Feithiclí Earraí
- Naisc ábhartha eile
- Fómhais feithicil
- Feithiclí Díolmhaithe
- Feithiclí Earraí
- Feithiclí Eile
- Feithiclí príobháideacha
- Feithiclí Seirbhíse Poiblí
- Eolas faoi Feithicil Oiriúnaithe
Tá na Rátaí Mótarchánach d’Fheithiclí Earraí bunaithe ar mheáchan neamhualaithe na feithicle.
Chun cáin a chur den chéad uair ar fheithicil mar fheithicil earraí, beidh na nithe seo a leanas de dhíth:
1. Foirm Iarratais RF100 más feithicil nua nó feithicil a allmhairíodh atá i gceist – beidh an fhoirm seo ar fáil ón déileálaí mótarfheithiclí más feithicil nua atá i gceist, nó, ón Lárionad NCT más feithicil a allmhairíodh atá i gceist.
NÓ
Foirm Iarratais RF111 (Gaeilge) má tá feithicil earraí déanta den fheithicil, agus ní mór an Fhoirm Dearbhú ar Athrú a chur isteach léi - féach an t-eolas maidir le feithicil a athrú anseo.
2. Duillín Meáchain ó Dhroichead Meáite Údaraithe mura dtaispeántar an meáchan neamhualaithe ar an bhfoirm RF100
nó
má athraíodh é ó cláraíodh é.
3. Foirm Dearbhaithe Earraí Amháin i gcás feithiclí faoi bhun 3,500 kg – agus fhianaise dhoiciméadach.
4. An táille chuí
Chun mótarcháin a athnuachan ar d’fheithicil earraí, beidh na nithe seo a leanas de dhíth:
1. Foirm Athnuachana RF100A (Gaeilge) nó RF100B agus í comhlánaithe
2. An táille chuí
Chun mótarcháin a athnuachan tar éis athrú a dhéanamh ar úinéireacht feithicle earraí, beidh na nithe seo a leanas de dhíth:
1. Foirm Athraithe Úinéireachta RF200 (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir i gcás feithiclí a cláraíodh den chéad uair roimh an 1/1/1993
NÓ
Deimhniú Clárúcháin na Feithicle agus é comhlánaithe go hiomlán ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir i gcás feithiclí a cláraíodh tar éis an 1/1/1993.
2. Foirm Athraithe Mionsonraí RF111 (Gaeilge) má tá athrú déanta ag an úinéir nua ar aon cheann de na mionsonraí a bhaineann leis an bhfeithicil. Má tá leantóir ar leithligh ag an bhfeithicil, beidh gá le duillín meáchain – is ceart an fheithicil a mheá agus an leantóir is troime a úsáidfear léi i gceangal léi.
3. Foirm Athnuachana RF100A (Gaeilge) agus í comhlánaithe go hiomlán agus mionsonraí faoi árachas agus íocaíochtaí athnuachana á bheith tugtha uirthi.
4. Foirm Dearbhaithe Earraí Amháin i gcás feithiclí faoi bhun 3,500 kg – agus fhianaise dhoiciméadach.
5. An Táille Chuí
FOIRM DEARBHAITHE EARRAÍ AMHÁIN:
Chun cáiliú i gcomhair cáin a íoc ar fheithicil de réir an ráta earraí, ní mór an fheithicil a bheith á húsáid le linn ghnó nó thrádáil an úinéara agus sin amháin agus gan í a bheith á húsáid aon tráth chun críoch sóisialta, tís nó áineasa. Ní mór don úinéir Dearbhú Earraí Amháin a chomhlánú i Stáisiún Garda chun an méid sin a dhaingniú agus sin a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:
• an chéad uair a bhfuil mótarcháin á cur ar fheithicil earraí éadroma
• tar éis athrú a dhéanamh ar úinéireacht feithicle earraí éadroma
• tráth aon athnuachana mótarchánach, de rogha na hOifige Mótarchánach
Ní mór cruthúnas ar na nithe seo a leanas a chur isteach:
a) Más feirmeoir tú:
I. Cuir isteach aon litir nó aon doiciméad atá faighte agat ón Roinn Talmhaíochta le bliain anuas, ag taispeáint go soiléir Uimhir do Thréada agus gur tusa úinéir an tréada.
Tabhair ar aird: Caithfidh daoine a chuireann in iúl gur trádáil nó gnó eile a bhaineann le hainmhithe nó le héanlaith chlóis atá acu a chruthú gur gníomhaíocht gnó a leithéid seachas caitheamh aimsire. Mar sin, beidh feidhm ag riachtanais b) thíos.
b) Má tá tú féinfhostaithe ar bhealach eile, nó más Trádálaí Aonair nó Cuideachta tú:
I. Cuir isteach aon litir nó doiciméad atá faighte agat ó na Coimisinéirí Ioncaim le bliain anuas a thaispeánann go soiléir go bhfuil do thrádáil nó do ghnó cláraithe chun críocha cánach, i.e.
- Gnónna nach bhfuil tuairisceáin curtha ar aghaidh fós chuig na Coimisinéirí Ioncaim;- cuir isteach fógra maidir le clárú le haghaidh Cánach Ioncaim nó CBL
- Maidir le gach gnó leanúnach eile;- cuir isteach comhfhreagras maidir le do thuairisceáin Fhéinmheasúnaithe nó CBL nó
II. Má tá d'fheithicil cláraithe faoi Ainm do Chuideachta Teoranta, féadfaidh tú cóip chlóite de do Dheimhniú Imréitigh Chánach leictreonach don Chuideachta a chur isteach.
c) Más fostaí thú:
I. Cuir isteach duillín pá dar dáta laistigh den 6 seachtaine deiridh, a léiríonn d’ainm, d’Uimhir PSP agus ainm d’fhostóra
agus
II. Litir reatha ó d'fhostóir, ar pháipéar sainchlóite, ag deimhniú:
- An cineál trádála nó gnó a bhfuil siad ina bhun agus na hearraí a bhíonn tú a iompar; gur gá duit d'fheithicil a úsáid (bíodh uimhir do phláta sa litir) chun na hearraí seo a iompar le linn do chuid fostaíochta.
FEITHICLÍ A THÁSTÁIL:
Níl gá don úinéir an Ráiteas Pas reatha nó Deimhniú Ródacmhainneachta a chur chuig an Oifig Mótarchánach as seo amach mar tugann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre torthaí tástála feithiclí cothrom le dáta. Faoi na rialacháin maidir le tástáil feithiclí, is ionann feithicil earraí (aicme N de chuid an AE maidir le mótarfheithiclí agus aicme O maidir le leantóirí) agus feithicil a chuirtear le chéile nó a chóirítear chun earraí nó ualaigh de chineál ar bith a iompar go príomha, cibé an úsáidtear nó nach n-úsáidtear chun na críche sin í, mar sin ní mór gach feithicil earraí a chur faoi thástáil ródacmhainneachta in Ionad Tástála Feithiclí Tráchtála gach bliain, gan bheann ar an tslí a gcuirtear cáin ar an bhfeithicil. Tagann i gceist leis sin veaineanna, carranna agus feithiclí 4x4 a ndéantar athchóiriú orthu le húsáid chun earraí a iompar. Chun breis eolais a fháil faoi thástáil ar fheithiclí tráchtála, déan teagmháil le Brainse na Tástála ar Fheithiclí Tráchtála san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag (091) 872600, cvtadmin@rsa.ie nó ag www.rsa.ie.
DUILLÍN MEÁCHAIN:
Ós rud é go bhfuil rátaí mótarchánach d’fheithiclí earraí bunaithe ar mheáchan neamhualaithe, ní mór an meáchan sin a dhearbhú ar Dhuillín Meáchain atá le heisiúint ag Droichead Meáite Údaraithe arna cheapadh chuige sin ag údarás áitiúil. Tá gá le Duillín Meáchain nuair atá mótarcháin á cur den chéad uair ar fheithicil agus tar éis aon athruithe a dhéanamh ar an bhfeithicil nó d’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfar é aon tráth de rogha na hOifige Mótarchánach. Is iad seo a leanas na Droichid Mheáite Údaraithe atá ann i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe:
Oibreoir an Droichid Mheáite |
Teileafón |
Na Coimisinéirí Cuain, Na Dugaí Nua, Gaillimh |
091 561874 |
Comhairle Chontae na Gaillimhe, Gleann an Scáil, Órán Mór |
091 509067 |
Bord na Móna, Áth Tíomáin, Baile Átha an Rí |
091 848202 |
City Bin Company, Bóthar Baile Chláir, Óran Mór |
091 787858 |
Nóta: nuair atá aonad altach á mheá den chéad uair, ní mór é a mheá agus an leantóir is troime ar dóigh é a bheith á tharraingt ag an aonad le linn na tréimhse chánach i gceangal leis.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte