Feithiclí Eile
- Naisc ábhartha eile
- Fómhais feithicil
- Feithiclí Díolmhaithe
- Feithiclí Earraí
- Feithiclí Eile
- Feithiclí príobháideacha
- Feithiclí Seirbhíse Poiblí
- Eolas faoi Feithicil Oiriúnaithe
FEITHICLÍ OILEÁIN
Tá ráta laghdaithe mótarchánach ar fáil d’fheithiclí oileáin ar an mbonn nach n-úsáidtear iad aon tráth ar an mórthír (má úsáidtear aon tráth ar an mórthír iad, ansin is ceart cáin a íoc ar an bhfeithicil de réir an ráta phríobháidigh mótarchánach).
Is iad seo a leanas na ceanglais a bhaineann le mótarcháin a íoc:
- Foirm Dearbhaithe Feithicle Oileáin RF1-1 - i gcás feithiclí oileáin ar Inis Mór, ní mór an fhoirm a bheith stampáilte ag Stáisiún an Gharda Síochána i gCill Rónáin; mura ndéantar amhlaidh cuirfear an fhoirm ar ais chuig an iarratasóir. I gcás feithiclí ar oileáin eile, ní mór an fhoirm ina leith a bheith stampáilte ag an Stáisiún Garda Síochána is gaire don oileán lena mbaineann.
- Foirm Athnuachana Cánach RF100A (Gaeilge) nó RF100B agus í comhlánaithe go hiomlán agus na mionsonraí árachais á dtabhairt inti
- An táille chuí
- Ní mór an fhianaise dhoiciméadach seo a leanas a chur ar aghaidh le d'iarratas:
- Cruthú go bhfuil cónaí ort ar an oileán, m.sh. doiciméad oifigiúil reatha ó na Coimisinéirí Ioncaim / Institiúid Airgeadais / Soláthraí Fóntais
- Deimhniú Árachais i d'ainm & seoladh an oileáin air
MEAISÍN / CEARDLANN/ACRA / SOGHLUAISTE
San aicme chánachais seo áirítear feithiclí a thógtar d’aon toisc chun meaisín insuite a iompar e.g. craein, meaisíní tollta tobair, meaisíní glanta draenach agus a bhfuil gá leo i gcúrsa trádála nó gairme.
Is iad seo a leanas na ceanglais a bhaineann le mótarcháin a íoc:
- I gcás ina bhfuil an fheithicil cláraithe cheana féin mar Mheaisín Soghluaiste agus go bhfuil athrú tagtha ar úinéireacht, ní mór do Chigire Feithiclí na Comhairle í a iniúchadh chun a fhíorú go bhfuil sí á húsáid fós mar mheaisín soghluaiste. Má tá an fheithicil á hathrú ina meaisín soghluaiste, féach na mionsonraí anseo.
- Foirm Athnuachana Cánach RF100A (Gaeilge) nó RF100B agus í comhlánaithe go hiomlán agus na mionsonraí árachais á dtabhairt inti
- An táille chuí
Nóta: nuair atá an fheithicil 1 bhliain d’aois nó os a chionn, ní mór í a chur faoi thástáil bhliantúil ródacmhainneachta. Níl riachtanas ann níos mó d’úinéir a Ráiteas Pas nó Deimhniú Ródacmhainneachta reatha a sholáthar don Oifig Mótarchánach ó tharla go bhfuil torthaí tástála dhá gcur ar taifead ag an Údarás um Shábháilteacht Bóthair anois.
MÓTARCHARBHÁIN
Is í an chuspóir a bhaineann le mótarcharbhán ná cóiríocht chónaithe shealadach agus caithfear an cábán cúil ar fad den fheithicil a úsáid don chuspóir seo amháin agus go gcuimsíonn sé daingneáin agus feistis sonracha.
Is iad seo a leanas na ceanglais a bhaineann le mótarcháin a íoc:
- Má tá an fheithicil á hathrú ina mótarcharbháin, féach na mionsonraí anseo.
- RF100 i gcás ina bhfuil cáin á híoc den chéad uair nó Foirm Athnuachana Cánach RF100A (Gaeilge) nó RF100B agus í comhlánaithe go hiomlán agus sínithe
- Daingniú maidir le mionsonraí Árachais reatha
- An Táille chuí
Nóta: nuair atá an fheithicil 4 bhliain d’aois nó os a chionn, ní mór í a chur faoi thástáil ródacmhainneachta (tá mótarcharbháin a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 1980 díolmhaithe ó thástáil). Níl riachtanas ann níos mó d’úinéir a Ráiteas Pas nó Deimhniú Ródacmhainneachta reatha a sholáthar don Oifig Mótarchánach ó tharla go bhfuil torthaí tástála dhá gcur ar taifead ag an Údarás um Shábháilteacht Bóthair anois.
FEITHICIL TARRTHÁLA
Is é atá i bhfeithiclí tarrthála ná feithiclí a úsáidtear ag Trádálaí Gluisteán go heisiach i dtaca le feithicil loicthe a thógáil, a tharraingt agus a iompar agus:
• Ní mór crann tochrais nó trealamh tógála a bheith feistithe go buan den fheithicil
• Ní mór 2 rabhchán ghealánacha a bheith aici agus iad i riocht maith oibre
• Ní mór na focail “Feithicil Tarrthála” nó ”Recovery Vehicle” a bheith inscríofa ar gach taobh den fheithicil
Ní mheastar gur feithiclí tarrthála iad feithiclí a úsáidtear chun gléasra agus innealra a iompar cosúil le lódairí ísle.
Is iad seo a leanas na ceanglais a bhaineann le mótarcháin a íoc:
- I gcás ina bhfuil an fheithicil cláraithe cheana féin mar Fheithicil Tarrthála agus go bhfuil athrú tagtha ar úinéireacht, ní mór do Chigire Feithiclí na Comhairle í a iniúchadh chun a fhíorú go gcomhlíonann sí na ceanglais fhisiciúla thuas fós. Má tá an fheithicil á hathrú ina feithicil tarrthála, féach na mionsonraí anseo.
- RF100 i gcás ina bhfuil cáin á híoc den chéad uair nó Foirm Athnuachana Cánach RF100A (Gaeilge) nó RF100B agus í comhlánaithe go hiomlán agus sínithe
- Cóip na mionsonraí árachais reatha – ní mór Árachas Trádálaí Mótarfheithiclí a bheith ag an úinéir
- Foirm Dearbhaithe Feithicle Tarrthála RF111B
- An táille chuí
Nóta: nuair atá an fheithicil 1 bhliain d’aois nó os a chionn, ní mór í a chur faoi thástáil bhliantúil ródacmhainneachta. Níl riachtanas ann níos mó d’úinéir a Ráiteas Pas nó Deimhniú Ródacmhainneachta reatha a sholáthar don Oifig Mótarchánach ó tharla go bhfuil torthaí tástála dhá gcur ar taifead ag an Údarás um Shábháilteacht Bóthair anois.
FEITHICIL SEANRÉ/SEANÓRTHA
Aicmítear feithicil mar fheithicil seanré/sheanórtha nuair a shroicheann sí 30 bliain d’aois tar éis na bliana monaraithe.
Is iad seo a leanas na ceanglais a bhaineann le mótarcháin a íoc:
- Doiciméid chlárúcháin ina dtaispeántar an dáta monaraithe go soiléir. Mura bhfuil na doiciméid sin ag an úinéir agus nach bhfuil aon taifead ann san Oifig Mótarchánach nó sa Roinn Iompair, ní mór a fheithicil a athchlárú.
- Foirm Athnuachana Cánach RF100A (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán agus na mionsonraí árachais curtha isteach ann
- An táille chuí
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte