a leanas:
- Tithíocht agus Foirgníocht
- Bóithre, Iompar agus Sábháilteacht
- Uisce agus Camras
- Tionscnaimh agus rialuithe forbartha
- Cosaint comhshaoil
- Áineas agus Taitneamhacht
- Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas
- Ilghnéitheach
Ní hamháin go nglactar leibhéal agus cáilíocht na seirbhísí do chustaiméirí san áireamh sa tseirbhís ardchaighdeáin a chuirtear ar fáil ach áirítear freisin cáilíocht na bpróiseas déanta cinntí, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ár n-oibríochtaí corparáideacha, caighdeán ár n- áiseanna agus an cumas atá againn dul in oiriúint i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú go síoraí.
Le go mbeimid in ann an réimse seirbhísí is éifeachtaí agus is dírithe a chur ar fáil chun riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnóthaí Chontae na Gaillimhe a bhaint amach, beidh orainn cineálacha ar leith faisnéise faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á chur ar fáil d'fhéadfadh 'sonraí pearsanta' mar a shainmhínítear sna hAchtanna um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) a bheith i gceist le faisnéis a bheifí a lorg agus d'fhéadfadh baint a bheith aici le húsáideoirí, iarúsáideoirí nó úsáideoirí seirbhíse amach anseo; iarfhostaithe, fostaithe reatha nó fostaithe amach anseo; soláthróirí; agus daoine sa phobal a d'fhéadfadh dul i mbun cumarsáide leis an bhfoireann. Ina theannta sin, d'fhéadfadh go gcaithfeadh an fhoireann, ó am go chéile, cineálacha ar leith sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtacha a chomhlíonadh.
An chúis a bhfuil ráiteas príobháideachais againn
Le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh, éilítear ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe líon suntasach de "Shonraí Pearsanta" a phróiseáil de réir bhrí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 / 2003/2018 ("na hAchtanna") agus na rialachán Eorpach 2016/679 (GDPR). Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe aird ar chearta príobháideachais na ndaoine a ndéanaimid a gcuid Sonraí Pearsanta a phróiseáil agus táimid ar an eolas maidir lenár gcuid oibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
Leagtar amach sa ráiteas príobháideachais seo mar a dhéanann Comhairle Chontae na Gaillimhe Sonraí Pearsanta a fháil agus a phróiseáil chun go mbeidh tuiscint shoiléir acusan a chuireann Sonraí Pearsanta ar fáil dúinn ar chleachtais agus ar nósanna imeachta na Comhairle. Tá an ráiteas príobháideachais seo curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an tiomantas daingean atá againn i leith príobháideachas a léiriú agus lena ghealladh duit go bhféadfaidh tú a bheith cinnte de go mbeidh na sonraí a chuirfidh tú ar fáil agus tú ag plé le Comhairle Chontae na Gaillimhe slán.
Cruthaíonn, bailíonn agus próiseálann Comhairle Chontae na Gaillimhe lear suntasach sonraí pearsanta in ilfhormaidí éagsúla gach lá. Maidir leis na sonraí pearsanta b'fhéidir a chaithfeá a chur ar fáil dúinn, geallann Comhairle Chontae na Gaillimhe;
- Go bhfaightear iad ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach
- Nach bhfaighfear iad ach chun críocha sonraithe, follasacha agus dlisteanacha amháin
- Go mbeidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don méid is gá chun na gcríoch dá bhfuil siad á bhfáil
- Go ndéanfar iad a thaifeadadh agus a stóráil go cruinn agus go slán agus dtabharfar cothrom le dáta iad nuair is gá.
- Nach gcoinneofar na sonraí níos faide ná is gá chun na gcríoch dá bhfuil siad de dhíth.
- Go gcoinneofar sonraí ar bhealach inar féidir na daoine is ábhar do na sonraí a aithint
- Go ndéanfar sonraí a phróiseáil ar bhealach a chinnteoidh slándáil chuí na sonraí pearsanta lena n-áirítear cosaint ó phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.
Beartas um chosaint sonraí
Tá Beartas um Chosaint Sonraí mionsonraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a bhfuil tuilleadh eolais ann maidir lenár dtiomantas mar chomhlacht poiblí i leith slándáil aon sonraí pearsanta a thugann tú dúinn a chinntiú.
Céard iad na sonraí pearsanta a bheidh uainn?
Is féidir na cineálacha sonraí pearsanta a d'fhéadfaí a iarraidh ort a rangú mar seo a leanas,
- Sonraí teagmhála d'fhonn cumarsáid éifeachtach a dhéanamh
- Sonraí maidir le do chuid cúinsí pearsanta a bhfuil sé de dhualgas ort de réir an dlí iad a chur ar fáil mar chuid de d'iarratas ar sheirbhís atá á cur ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe
- Do chuid sonraí airgeadais féin a bhfuil sé de dhualgas ort de réir an dlí iad a chur ar fáil mar chuid de d'iarratas ar sheirbhís atá á cur ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe
Sonraí Teagmhála
Chun go mbeimid in ann cumarsáid a dhéanamh leat, iarrfar ort sonraí teagmhála a chur ar fáil. Ní gá duit na sonraí teagmhála ar fad a chur ar fáil ach dá mó a chuirfidh tú ar fáil - ríomhphost, fón, seoladh - is ea is éasca a bheidh sé cumarsáid a dhéanamh leat.
Sonraí i ndáil le Cúinsí Pearsanta
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, iarrfar ort méid éagsúil sonraí pearsanta a bhaineann leat féin agus le do theaghlach go sonrach a chur ar fáil chun tacú le d'iarratas. Leagfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe amach an fhaisnéis a theastóidh uaithi i sraith d'fhoirmeacha iarratais ar leith agus sonracha atá ábhartha do gach seirbhís. Cuirfidh gach aonad seirbhíse/gnó a iarrfaidh faisnéis phearsanta ort fógra príobháideachais mionsonraithe ar fáil duit freisin a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís sin ina mbeidh eolas faoi na nithe seo a leanas,
- Cur síos maidir leis an údar sonrach agus dlisteanach a bhfuil na sonraí pearsanta á lorg,
- An bunús dlí faoina bhfuiltear ag iarraidh an t-eolas a chur ar fáil,
- Sonraí na n-eagraíochtaí/gcomhlachtaí/n-eintiteas eile a mbeidh orainn na sonraí a roinnt leo, nó sonraí a fháil uathu, le go mbeimid in ann an tseirbhís atá de dhíth a chur ar fáil,
- Sonraí maidir leis an gcaoi a gcoinneofar do chuid sonraí pearsanta slán ó phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach,
- Sonraí maidir leis an tréimhse a gcoinneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe do chuid sonraí pearsanta agus cur síos ar a dtarlóidh dóibh nuair a bheidh an tréimhse coinneála atá de dhíth imithe in éag.
Sonraí Airgeadais
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, d'fhéadfaí go n- iarrfaí ort méid éagsúil sonraí pearsanta a bhaineann leat féin agus le do theaghlach go sonrach a chur ar fáil chun tacú le d'iarratas. Leagfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe amach an t-eolas a theastaíonn uaithi i sraith d'fhoirmeacha iarratais ar leith agus sonracha atá ábhartha do gach seirbhís. Mar is ionann le sonraí pearsanta eile ar a bhfuil cur síos thuas, rachaidh an tseirbhís/rannóg ar leith i gComhairle Chontae na Gaillimhe i ngleic leis an ngá atá le sonraí airgeadais mar chuid dá bhfógra príobháideachais sonrach féin.
Bainistithe agus Coinneála Taifead
Tá beartas coinneála taifead mionsonraithe ag gach aonad de Comhairle Chontae na Gaillimhe a bhfuil tuilleadh eolais ann i ndáil leis an tréimhse a gcoinneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe do chuid sonraí pearsanta agus cur síos ar a dtarlóidh dóibh nuair a bheidh an tréimhse coinneála atá de dhíth imithe in éag.
Na Cearta atá Agat
Tá sé de cheart agat rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta atá coinnithe fút, deimhniú a fháil maidir le cibé an bhfuil sonraí a bhaineann leat ann, tú a chur ar an eolas maidir le hábhar agus foinse na sonraí agus cruinneas na sonraí sin a sheiceáil. Ina theannta sin, má fhaightear go bhfuil na sonraí atá á gcoinneáil againn míchruinn, tá sé de cheart agat na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a athrú, a bhaint, a bhlocáil nó cur ina gcoinne. I gcúinsí áirithe d'fhéadfadh rochtain ar shonraí a bhlocáil moill a chur ar sheirbhís nó rochtain uirthi a bhaint nuair atá gá leis na sonraí sin de réir an dlí nó chun críocha riachtanacha a bhaineann le seirbhís a chur ar fáil duit. Tabhair ar aird go nglacaimid céimeanna chun d'aitheantas a dheimhniú sula dtugtar rochtain ar do chuid sonraí pearsanta ar mhaithe le do chuid príobháideachais a chosaint. Más mian leat aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, cuir iarratas isteach le do thoil chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí, ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Co. na Gaillimhe H91H6KX do dpo@galwaycoco.ie, ag cur síos ar shonraí sonracha an iarratais.
Úsáid Fianán
Is comhaid bheaga téacs iad fianáin ar féidir le láithreáin ghréasáin iad a úsáid chun eispéireas úsáideora a dhéanamh níos éifeachtaí. Deir an dlí gur féidir linn fianáin a stóráil ar do ghléas má tá siad fíor-riachtanach chun an suíomh seo a oibriú. Teastaíonn do chead uainn le haghaidh gach cineál fianán eile. Úsáideann an suíomh seo cineálacha éagsúla fianáin. Cuireann seirbhísí tríú páirtí atá le feiceáil ar ár leathanaigh roinnt fianáin. Féadfaidh tú ag am ar bith do thoiliú a athrú nó a tharraingt siar ón Dearbhú Fianán ar ár suíomh Gréasáin, féach ar an nasc chuig Socruithe Fianán,
-
Cookie Settings
An Ceart Gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Mura bhfuil tú sásta le toradh an fhreagra atá faighte agat ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil le d'iarraidh, tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí agus d'fhéadfadh sé an cás a fhiosrú duit.
Is é www.dataprotection.ie láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí nós is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ar:
Uimhreacha Teagmhála: 1800437 737 / 017650100
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Seoladh Poist: Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire, Co. Laoise. R32 AP23.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte