Ár Nós Imeachta maidir le Gearáin agus Achomhairc
- Naisc ábhartha eile
- Sonraí Teagmhála Seirbhísí Custaiméara
- Seirbhís Custaiméara Foirmeacha & Íoslódálacha
- Ár Nós Imeachta maidir le Gearáin agus Achomhairc
- Rochtaineacht
- Rochtaineacht in Áras an Chontae
- Ráiteas faoi Rochtain ar an nGréasán
- Stéibh 2016
Is féidir ár Nós Imeachta maidir le Gearain agus Achomhairc a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc: Ár Nós Imeachta Maidir le Gearáin agus Achomhairc
Gearáin faoin Acht um Míchumas
Leagann Ailt 26, 27,28 agus 29 den Acht um Míchumas 2005 oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí agus faisnéis a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas lena n-áirítear
• Rochtain ar Sheirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí
• Rochtain ar an Timpeallacht Thógtha
• Rochtain ar sheirbhísí trí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide
Ceadaíonn alt 38 den Acht do dhuine ar bith gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig Ceannasaí comhlachta phoiblí maidir le mainneachtain an chomhlachta Ailt 26, 27, 28 agus 29 den Acht a chomhlíonadh.
Is féidir leat ár bh Foirm Ghearáin - Seirbhís do Chustaiméirí a úsáid chun gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas 2005. Ní mór foirmeacha gearáin maidir leis an Acht um Míchumas 2005 a chur isteach go díreach chuig:
An tOifigeach Rochtana
Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Ríomhphost: AccessOfficer@galwaycoco.ie
Teil: 091-509225
Is féidir leat an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid freisin. Cinntigh le do thoil go roghnaíonn tú ‘Inrochtaineacht’ ón roghchlár anuas do ‘Réimse Seirbhíse’.
Achomhairc faoin Acht um Míchumas
Is féidir achomharc a dhéanamh le hOifig an Ombudsman faoi aon chinneadh maidir le gearán faoin Acht um Míchumas 2005.
Tá an tOmbudsman cothrom, neamhspleách agus saor in aice le húsáid.
Iarrfaidh an tOmbudsman sonraí do ghearáin ort, agus cóip den fhreagra deiridh againne ort i leith do ghearáin. Is é an bealach is fearr teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná:
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan Gearán’ ag www.ombudsman.ie
Nó is féidir
- Scríobh chuig: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 nó
- Glaoch ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cúnamh uait do ghearán a dhéanamh.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte