Cairt do Chustaiméirí
- Naisc ábhartha eile
- Sonraí Teagmhála Seirbhísí Custaiméara
- Seirbhís Custaiméara Foirmeacha & Íoslódálacha
- Cairt do Chustaiméirí
- Ár Nós Imeachta maidir le Gearáin agus Achomhairc
- Rochtaineacht
- Rochtaineacht in Áras an Chontae
- Ráiteas faoi Rochtain ar an nGréasán
- Stéibh 2016
CAIGHDEÁIN CHÁILÍOCHT SEIRBHÍSE: Foilseoimid ráiteas ina leagfar amach caighdeán na seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn. Más rud é nach mbímid ábalta ár gcaighdeáin cháilíocht seirbhíse a chomhlíonadh, déarfaimid an méid sin leat agus tabharfar míniú ar na cúiseanna ina leith sin.
COMHIONANNAS AGUS ÉAGSÚLACHT: Caithfimid le gach duine go cothrom agus go measúil. Tá sé de chuspóir againn ár seirbhísí a chur ar fáil do gach duine.
ROCHTAIN FHISICIÚIL: Cuirfimid oifigí poiblí ar fáil, a bheas glan, inrochtana agus a chomhlíonann caighdeáin sláinte agus sábháilteachta. Tá rochtain do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile a bhfuil riachtanais speisialta acu, san áireamh anseo freisin.
EOLAS: Déanfaimid eolas soiléir, cruinn, cothrom le dáta maidir lenár gcuid seirbhísí a sholáthar i ngach suíomh ina bhfuil oifigí againn agus ar ár suíomh idirlín. Chomh maith leis sin, leanfaimid de bheith ag obair chun a chinntiú go bhfuil sé éasca ár gcuid foirmeacha a thuiscint.
COMHFHREAGRAS: Más gá dúinn scríobh chugat, déanfaimid cinnte go mbeidh ainm teagmhála luaite i ngach comhfhreagras.
AMLÍNTE AGUS CÚIRTÉIS: Soláthróimid ár gcuid seirbhísí go cúirtéiseach, go tuisceanach agus, más féidir, gan mhoill. Má bhíonn moill ann, déanfaimid ár ndícheall chun a chinntiú gur moill chomh gairid agus is féidir atá ann.
Chomh maith leis sin, iarraimid ar ár gcustaiméirí déileáil le baill den fhoireann agus le daoine eile den phobal le cúirtéis agus le meas
GEARÁIN: Glacaimid leis go bhféadfadh sé tarlú ó am go ham nach n-oibríonn seirbhís chomh maith agus is mian linn. Dá bhrí sin, má bhíonn gearán agat faoi sheirbhís nó faoi chúrsaí rochtana, soláthróimid nós imeachta chun gearán a dhéanamh, a bheas soiléir agus simplí le húsáid chun déileáil le do cheist. Soláthróimid mionsonraí faoin nós imeachta sin ag gach pointe seirbhíse agus ar ár suíomh idirlín www.gaillimh.ie
COMHAIRLIÚCHÁN AGUS MEASÚNÚ: Is mór againn do thuairim agus d’aiseolas – cabhraíonn sé linn feabhas a chur ar ár gcuid seirbhísí. Déanfaimid ár ndícheall ionas go mbeidh sé chomh héasca agus is féidir duit a bheith páirteach i gcomhairliúcháin agus i bplé maidir le seirbhísí.
ROGHA: Más féidir, tabharfaimid rogha duit maidir leis an mbealach a mbeidh fáil agat ar sheirbhís. Bainfimid úsáid as teicneolaíocht chun go mbeidh rochtain ar líne agat ar sheirbhísí nuair is féidir. Ina theannta sin, agus más féidir, tabharfaimid rogha duit i dtaobh bealaí chun íocaíocht a dhéanamh i leith seirbhísí.
COMHIONANNAS MAIDIR LEIS NA TEANGACHA OIFIGIÚLA: Déanfaimid ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí i nGaeilge nó i mBéarla de réir ár bpolasaí teanga – Scéim Teanga.
AG OBAIR LE DREAMANNA EILE – COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ: Oibreoimid go dlúth le heagraíochtaí eile seirbhíse poiblí chun a chinntiú go bhfaigheann tú seirbhís phoiblí níos fearr.
CUSTAIMÉIRÍ INMHEÁNACHA: Aithnímid ár bhfoireann mar chustaiméirí inmheánacha agus is mór againn a dtuairimí agus a n-aiseolas. Bainfimid úsáid as ár nGrúpa Oifigeach Seirbhísí Custaiméara agus as bealaí eile cumarsáide ionas go mbeidh an fhoireann páirteach in aon chainteanna faoi sheirbhísí.
CÓD IOMPAIR DO CHUSTAIMÉIRÍ
AN MÉID A BHFUILIMID AG SÚIL LEIS ÓNÁR gCUSTAIMÉIRÍ
• Táimid ag súil go gcaithfidh tú lenár bhfoireann agus le custaiméirí eile le cúirtéis agus le meas.
• Iarrtar ort meas a léiriú dár n-oifigí, dár leabharlanna brainse agus dár n-áiseanna eile taitneamhachta.
• Táimid ag súil go ndéanfaidh tú do bhruscar a thabhairt abhaile leat ó limistéir scéimhe agus go mbeidh meas agat ar na rialacha i gclóis súgartha agus i bpáirceanna.
• Molaimid duit aire a thabhairt do do mhaoin phearsanta – iarrtar ort gan do mhaoin phearsanta a fhágáil gan duine ina mbun fad is a bhíonn úsáid á baint agat as ár gcuid áiseanna.
• Táimid ag súil nach ndéanfaidh custaiméirí na gearáin chéanna ná nach gcuirfidh siad na ceisteanna céanna arís agus arís eile d’aon turas chun am na foirne a ídiú.
AN MÉID NACH nGLACFAIMID LEIS ÓNÁR gCUSTAIMÉIRÍ
Ní ghlacfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le haon chineál iompair bhagraigh, lena n-áirítear ciapadh, ciapadh gnéasach agus bulaíocht. Ní ghlacfar le hiompar den chineál sin agus déanfaimid aon ghníomh is gá chun é a chosc, lena n-áirítear scéala ina leith a thabhairt don Gharda Síochána.
Tá cead ag ár bhfoireann deireadh a chur le glaoch teileafóin nó cruinniú, seirbhís a tharraingt siar láithreach, seirbhís a chur ar fionraí go sealadach nó ceist a chur ort ár n-áiseanna a fhágáil má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo a leanas:
• Damáiste mailíseach a dhéanamh do mhaoin, nó maoin a ghoid, nó alcól nó drugaí aindleathacha a úsáid, agus ár n-áiseanna á n-úsáid agat;
• Duine den fhoireann nó duine eile den phobal a chiapadh trí chaint mhaslach, chiníoch, gháirsiúil nó bhagrach a úsáid;
• Foréigean a úsáid nó a bhagairt ar an bhfoireann agus/nó ar dhaoine den phobal;
• Tobac a chaitheamh in áit nach bhfuil caitheamh tobac ceadaithe; nó
• Cuir as do dhaoine eile nó cuir isteach orthu fad is a bhíonn taitneamh á bhaint acu as ár n-áiseanna nó teacht acu ar sheirbhís.
D’fhéadfadh sé go gcuirfí scéala chuig an nGarda Síochána sa chás go ndiúlaíonn custaiméirí ár n-áiseanna a fhágáil nuair a iarrtar orthu é.
Féadfaidh custaiméirí a mbíonn seirbhísí tarraingthe siar orthu ar feadh tréimhse faoi leith nó a gcuirtear seirbhísí ar fionraí orthu go sealadach, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin agus leanfaidh an teidlíocht do na seirbhísí sin de bheith ar fionraí fad is a bheidh toradh an achomhairc ar feitheamh. Tá ár Nós Imeachta Gearáin & Achomhairc ar fáil ag aon Chuntar Poiblí, leabharlann nó ar www.gaillimh.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte