Plátaí Trádála
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Mótarchánach
- Mótarcháin Sonraí
- Mótarcháin Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Rataí & Taillí
- Athrú Úinéireachta
- Bearta chen feithicil a dhearbhu den bhothar
- Aisíocaíocht Mótarchánach
- Sonraí a Scaoileadh
- Athcháipéisí
- Conas a íoc
- Plátaí Trádála
- Ceadúnais Leantóra
Leagtar amach in Alt 21 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 1992 agus sna Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú Uimh. 2) 1992 an creat dlí maidir le Plátaí Trádála a eisiúint ar Thrádálaithe Mótair nó ar Shealbhóirí Flít.
Is é atá i bPlátaí Trádála ná plátaí speisialta clárúcháin a fhaigheann trádálaithe/deisitheoirí mótarfheithiclí chun gur féidir leo feithiclí nach bhfuil cláraithe fós, nó nach bhfuil an cháin íoctha ina leith fós, a thiomáint ar an mbóthar. Tá úsáid na bplátaí sin ag trádálaithe/deisitheoirí mótarfheithiclí teorannaithe d’úsáidí dleathacha a bhaineann leis an trádáil mótarfheithiclí. Eisítear iad ar feadh tréimhse bliana féilire. Chun iarratas a dhéanamh ar Phláta Trádála, ní mór duit:
- Foirm Iarratais Foirm RF700 a chomhlánú go hiomlán
- Cód-Uimhir an Gharáiste nó Uimhir Aitheantais Déileálaí Mótarfheithiclí a thabhairt – is féidir leis an trádálaí mótarfheithiclí an uimhir sin a fháil ón Roinn Iompair
- An uimhir CBL a lua san fhoirm.
- Uimhir an Chuntais Rátaí nó uimhir an Cheada Pleanála agus an dáta a deonaíodh an cead a chur ar fáil i.e. fianaise ar luacháil áitreabh an iarratasóra chun críoch rátála, nó, más áitreabh nua é nach bhfuil luacháil déanta ina leith fós fianaise ar Chead Pleanála – a chur ag gabháil leis an iarratas. - Ní mór cóip polasaí árachais an trádálaí mótarfheithicle a chur ag gabháil leis an iarratas
Catagóir Feithicle |
Túscheadúnas / Túsphláta Trádála |
Ceadúnas / Pláta Trádála Athsholáthair |
MotGluaisrothar amháin |
€59 (pláta singil) |
€38 (pláta singil) |
Gach feithicil eile |
€353 (péire plátaí) |
€86 (péire plátaí) |
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte