Tacaíocht Airgeadais chun cabhrú le gnólachtaí sna hEarnálacha Fáilteachais agus Miondíola
Tá deontas Power Up de €4,000 ar fáil do ghnólachtaí sna hearnálacha fáilteachais agus miondíola
Cláraigh roimh Dé hAoine an 8 Samhain.
Tá Údaráis Áitiúla ag seoladh ríomhphoist anois chuig gnólachtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe don deontas Power Up.
Tá sonraí sa ríomhphost maidir le conas clárú. Ná cuir clárú siar, níl an Tairseach clárúcháin Power Up oscailte ach ar feadh tréimhse teoranta ionas gur féidir íocaíochtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí roimh dheireadh na bliana.
Tá clárú cosúil leis an gclárú ICOB (costais mhéadaithe gnó) agus tá sé tapa agus éasca. Téigh chuig mycoco.ie/powerup chun tuilleadh eolais a fháil.
Mura bhfuil ríomhphost faighte agat agus má cheapann tú go bhfuil tú incháilithe, déan teagmháil le d’Údarás Áitiúil, le do thoil.
Cad é an deontas Power Up?
D’fhógair an Rialtas an deontas Power Up mar chuid de Bhuiséad 25 do ghnólachtaí san earnáil Miondíola agus Fáilteachais. Tá buiséad de €170 milliún ag an deontas Power Up agus beidh an deontas do ghnólachtaí incháilithe cothrom le €4,000.
Cé atá incháilithe le haghaidh Power Up?
Tá dhá chineál gnó incháilithe ann:
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte