Fómhais feithicil
- Naisc ábhartha eile
- Fómhais feithicil
- Feithiclí Díolmhaithe
- Feithiclí Earraí
- Feithiclí Eile
- Feithiclí príobháideacha
- Feithiclí Seirbhíse Poiblí
- Eolas faoi Feithicil Oiriúnaithe
Leagtar amach Rátaí agus Táillí Mótarchánach san Acht Airgeadais (Dleachta Máil), 1952 agus in Achtanna Airgeadais ina dhiaidh sin, an ceann is déanaí díobh an tAcht Airgeadais (Dleachtanna agus Ceadúnais, 2015. Leagtar amach i gCiorcláin ón Roinn Comhshaoil na riachtanais maidir le cruthú sonrach doiciméid a sholáthar i gcás cás aicmí áirithe cánach.
Íocaíocht ar líne ag www.motortax.ie
Is é atá in Cáin Mótair Ar Líne ná seirbhís dhaingean atá á soláthar ag an Roinn Iompair agus a ligeann do chustaiméirí mótarchánach an cháin ar a gcuid feithiclí a íoc trí leas a bhaint as an Uimhir PIN atá le fáil ar an bhfógra athnuachana mótarchánach RF100B ón Roinn Iompair.
Céard a theastaíonn uaim chun cáin a íoc ar mo fheithicil ar line?
- Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) agus uimhir chlárúcháin feithicle le go mbeifeá in ann dul isteach sa tseirbhís.
- Sonraí árchais na feithicle (ainm an árachóra, uimhir an photasaí, agus an dáta éaga).
- Mionsonraí maidir le do chárta íocaíochta.
Is gnách go n-íoctar cáin ar fheithiclí ar line trí úsáid a bhaint as na sé dhigit dheireanacha d’Uimhir Dheimhniú Clárúcháin na Feithicle is ionann sin agus an PIN is gá bheith agat le haghaidh na seirbhíse ar line. Ta an uimhir sin (agus an litir C chun tosaigh uirthi) sa chúinne ar an mbarr ar dheis den chéad leathanach den Deimhniú Clárúcháin Feithicle.
I gcás cáin a bheith a íoc don chéad uair ar fheithicil nua nó allmhairithe, is ionann an Uimhir Aitheantais Phearsanta agus na 6 character deiridh de uimhir fhonnaidh na feithicle mar atá sé priontáilte ar do fhoirm RF100. Ba choir go bhfuair tú d’fhoirm RF100 ón Díoltóir Mótair atá agat nó ó na NCTS.
Mura bhfuil ríomhaire agat sa bhaile, is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar líne i leith mótarchánach trí úsáid a bhaint as na teirminéil ríomhaire a sholáthraíonn an Chomhairle chuige sin inár gcuid oifigí i dTuaim, i mBaile Locha Riach agus sa cheanncheathrú i nGaillimh, áit a mbeidh tú in ann admháil i leith d’idirbhirt a phriontáil. Tá rochtain ar an Idirlíon ar fáil i leabharlanna áitiúla freisin.
Má bhffuil fadhb agat do PIN a aisghabháil nó má tá fiafraithe eile agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair déan teagmháil contact .
Leis an bpost nó go pearsanta ag an Oifig Mótarchánach
Tá 3 fhoirm ann ar féidir leat úsáid a bhaint astu chun iarratas a dhéanamh ar mhótarcháin:
- RF100 – seo an fhoirm a fhaigheann tú ó do dhéileálaí gluaisteáin nó ón Lárionad NCT nuair a cheannaíonn tú feithicil nua nó nuair a allmhairíonn tú feithicil. Ní úsáidtear í ach amháin chun cáin a íoc den chéad uair agus ní úsáidtear í chun mótarcháin a athnuachan.
- RF100A (Gaeilge) – is foirm bhán athnuachana é seo.
- RF100B – foirm athnuachana ríomhghinte is ea é seo arna eisiúint ag an Roinn Iompair agus a chuirtear chugat leis an bpost roimh an dáta a dtéann an tréimhse chánach in éag (agus áirítear PIN ann chun ligean duit an cháin a íoc ar line).
Bain úsáid as Foirm RF100A nó RF100B chun mótarcháin a athnuachan leis an bpost – is féidir leat an modh íocaíochta is fearr leat féin a úsáid cibé acu dréacht bainc, seic, Ordú Poist nó Ordú Airgid atá i gceist, sin nó tríd an roinn a bhaineann le mionsonraí Cárta Creidmheasa ar an bhfoirm a chomhlánú. Ná seol airgead tirim leis an bpost, le do thoil.
Is féidir leat mótarchánach a athnuachan le linn na míosa ina n-éagtar an diosca mótarchánach reatha, agus is féidir leat an cháin a íoc le hairgead tirim, le cárta creidmheasa, le seic / dréacht bainc nó le hOrdú Poist/Airgid má tá tú ag teacht isteach go dtí d’Oifig Mótarchánach Áitiúil.
Is ceart seiceanna a bheith iníoctha le ‘Oifig Mótarchánach na Gaillimhe’.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte