- Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Eitic > Forléargas
Forléargas
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ráitis Síntiús
- Dearbhuithe Bliantúla
- Síntúis Tríú Páirtithe do chúrsaí Polaitíochta
Eitic agus Leasanna a Fhógairt
Faoin Acht Rialtais Áitiúil 2001, déantar soláthar do chreat eitice laistigh den rialtas áitiúil. Áirítear ann clár a mbeidh teacht ag an bpobal air.
Creat Eitice a Chur i bhFeidhm
Tháinig an creat nua eitice do bhaill agus d'fhostaithe iomchuí i bhfeidhm le héifeacht an 1 Eanáir 2003. Éilítear leis go dtabharfadh rialtais áitiúla faoi roinnt gníomhartha a chur i bhfeidhm, mar nósanna imeachta, chun déileáil le:
- córais na ndearbhuithe bliantúla ó bhaill thofa agus ó fhostaithe iomchuí na ceanglais san Acht i ndáil le nochtadh i gcás baill thofa agus fostaithe iomchuí maidir le nithe a thiocfaidh chun cinn ó ham go chéile ina bhfuil leas tairbhiúil acu
Le hOrdú ón bPríomhfheidhmeannach faoi Alt 173 den Acht, tá dualgais an Chláraitheora Eitice sannta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Liadhan Keady, Oifigeach Riaracháin.
. Tá an Cláraitheoir Eitice freagrach as na foirmeacha dearbhaithe bhliantúil a eisiúint ar chomhairleoirí agus ar fhostaithe iomchuí. Ní féidir le haon duine a bheith sa phost seo níos faide ná dhá bhliain.
An Cláraitheoir Eitice
Déantar clár leasanna a chur i dtoll a chéile ó na dearbhuithe bliantúla agus cuirtear ar fáil é don phobal. Is féidir dearbhuithe bhaill na comhairle a scrúdú in oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar líne ag https://www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/eitic/
http://www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/comhairleoir/
Cód Iompair do Chomhairleoirí 2019
Cód Iompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe dFhostaithe
Fógra Príobháideachta Clár Eitice
Fostaithe Iomchuí
Tugtar "fostaithe iomchuí" ar na fostaithe sin lena mbaineann Cuid 15. Is iad sin: gach fostaí a shealbhaíonn post lena saothraítear uastuarastal de ar a laghad an t-uastuarastal atá ag innealtóir sinsearach feidhmiúcháin ag an am; gach fostaí eile ar a sanntar feidhmeanna faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus ag a shealbhaíonn post lena saothraítear uastuarastal de ar a laghad an t-uastuarastal atá ag Oifigeach Sinsearach Foirne (Grád 6) ag an am, nó post lena mbaineann cáilíochtaí gairmiúla nó teicniúla go hiomlán nó i bpáirt; aon fhostaí nó duine eile a shealbhaíonn post dá n-ainmnítear le hordú an Bhainisteora faoi S167.
Forálacha ag teacht in ionad fhorálacha an Achta Pleanála
Tagann Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 in ionad na bhforálacha atá i gCuid VII den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 i ndáil le dearbhú/nochtadh ó bhaill agus ó fhoireann údaráis áitiúil. Beidh feidhm áfach le haon dearbhú a thabharfar faoin Acht um Pleanáil (nó faoin sean-Acht um Pleanáil 1976) nó go mbeidh dearbhuithe faoi Chuid 15 tagtha ina n-ionad.
Na príomhghnéithe de Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001
Ní mór do bhaill agus d'fhostaithe iomchuí dearbhú bliantúil a thabhairt maidir lena gcuid leasanna.
- Coinneoidh gach údarás áitiúil clár de leasanna den chineál sin.
- Ní mór do bhall a leas airgeadais nó aon leas tairbhiúil atá aige/aici nó ag "duine bainteach" in aon ábhar a thiocfaidh os comhair cruinnithe a nochtadh.
- Ní mór d'fhostaí iomchuí déanamh amhlaidh maidir le haon chás is ábhar imní dó nó di le linn na hoibre.
- Tá cosc ar bhall nó ar fhostaí iomchuí féachaint tionchar a imirt ar aon ábhar lena mbaineann leis an údarás áitiúil agus ina bhfuil leas tairbhiúil aigesean nó ag duine bainteach.
- Beidh oifigeach (Cláraitheoir Eitice) le sannadh ag bainisteoir ar a mbeidh freagracht foirmeacha dearbhaithe bliantúla agus nithe bainteacha a eisiúint.
- Tá sé de dhualgas ar bhaill agus ar fhostaithe iomchuí caighdeáin chuí sláine, iompair agus leasa poiblí a choinneáil.
- Tá cosc ar tháille nó luach saothair a lorg, a éileamh nó a ghlacadh i ndáil le haon ní a dhéantar nó nach ndéantar de bhua poist nó oifige.
- Tá cóid iompair, ceann do bhaill agus ceann eile don fhoireann, eisithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
- Is ionann manneachtain na ceanglais um nochtadh nó dearbhú bliantúil a chomhlíonadh is cion faoin Acht.
Ní mór do bhainisteoir (nó Méara i gcás bainisteora) a gcuirtear in iúl dó gur tharla sárú faoi Chuid 15 an beart atá le glacadh a bhreithniú.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte