- Baile > Seirbhísí > Do Chomhairle > Airgeadais > Soláthar
Soláthar
- Naisc ábhartha eile
- Airgeadais Sonraí
- Airgeadais Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Buiséid Bhliantúla
- Ráiteas Airgeadais Bhliantúil
- Cuntas Iníoctha
- Cuntais Infháltais
- Rátaí Tráchtála
- Muirear NPPR
- Soláthar
- Cód Caiteachais Phoiblí
Faigheann Comhairle Chontae na Gaillimhe earraí, seirbhísí agus oibreacha feadh raon luachanna, ó pháipéarachas go tionscadail tógála ar ardluach. Tá roinnt beartas agus nósanna imeachta soláthair a chaithfear a leanúint agus braitheann siad ar luach an Chonartha ó thairsí ar luach íseal go luach Náisiúnta agus AE. De réir mar a ardaíonn luach an chonartha, éiríonn an próiseas soláthair níos foirmeálta agus níos mionsonraithe.
Tá ról comhordaithe ag an Rannán Soláthair sa Rannóg Airgeadais chun a chinntiú go mbíonn fócas eagraíochtúil ar dhea-chleachtas i bhfeidhm maidir le soláthar agus nósanna imeachta, go gcinnteofar luach ar airgead agus ardchaighdeán oscailteachta, trédhearcachta agus comhlíontacha le gach treoirlíne agus reachtaíocht maidir le soláthar poiblí.
Naisc Úsáideacha:
-
An Oifig um Sholáthar Rialtais
Uimhir Theileafóin: 1890 213 414
Ríomhphost: https://ogp.gov.ie/ga/
Suíomh Idirlín: www.procurement.ie
-
Soláthar Tógála
Suíomh Idirlín: http://constructionprocurement.gov.ie/GA/
-
eTenders
Suíomh Idirlín: http://www.etenders.gov.ie/home_ga-IE
-
Supply Gov
Suíomh Idirlín: www.supplygov.ie
Ceisteanna Coitianta:
Cá háit a mbeidh fáil agam ar Chonarthaí a Bronnadh le déanaí?
Conartha os cionn €25k http://www.etenders.gov.ie/home_ga-IE
Cén áit a bhféadfaidh mé Conarthaí a Dámhadh le Déanaí a aimsiú?
Foilsítear ar www.etenders.gov.ie agus ar http://ted.europa.eu conarthaí de luach os cionn €10,000 a mbronntar do TFC agus de luach os cionn €25,000 do Chonarthaí eile
Conas a fhéadfaidh mé gnó a thionscnamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe?
Cláraigh go cuí le www.eTenders.gov.ie agus www.SupplyGov.ie, agus ansin gheobhaidh tú fógra nuair a fhógrófar tairiscintí.
Cá bhfógraíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe a tairiscintí?
Go príomha ar eTenders (www.etenders.gov.ie)
Is riachtanas rialtais é nach mór caiteachas comhiomlán na heagraíochta atá os cionn €25,000 ar earraí agus seirbhísí; os cionn €50,000 ar oibreacha; os cionn €10,000 ar TFC a fhógairt ar eTenders. Más ionann an caiteachas agus €214,000 ar earraí agus seirbhísí; €5,350,000 ar oibreacha, déantar iad a fhógairt san IOAE (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh) trí eTenders.
Glacann Comhairle Chontae na Gaillimhe páirt i socruithe soláthair ar leibhéal náisiúnta a fhógraítear iad ar eTenders ag
- An Oifig um Sholáthar Rialtais (OSR)
- SupplyGov faoi choimirce Chomhairle Chontae Chiarraí agus socruithe réigiúnacha
Mar sin, chun a fháil amach cad atá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tairiscint, tá sé tábhachtach go gcláródh soláthraithe go cuí le www.etenders.gov.ie agus www.supplygov.ie
Cén chaoi a bhféadfaidh mé clárú do eTenders?
Téigh go dtí an táb ‘Clárú Cuideachta Soláthraithe’ síos ar an taobh clé den leathanach baile www.etenders.gov.ie agus lean na treoracha.
Ní mór duit na cóid aicmithe go léir a bhfuil suim ag do chuideachta iontu a roghnú, ionas go bhfaighidh tú fógra faoi thairiscintí ábhartha nuair a dhéanfar iad á fhógairt.
Má theastaíonn cúnamh uait clárú, déan teagmháil le deasc chabhrach eTenders ag etenders@eu-supply.com Teil: 021 243 92 77
Cén chaoi a bhféadfaidh mé clárú do Supplygov?
Córas soláthair é SupplyGov a éascaíonn do na hÚdaráis Áitiúla agus gníomhaireachtaí stáit eile mionthairiscintí a reáchtáil (ó chreataí a fógraíodh cheana ar eTenders). Déileálann sé go príomha le catagóirí a bhaineann le Gléasra ar Cíos; Mionoibreacha Tógála agus Sibhialta agus le hoiliúint ghaolmhar.
Tá dhá chuid ar SupplyGov.ie;
1) Iarrataí ar Thairiscintí (RFTanna) - Is mionchomórtais iad Iarrataí ar Thairiscintí a reáchtáiltear faoi Chreataí agus
2) Iarrataí ar Luachana (RFQanna) tá siad seo ar chaiteachas comhiomlán faoi bhun €25,000
Is féidir le soláthraithe clárú ag www.supplygov.ie agus na seicliostaí agus na cáipéisí riachtanacha a chomhlánú. Foilsítear gach creat nua mar fhógra conartha ar eTenders, Tairseach Rialtas na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil tú cláraithe ar eTenders más mian leat fógra a fháil faoi chreataí ábhartha a bhaineann le Gléasra ar Cíos; Mionoibreacha Tógála agus Sibhialta agus le hoiliúint ghaolmhar. Ní féidir leat a bheith páirteach i gcreat atá ann faoi láthair go dtí go ndéanfar an creat a athfhógairt.
Má theastaíonn cúnamh uait chun clárú mar sholáthraí le Supplygov.ie, cabhróidh Foireann na Deisce Cabhraí um Sheirbhís do Chustaiméirí. Teileafón: 076 1064020. Ríomhphost: eproc@kerrycoco.ie
Cá bhfaighidh mé liostú de na socruithe soláthair náisiúnta OSR atá ann?
Má úsáideann tú an chuid soláthraí den leathanach baile ag www.procurement.ie is féidir leat socruithe soláthair náisiúnta OSR atá ann cheana a chuardach sna catagóirí agus sna hearnálacha éagsúla.
Cá bhfaighidh mé liostáil de na creataí SupplyGov reatha?
Faoin dtáb 'Téarmaí agus Coinníollacha' ag www.supplygov.ie
Conas a luaim do ghnó faoin tairseach de €25k ar eTenders?
I gcomhlíonadh na gceanglas náisiúnta, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag glacadh páirte i socruithe náisiúnta soláthair de réir mar a thagann siad chun cinn. Táimid ag forbairt ár gcreataí féin freisin nuair is gá. Beidh níos lú agus níos lú socruithe luachana aonuaire ann de réir mar a leanfar le rolladh amach na gcreataí. De réir a chéile, tiocfaidh córais fógartha in ionad aon phainéil atá ann cheana nó aon socruithe eile. Fógrófar na socruithe seo ar eTenders. Agus mar mheabhrúchán eile, is cuma cén earraí nó seirbhísí a sholáthraíonn tú, gheobhaidh tú fógra má tá tú cláraithe ar eTenders leis na cóid go léir a chuir tú in iúl más mian leat go gcuirfí ar an eolas tú.
Maidir leis na hearraí agus na seirbhísí sin a úsáideann an eagraíocht ó am go chéile agus a thagann faoin tairseach:
Cláraigh ar SupplyGov - iarratais ar luachana (RFQanna) le haghaidh caiteachais chomhiomláin faoi bhun €25,000
Cén t-earra agus seirbhísí a fhéadfaidh mé a chlárú d’fhonn iad a sholáthar faoi Luachan ar Supplygov?
D’fhonn a fháil amach cad iad na catagóirí atá ann nó a d’fhéadfaí a fhorbairt maidir leis an réimse Luachana de SupplyGov, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach um Sheirbhís do Chustaiméirí. Teileafón: 076 1064020. ríomhphost: eproc@kerrycoco.ie
Déan teagmháil linn:
Comhairle Chontae na Gaillimhe,Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh.
Éirchód: H91 H6KX
Ar an teileafón: 091-509000 nó seol ríomhphost chuig procurement@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte