Beartas Drón
- Naisc ábhartha eile
- Achtanna um Chosaint Sonraí
- Creat Reachtaíochta
- Conas d'fhaisnéis phearsanta a iarraidh
- Ráiteas Príobháideachais
- Polasaí um Chosaint Sonraí
- Beartas maidir le TCI (CCTV)
- Beartas Grianghrafadóireachta agus Físeáin
- Beartas Drón
- Eolas Teagmhála
- Fógra Príbháideachais
Sainítear sa bheartas Cosanta Sonraí seo tiomantas Chomhairle Chontae na Gaillimhe d'úsáid Drón a chomhlíonann ceanglais Cosanta Sonraí/GDPR agus rialacháin an AE agus treoir IAA maidir le húsáid Drón. Féadfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe dróin (UAS – Córais Aerárthaigh Gan Fhoireann) atá treoraithe go cianda ag píolótach a úsáid le haghaidh roinnt cuspóirí a bhféadfadh taifeadadh sonraí pearsanta daoine aonair a bheith i gceist leo lena n-áirítear a n-íomhánna inaitheanta. Tá dualgas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe na sonraí sin a chosaint de réir forálacha atá sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a tháinig i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018 agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018. Tá Polasaithe Cosanta Sonraí Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle www.galway.ie.
Déanfar úsáid drón ar bhealach gairmiúil, eiticiúil agus dlíthiúil laistigh de théarmaí an bheartais seo agus an dlí. Beidh a n-úsáid comhréireach agus ní úsáidfear iad chun monatóireacht rialta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fhostaithe na comhairle nó an phobail i ngnáthchúrsa a ngnó dleathach. Déanfar a n-úsáid ar bhealach atá comhsheasmhach leis na beartais reatha go léir arna nglacadh ag an gComhairle, lena n-áirítear Beartas Comhionannais agus Éagsúlachta, Beartas um Dhínit san Obair, Cóid Chleachtais chun déileáil le gearáin faoi Bhulaíocht & Ciapadh agus Ciapadh Gnéasach agus beartais agus treoirlínte ábhartha eile amhail iad siúd arna n-eisiúint ag Oifig an Choimisinéara Sonraí.
Ba chóir an beartas seo a léamh i gcomhar le Treoir an Choimisinéara Sonraí maidir le húsáid Drón agus Treoir IPB Árachóirí na Comhairle, sa réimse seo. Ina theannta sin, tá ceanglais reachtúla ar leith ann a bhaineann le clárú agus riachtanais eile ag brath ar an gcineál drón a úsáidtear agus ar chineál na húsáide. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.iaa.ie/general-aviation/drones
Appendix 2 IPB Guide to Managing the Risk of Drones
Appendix 3 DRPRO Pre Flight Checklist
Aguisín 4 FOIRM IARRATAIS INMHEÁNACH AR ROCHTAIN AR PHÍOSA SCANNÁNAÍOCHTA DRÓIN
Aguisín 5 TAIFEADADH SONRAÍ DRÓIN AGUSNÓ AISTRIÚ CHUIG AN nGARDA SÍOCHÁNA
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte