Ceadúnais Leantóra
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Mótarchánach
- Mótarcháin Sonraí
- Mótarcháin Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Rataí & Taillí
- Athrú Úinéireachta
- Bearta chen feithicil a dhearbhu den bhothar
- Aisíocaíocht Mótarchánach
- Sonraí a Scaoileadh
- Athcháipéisí
- Conas a íoc
- Plátaí Trádála
- Ceadúnais Leantóra
Leagtar amach sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Leantóirí agus Leathleantóirí a Cheadúnú) 1982-2012 an córas clárúcháin agus ceadúnaithe i leith leantóirí ina n-airítear anois ceanglas i dtaobh cineál an leantóra a cheadú ar an gcéad cheadúnú.
I gcás leantóirí / leathleantóirí nua nó allmhairithe ar mó ná 3,500 kg a nOllmheáchan Ceaptha Feithicle (GVDW) agus a úsáidtear chun earraí a iompar, éilítear ina leith go mbeidh siad cláraithe san Oifig Mótarchánach. Tá ceanglas dlíthiúil ann freisin maidir le leantóirí a cheadúnú ar bhonn bliantúil san Oifig Mótarchánach ach níl aon táille ann i leith an phróisis sin. Is iad seo a leanas na Foirmeacha is gá a úsáid maidir le clárúchán agus íoc cánach:
- TF100 (English) – úsáidtear an fhoirm seo chun leantóirí/leathleantóirí a chlárú agus a cheadúnú.
- TF200 (English) – úsáidtear an fhoirm seo chun athrú úinéireachta a chlárú.
- TF300A (English) – deimhniú aitheantais meáchain do leantóir/leathleantóir nua nó allmhairithe
- – deimhniú aitheantais meáchain do leantóirí nach dtagann faoi raon feidhme an chineál-cheadaithe
Leantóirí nua nó allmhairithe:
Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnú den chéad uair, ní mór duit:
- Foirm iarratais TF 100 a chomhlánú
- Deimhniú Aitheantais Meáchain TF 300A a sholáthar agus ceann amháin díobh seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm sin:
a) I gcás leantóir nua, cóip den deimhniú cineál-cheadaithe
b) I gcás leantóir allmhairithe, féadfaidh an t-iarratasóir an Deimhniú Clárúcháin ón mBallstát lena mbaineann nó, mar mhalairt air sin, litir ón Údarás Náisiúnta Clárúcháin/Ceadúnúcháin a chur ar fáil. - Táille €60 a chur ar fáil
Gach leantóir eile nach dtagann faoi raon feidhme an chineál-cheadaithe a Cheadúnú Den Chéad Uair i.e.
- Leantóirí a monaraíodh roimh an 29 Deireadh Fómhair 2012
- Leantóirí atá ceaptha agus tógtha lena dtarraingt go heisiach ag tarracóirí talmhaíochta nó leantóirí atá ceaptha agus tógtha go heisiach lena n-úsáid ag Óglaigh na hÉireann, ag an gCosaint Shibhialta, ag an nGarda Síochána nó ag na Seirbhísí Dóiteáin.
Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnú den chéad uair, ní mór duit:
- Foirm iarratais TF 100 a chomhlánú
- Deimhniú Aitheantais Meáchain TF 300B a sholáthar – ní mór an fhoirm sin a chomhlánú ag
a) Don mhonaróir, nó,
b) I gcás nach féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir, ní mór do Lárionad Tástála Ceadaithe (ATC) de chuid an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an fhoirm a chomhlánú – is féidir liosta Iomlán na ATC-anna a fháil ag http://www.nsai.ie - Táille €60 a chur ar fáil
Chun Ceadúnas Leantóra a athnuachan gach bliain, ní mór duit na nithe seo a leanas a bheith agat:
- Foirm iarratais TF 100 a chomhlánú
- Cárta ceadúnais TF5
Níl riachtanas ann níos mó d’úinéir a Ráiteas Pas nó Deimhniú Ródacmhainneachta reatha a sholáthar don Oifig Mótarchánach ó tharla go bhfuil torthaí tástála dhá gcur ar taifead ag an Údarás um Shábháilteacht Bóthair anois.
Chun athrú ar na mionsonraí a bhaineann leis an úinéir nó leis an bhfeithicil a chur in iúl, ní mór duit na nithe seo a leanas a bheith agat:
- Foirm Iarratais TF 100 chun aon athrú ar na mionsonraí a bhaineann leis an úinéir a chur in iúl NÓ
Foirm Iarratais TF 300B chun aon athrú ar na mionsonraí a bhaineann leis an bhfeithicil a chur in iúl - Cárta ceadúnais TF5
Chun díol leantóra a chur in iúl, ní mór duit na nithe seo a leanas a bheith agat:
- Foirm TF200 chun athrú a chur in iúl, agus í comhlánaithe ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir
- Cárta ceadúnais TF5 atá le cur ar fáil ag an gceannaitheoir
Chun fógra a thabhairt á rá go ndearnadh leantóir a chur á bhriseadh mar dhramh, gur díothaíodh é nó gur onnmhairíodh é, ní mór duit na nithe seo a leanas a bheith agat:
- Fógra i scríbhinn á rá gur cuireadh an leantóir á bhriseadh mar dhramh/gur díothaíodh an leantóir/gur onnmhairíodh an leantóir
- Cárta ceadúnais TF5 - ní mór an cárta sin a thabhairt suas
Chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Ceadúnais Leantóra ionaid, ní mór duit:
- Foirm Iarratais RF134 a chomhlánú
- Táille €6 a chur ar fáil
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte