Feithiclí Díolmhaithe
- Naisc ábhartha eile
- Fómhais feithicil
- Feithiclí Díolmhaithe
- Feithiclí Earraí
- Feithiclí Eile
- Feithiclí príobháideacha
- Feithiclí Seirbhíse Poiblí
- Eolas faoi Feithicil Oiriúnaithe
Chun cáin a íoc ar fheithicil nua, ní mór na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm RF100 chomhlánaithe ó do dhéileálaí mótarfheithiclí nó ón Lárionad NCT
- Fianaise ar Stádas Díolmhaithe e.g. Deimhniú Tiomána Faoi Mhíchumas nó Foirm Dearbhaithe RF3 (English) chomhlánaithe á dhaingniú go bhfuil úsáid shonrach á baint as an bhfeithicil i gcás aon aicme díolmhaithe eile feithicle - áineasa (d’fhéadfadh sé go n-éileofar doicméid tacaíochta maidir leis an bhfaisnéis a thugtar san Fhoirm Dearbhaithe).
Chun cáin a íoc ar fheithicil úsáidte nár íocadh cáin ina leith roimhe seo mar fheithicil dhíolmhaithe, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:
- Foirm Athraithe Mionsonraí RF111 (Gaeilge) agus í comhlánaithe – chun an stádas a athrú go stádas díolmhaithe agus na mionsonraí athnuachana go léir iontráilte inti
- Fianaise ar Stádas Díolmhaithe e.g. Deimhniú Tiomána Faoi Mhíchumas nó Foirm Dearbhaithe RF3 (English) chomhlánaithe á dhaingniú go bhfuil úsáid shonrach á baint as an bhfeithicil i gcás aon aicme díolmhaithe eile feithicle - áineasa (d’fhéadfadh sé go n-éileofar doicméid tacaíochta maidir leis an bhfaisnéis a thugtar san Fhoirm Dearbhaithe).
Tá na feithiclí seo a leanas a bhfuil úsáid shonrach a baint as an bhfeithicil díolmhaithe ó dhliteanas chun mótarcháin feithicle a íoc:-
- Feithiclí faoi úinéireacht an Stáit
- Feithiclí taidhleoireachta
- Feithiclí atá díomhmaithe faoi Na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach) 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994). [Déantar iarratais ar stádas díolmhaithe do dhaoine faoi mhíchumas a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, Cúil Seannach, Co. Mhuineacháin – Teileafón 047 82800.]
- Feithiclí (lena n-áirítear aon rothar a bhfuil ceangaltán gluaiste leis a oibríonn trí chumhacht mheicniúil) nach sáraíonn 400 cileagram i meáchán neamhualaithe agus a oiriúnaíodh agus a úsaidtear d’easláin
- Feithiclí a úsáidtear go huile agus go hiomlán chun báid tarrthála agus a gcuid trealamh a iompar chun tacú le saol agus maoin an duine a chosaint nuair a tharlaíonn longbhá agus anró ar farraige
- Feithiclí a úsáidtear go huile agus go hiomlán chun críocha tarrthála sléibhe agus pluaise
- Feithiclí a úsáidtear go huile agus go hiomlán chun críocha cuardaigh agus athslándála faoin uisce
- Feithiclí a úsáidtear go huile agus go hiomlán chun innealra tógála bóthair atá ionsuite mar chuid d’fheithicil den sórt sin nó atá ceangailte go buan leis ach nach n-iompraíonn ach ábhair nó earraí a úsáidtear chun críocha innealra tógála bóthair amháin agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile ach amháin chun bóithre a thógáil nó a dheisiú, a iompar, i.e. Road Roller, Road Marking Machine, Tar Sprayer.
- Cairteacha dramhaíola, innill scuabtha nó innill uiscithe a úsáidtear go huile agus go hiomlán chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh
- Otharcharranna, rollóirí bóithre nó innill dóiteáin
- Feithiclí a choinníonn údarás áitiúil agus a úsáidtear go huile agus go hiomlán chun críocha na seirbhíse broigáide dóiteáin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte