Feithiclí príobháideacha
- Naisc ábhartha eile
- Fómhais feithicil
- Feithiclí Díolmhaithe
- Feithiclí Earraí
- Feithiclí Eile
- Feithiclí príobháideacha
- Feithiclí Seirbhíse Poiblí
- Eolas faoi Feithicil Oiriúnaithe
Current Motor Tax rates can be found on www.motortax.ie
Chun cáin a íoc ar fheithicil nua, ní mór na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm Iarratais RF100 a fhaigheann tú ó dhéileálaí mótarfheithiclí nó ó Lárionad NCT. Bí cinnte go gcomhlánaítear an fhoirm go hiomlán agus go dtugtar mionsonraí faoi chlárúchán agus árachas inti (ní gá duit na doiciméid chlárúcháin nó árachais a sholáthar in éineacht leis an bhfoirm). Más rud é nach bhfuil Foirm RF100 faighte agat ón Lárionad NCT, is ceart duit an admháil a fuair tú ón Lárionad NCT a thabhairt chuig an Oifig Mótarchánach agus Foirm RF100 bhán a chomhlánú ansin.
- An táille chuí
Chun mótarcháin a athnuachan, ní mór na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm Athnuachana – úsáid Foirm RF100A (Gaeilge) nó Foirm RF100B. Bí cinnte go gcomhlánaítear an fhoirm go hiomlán agus go dtugtar mionsonraí faoi chlúdach do pholasaí árachais inti (ní gá duit na doiciméid a bhaineann leis na nithe sin a sholáthar in éineacht leis an bhfoirm).
- An táille chuí
Chun mótarcháin a athnuachan tar éis athrú ar na mionsonraí a bhaineann le d’fheithicil, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm faoi Athrú Mionsonraí RF111 (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán agus mionsonraí faoi árachas agus athnuachan á dtabhairt inti
- Doiciméid tacaíochta maidir leis an athrú ar na mionsonraí e.g. litir ó gharáiste á dhaingniú go ndearnadh athrú ar inneall nó ar aicme na feithicle, Ceadúnas Tacsaí, cruthúnas ar stádas díolmhaithe etc.
- Deimhniú Clárúcháin na Feithicle
- An táille chuí
Chun mótarcháin a athnuachan tar éis athrú a dhéanamh ar úinéireacht i gcás feithiclí a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 1993, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm Athraithe Úinéireachta RF200 (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir
- Foirm Athnuachana RF100A (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán agus mionsonraí faoi árachas agus athnuachan á dtabhairt inti
- An Leabhar Cláraithe
- An Táille Chuí
Chun mótarcháin a athnuachan tar éis athrú a dhéanamh ar úinéireacht i gcás feithiclí a cláraíodh tar éis an 1 Eanáir 1993, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm Athnuachana RF100A (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán agus mionsonraí faoi árachas agus íocaíochtaí athnuachana á dtabhairt inti
- An táille chuí
NÓTA: Ós rud é nach féidir leat cáin a íoc ar fheithicil go dtí go bhfuil sí cláraithe faoi d’ainm, ní mór duit a chinntiú go ndéanann tú féin nó díoltóir na feithicle an Deimhniú Clárúcháin Feithicle a chur chuig an Roinn Iompair chun uasdátú a dhéanamh ar na mionsonraí úinéireachta sa chóras náisiúnta ríomhaire. Molann an Oifig Mótarchánach don díoltóir feithicle Deimhniú Clárúcháin na Feithicle a choinneáil agus a chur ar aghaidh mar go mbeidh sé chun a leasa féin nach mbeadh an fheithicil cláraithe faoina ainm - fad a bheidh, is é an díoltóir a bheidh freagrach as mótarcháin agus pionóis/cionta tráchta a bhaineann leis an bhfeithicil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte