Rataí & Taillí
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Mótarchánach
- Mótarcháin Sonraí
- Mótarcháin Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Rataí & Taillí
- Athrú Úinéireachta
- Bearta chen feithicil a dhearbhu den bhothar
- Aisíocaíocht Mótarchánach
- Sonraí a Scaoileadh
- Athcháipéisí
- Conas a íoc
- Plátaí Trádála
- Ceadúnais Leantóra
Current Motor Tax rates can be found on www.motortax.ie
Tagann dliteanas mótarchánach chun cinn nuair a úsáidtear gluaisteán in áit phoiblí / ar bhóthar poiblí. Eisítear dioscaí mótarchánach le haghaidh tréimhsí 3, 6 nó 12 mhí iomlána den fhéilire agus ní eisítear iad i leith míonna atá imithe cheana féin. Ba chóir a thabhairt do d'aire go mbíonn formhuirear ann le haghaidh dioscaí neamhbhliantúla agus gur chóir mótarcháin a íoc nuair a bhíonn sé dlite, toisc go ngearrtar an deichiú cuid den ráta bliantúil ar riaráiste de réir na míosa
Tá an méid mótarchánach a íocann tú i leith carranna clárú roimh an 1 Eanáir 2008 bunaithe ar mhéid/cc inneall d’fheithicle – is é sin le rá, dá chumhachtaí atá d’fheithicil is amhlaidh is airde costas na mótarchánach. I gcás gluaisteán nua a cláraíodh ón 1 Iúil 2008 i leith, déantar rátaí mótarchánach a chinneadh ar bhonn mbanda astaíochta CO2 - is é sin le rá, is ísle na muirir i gcás feithiclí ag a bhfuil astaíocht íseal.
Ar dtús, i gcás carranna arna gclárú idir an 1 Eanáir agus an 1 Iúil 2008, muirearaíodh mótarcháin ina leith ar bhonn mhéid a n-innill. I gcás inar bhuntáiste é athrú chuig an gcóras mótarchánach CO2-bhunaithe, rinneadh amhlaidh tráth na chéad athnuachana mótarchánach tar éis an 1 Iúil 2008.
Maidir leis an gcóras thuas ar dá réir a chuirtear mótarcháin i bhfeidhm ar bhonn cc nó CO2, baineann sé freisin le gluaisteáin allmhairithe arna gcéadchlárú thar lear ar na dátaí thuas nó dá n-éis.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte