Rochtaineacht
- Naisc ábhartha eile
- Sonraí Teagmhála Seirbhísí Custaiméara
- Seirbhís Custaiméara Foirmeacha & Íoslódálacha
- Ár Nós Imeachta maidir le Gearáin agus Achomhairc
- Rochtaineacht
- Rochtaineacht in Áras an Chontae
- Ráiteas faoi Rochtain ar an nGréasán
- Stéibh 2016
Réamheolas
Éilíonn an tAcht um Míchumais (2005) ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú thar am, go bhfuil foirgnimh agus seirbhísí inrochtaine do dhaoine faoi mhíchumais. Leagann sé dualgas ar údaráis áitiúla soláthar seirbhísí míchumais a chomhtháthú le seirbhísí príomhshrutha, nuair atá sé sin praiticiúil agus iomchuí.
Tá sé do chuspóir ag Plean Gníomhaíochta um Míchumais Údaráis Áitiúla Chontae na Gaillimhe 2007 – 2015 comhtháthú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí chun a chinntiú go bhfuil fáil ag daoine faoi mhíchumais ar an leibhéal céanna seirbhíse le gach custaiméir eile. Tá gealltanas tugtha againn polasaí ar fhaisnéis inrochtaine a fhorbairt laistigh dár bPlean Gníomhaíochta. Chun seirbhís éifeachtach a sholáthar, caithfimid a chinntiú go bhfuil fáil ag custaiméirí ar ár seirbhísí ar bhealach atá oiriúnach dá gcuid riachtanas, dá dteanga nó dá riachtanais inrochtaineachta .
Riachtanais an Achta um Mhíchumais
Alt 28 (1)(a)
Éilítear ar gach comhlacht poiblí a chinntiú chomh fada agus is féidir go bhfuil an t-eolas béil a chuirtear ar fáil don phobal i bhformáid inrochtaine nuair a iarrann daoine é a bhfuil máchail éisteachta orthu .
Is féidir le máchail éisteachta réimniú ó dheacrachtaí beaga le gnáthchaint nó fuaim mhinicíochtaí ar leith a chloisteáil go mórbhodhaire. Is féidir le go leor daoine a bhfuil máchail éisteachta ortha beola a léamh; úsáideann roinnt acu áiseanna éisteachta agus roinnt a úsáideann tacaíochtaí amhairc (mar fóin téacs nó ceannteidil fíor-ama); Bíonn léirmhínitheoirí teanga comharthaíochta ag teastáil ó roinnt eile.
Alt 28 (1)(b)
Éilítear ar gach comhlacht poiblí a chinntiú, chomh fada agus is féidir go bhfuil an t-eolas scríofa agus an chumarsáid a chuireann sé ar fáil don phobal á chur in iúl i bhformáid inrochtaine, nuair a iarrann daoine é a bhfuil máchail éisteachta orthu .
Alt 28 (3)
Caithfidh gach comhlacht poiblí a chinntiú, chomh fada agus is féidir go bhfuil an t-eolas a fhoilsíonn sé a bhfuil baint dhíreach aige le daoine faoi mhíchumais ar fáil dóibh i dteanga shoiléir atá éasca acu a thuiscint.
Alt 26 (1)(c) Comhairle Saineolaí
Caithfidh comhlacht poiblí, a chinntiú nuair is cuí go bhfuil saineolas agus scileanna oiriúnacha ar fáil chun comhairle a chur air maidir lena chuid seirbhísí a dhéanamh inrochtaine. Is féidir a leithéid do sheirbhís a chur ar fáil laistigh den eagraíocht, nó go seachtrach, cibé cé acu is fearr.
Tugann an Cód Cleachtais ar Inrochtaineacht Seirbhísí agus Faisnéise atá curtha ar fáil ag Comhlachtaí Poiblí tuilleadh eolais cén chaoi a mbeifear ag súil go mbeidh comhlacht earnála poiblí in ann na riachtanais seo a sholáthar.<http://www.nda.ie/cntmgmtnew.nsf/0/3DB134DF72E1846A8025710F0040BF3D?OpenDocument.
Polasaithe:
Ceann de na bealaí is tábhachtaí agus is úsáidí le heolas a thabhairt do chustaiméirí ná thrí fhoirmeacha agus bhileoga priontáilte. Go minic bíonn an modh cumarsáide a úsáideann eagraíochtaí neamh-inrochtaine do dhaoine áirithe sa phobal go háirithe daoine faoi mhíchumais.
Cinnteoidh an Chomhairle go gcuirfear eolas ar fáil ar bhealach inrochtaine nuair a bhítear ag caint le duine a bhfuil máchail éisteachta air. Tabharfar aird ar shuíomh lúib ionduchtúcháin i bhfoirgnimh phoiblí dóibh siúd a bhfuil a leithéid de chúnamh ag teastáil uathu.
Cuirfear oiliúint feasachta míchumais ar fáil ar bhonn leanúnach agus cuirfear san áireamh é sa phlean oiliúna bliantúil.
Scríobhfar foilseacháin uile Chomhairle Chontae na Gaillimhe go soiléir agus chomh saor ó bhéarlagar agus is féidir. Is féidir iarratais a dhéanamh ar fhoirmeacha a bhfuil leaganacha ‘Béarla sothuigthe’ orthu, ar thuarascálacha agus ar fhoilseacháin chuig an oifigeach rochtana.
Beidh gach eolas atá ar fáil don phobal i bhformáid inrochtaine ar iarratas más indéanta agus cuí é, lena n-áirítear inrochtaine ar HTML, Cló Mór, Formáid so-Léite, Braille, Comhaid fuaime agus formáidí eile.
Cuirfear cúnamh cuí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumais chun rochtain a fháil ar réimse leathan seirbhísí atá curtha ar fáil ag an gComhairle. Féadfar léirmhínitheoirí teanga comharthaíochta a chur ar fáil d’ócáidí poiblí, cruinnithe agus d’ócáidí eile nuair is gá agus nuair a dhéantar iarratas orthu roimh ré. Glacfaidh léirmhínitheoirí teanga chomharthaíochta le polasaí rúndachta na heagraíochta agus seasfaidh siad leis.
Níl sé indéanta teacht go héasca ar gach doiciméad poiblí i ngach formáid . Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe na doiciméid seo a leanas ar fáil i Braille agus i gcóras Fuaime:
-
Plean Corparáideach
-
Plean Forbartha Contae
-
Plean Gníomhaíochta Custaiméirí
-
Straitéis um Chuimsiú Sóisialta
-
Buiséad Bliantúil
D’fhéadfadh na doiciméid atá ar fáil ar iarratas i bhformáid eile a bheith san áireamh orthu a leanas:
-
Foirmeacha Iarratais do gach seirbhís.
-
Bileoga eolais agus treorach ar sheirbhísí
-
Dréachtaí doiciméid pholasaí
-
Pleananna Gníomhaíochtaí Straitéise Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Samplaí do fhormáidí Ionrchtana atá ar fáil
-
HTML agus formáidí leictreonacha eile ar nós Téacs Simplí.
-
Leaganacha Cló Mór i mBéarla (ar a laghad 16 pointe)
-
Leagan So-Léite
-
Braille
-
Leagan fuaime i Béarla
-
Formáidí malartacha eile mar a hiarrtar
D’fhéadfaí freisin doiciméid áirithe a aistriú isteach i gcroítheangacha eachtrannacha.
Gealltanais ar Pholasaí
-
A chinntiú go bhfuil polasaí suntasach agus doiciméid straitéiseacha agus tuarascálacha ar fáil go héasca i réimse formáidí inrochtaine.
-
A chinntiú go bhfuil cáipéisí nua comhlánaithe i gcomhar le caighdeáin inrochtaine. Úsáidfear treoirlínte dhoiciméid acmhainní ar nós an NDA “First Steps in Producing Accessible Publications” agus an RNIB “See it Right” mar phointí tagartha do dhoiciméid den sórt sin a thabhairt chun chríche
-
Leas a bhaint as saineolas eagraíochtaí cáiliúla a bhfuil taithí acu agus baint acu le hathrú doiciméid go formáid eile chun a chinntiú go mbainfear amach lánrochtaine aon uair is féidir.
-
Fógra oscailte a thabhairt do fhoireann agus do mhuintir an phobal ar an bhfaisnéis atá ar fáil i bhformáid inrochtaine.
-
Nós imeachta a bhunú le heolas a iarraidh i bhformáidí inrochtaine. Fáil na seirbhíse seo a fhógairt agus a chinntiú go mbeidh oiliúint ar an bhfoireann go léir maidir le glacadh agus oibriú a leithéidí d’iarratais.
-
Cinntiú go bhfuil an fhaisnéis agus na doiciméid go léir ar fáil ar ár láithreáin gréasáin i bhformáid ar féidir a úsáid i gcomhar le teicneolaíocht oiriúnaitheach .
Meastóireacht Polasaí
Is féidir an polasaí seo a mheas go rialta trína modhanna seo a leanas:-
-
Taifead a choinneáil ar iarratais ar fhaisnéis eile agus ar fhaisnéis i dteangacha eile.
-
Monatóireacht ar ár láithreáin gréasáin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an éileamh ar fhaisnéis i bhformáidí eile.
-
Aiseolas a fhaightear ón bpobal ar éifeachtúlacht agus ar thairbhe eolais a sholáthar i bhformáid inrochtaine a iarraidh agus a mheas.
-
Comhaltaí ár nGrúpa Comhairleach um Mhíchumais a chur ar an eolas maidir le hathruithe reachtaíochta agus polasaithe ó thaobh inrochtaineachta ar sholáthar faisnéise.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte