Eolas ar an Scéim seo
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoin bhforas SF
- Seirbhísí Soláthartha nó le soláthar don Phobal
- Próiseas Déanta Cinnithe do mhór thograí polasaí
- Eolas Airgeadais
- Soláthar
- Loga nochtadh SF & Eolas Eile le Foilsiú go Rialta
- Eolas ar an Scéim seo
Scéim Foilseacháin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014
Réamhrá:
Tá Scéim Foilseacháin ullmhaithe agus foilsithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le faisnéis na Comhairle ag teacht le Múnla agus Treoirlínte a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tá an Scéim i bhfeidhm ón 14 Aibreán, 2016.
Cuspóir na Scéime:
Tá an Scéim leagtha amach chun soláthar faisnéise a éascú, a mhéid agus is féidir, ach amháin faisnéis atá díolmhaithe faoin Acht. Agus Scéim Foilseacháin á hullmhú, á hathbhreithniú nó á hathchóiriú, tabharfaidh comhlacht SF aird ar leas an phobail maidir le:
(a) rochtain an phobail ar fhaisnéis atá i seilbh an chomhlachta SF a cheadú;
(b) cúiseanna le cinntí a dhéanann an comhlacht SF a fhoilsiú; agus
(c) faisnéis is ábhartha nó is ábhar spéise don phobal i gcoitinne maidir lena gníomhaíochtaí agus lena feidhmeanna go ginearálta, a fhoilsiú.
Formáid na Scéime agus Rochtain uirthi:
Tá an Scéim ar fáil ar an ngréasán agus tá naisc ón Scéim chuig faisnéis faoi shé theideal mar a leagtar amach thíos agus a ndéanfar a uasghrádú mar a ndéantar foráil san Acht. Beidh cóip chrua ar fáil freisin ach í a iarraidh.
Sé Thacar Faisnéise:
Cuirfear faisnéis ar fáil faoi na sé theideal seo a leanas:
B. Seirbhísí Soláthartha nó le soláthar don Phobal
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte