Ráiteas faoi Rochtain ar an nGréasán
- Naisc ábhartha eile
- Sonraí Teagmhála Seirbhísí Custaiméara
- Seirbhís Custaiméara Foirmeacha & Íoslódálacha
- Ár Nós Imeachta maidir le Gearáin agus Achomhairc
- Rochtaineacht
- Rochtaineacht in Áras an Chontae
- Ráiteas faoi Rochtain ar an nGréasán
- Stéibh 2016
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta i leith faisnéis agus seirbhísí atá ar fáil do gach duine a sholáthar. Tá an láithreán deartha de réir na dTreoirlínte maidir le Rochtain ar Ábhar Gréasáin W3C WAI agus tá sé i gcomhréir leis an gcuid is mó de phointí tosaíochta 1 agus 2.
Formáidí malartacha
Déantar ábhar nua HTML a fhoilsítear ar an láithreán a fhoilsiú i bhformáid inrochtana. Déantar roinnt doiciméad a fhoilsiú in PDF, in Microsoft Word agus i bhformáidí eile. Má tá faisnéis uait i bhformáid eile, is ceart duit ár bhfoirm teagmhála ar líne a úsáid.
Gnéithe teicniúla an láithreáin seo
Úsáidimid stílbhileog chascáideach chun feabhas a chur ar chuma amhairc an láithreáin seo agus chun stíl “téacs amháin” a thairiscint mar chúnamh do dhaoine lagamhairc.
Is féidir leat méid an chló a mhéadú agus a laghdú trí úsáid a bhaint as na socruithe atá ar fáil i do bhrabhsálaí.
Is féidir cuid mhór de na leathanaigh atá ann sa láithreán seo a chur á léamh os ard trí chliceáil ar an deilbhín “Listen”/”Éist”.
Saincheisteanna a bhaineann leis an láithreán seo agus atá ar eolas
Maidir le roinnt leathanach de chuid an láithreáin seo, ní chomhlíonann siad go hiomlán gach seicphointe de chuid thosaíochtaí WAI 1 agus 2.
I gcás cuid de na doiciméid atá ann sa láithreán, níl siad ar fáil ach amháin i bhFormáid Doiciméid Iniompartha (PDF) agus/nó i bhformáid Microsoft Word. Ní chomhlíonann ceachtar de na formáidí sin an caighdeán riachtanach.
Is eagraíochtaí comhpháirtíochta a sholáthraíonn eilimintí áirithe de chuid an láithreáin seo agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil rochtain iomlán ar fáil orthu. Táimid ag obair leis na heagraíochtaí sin chun feabhas a chur ar rochtain agus ar chaighdeáin teanga na seirbhísí a sholáthraíonn siad thar ár gceann.
Cé go bhfuil gach iarracht déanta chun láithreán inrochtana a chur ar fáil, admhaímid go mb’fhéidir nár éirigh linn ár n-oibleagáid a chomhlíonadh i ngach cás. Cuirimid fáilte roimh aiseolas faoi nithe den sórt sin agus soláthróimid cúnamh chun faisnéis a sholáthar i bhformáidí malartacha.
Rochtain ar an láithreán seo a choimeád ar bun
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta i leith rochtain ar an láithreán seo a choimeád ar bun agus i leith faireachán a dhéanamh ar an rochtain sin. Déantar an láithreán a iniúchadh ag eatraimh rialta.
Mar chabhair maidir le láithreán gréasáin inrochtana a chur ar fáil, soláthraímid oiliúint agus foilsímid treoirlínte inmheánacha dár bhfoireann chun cabhrú leo ábhar gréasáin inrochtana a chruthú.
Clúdaíonn an oiliúint agus na treoirlínte saincheisteanna den sórt seo a leanas:
Ábhar gréasáin atá áisiúil d'úsáideoirí a chruthú
Téacs malartach fóinteach a scríobh
Táblaí inrochtana a chruthú
Frásaí faoi naisc inrochtana a chruthú
Foilseacháin a thástáil maidir le hinrochtaineacht
Cuir scéala chugainn má bhíonn aon fhadhbanna agat.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte