Athrú Úinéireachta
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Mótarchánach
- Mótarcháin Sonraí
- Mótarcháin Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Rataí & Taillí
- Athrú Úinéireachta
- Bearta chen feithicil a dhearbhu den bhothar
- Aisíocaíocht Mótarchánach
- Sonraí a Scaoileadh
- Athcháipéisí
- Conas a íoc
- Plátaí Trádála
- Ceadúnais Leantóra
Faoi na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú) 1992 ceanglaítear ar an díoltóir doiciméid athrú úinéireachta a chur ar aghaidh chuig an Oifig Mótarchánach nó chuig an Roinn Iompair. Sa chás is nach dtugann an díoltóir an próiseas a éilítear chun críche, forálann na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú) 1992 nach mór dó/di Dearbhú Reachtúil a chomhlánú chun an t-athrú úinéireachta a thabhairt i gcrích.
Má dhéanann tú do ghluaisteán a dhíol nó a thrádáil isteach, tá oibleagáid ort na sonraí faoi úinéir na feithicle a nuashonrú in iúl don Roinn Iompair. Má fhanann an fheithicil i d’ainm, beidh tú faoi dhlíteanas dlíthiúil íoc as aon mhuirir, lena n-áirítear mótarcháin, táillí dolaí agus as aon phionóis a d’fhéadfaí a ghearradh d’aon sárúithe tráchta (e.g. fíneálacha páirceála.).
Fheithiclí cláiraithe roimh 1993:
Gluaisteán a dhíol / a thrádáil isteach le déileálaí gluaisteán:
Thabhair an leabhar cláraithe don díoltóir agus an Foirm RF200 (Gaeilge) chuig d’Oifig Mótharcánach.
Díol Príomháideach:
Seol an Fhoirm Fógra Aistriú Úinéireacht Fheithicle RF200 (Gaeilge) agus do Log-leabhar chuig d’oifig mhótarchánach.
Fheithiclí cláraithe tar éis 1993:
Gluaisteán a dhíol / a thrádáil isteach le déileálaí gluaisteán:
- Ní mór duitse agus an Déileálaí Gluaisteán Foirm RF105 a chomhlánú agus ba cheart duit an Teastas Cláraithe Feithicle a thabhairt don déileálaí.
- Más féidir leis an déileálaí an t-athrú úinéireachta a fhógairt ar an idirlíon (tá an áis seo ag na déileálaithe móra) ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ar do shon. Coimeádfaidh an déileálaí Foirm RF105 ansin. Murar féidir leis an déileálaí an t-athrú a chur in iúl ar an idirlíon, ní mór duit Foirm RF105 a sheoladh chuig an seoladh a leanas: An Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí (DVCSD), An Rionn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Baile na Sionnainne, Contae an Chláir. Cuimhnigh gur ortsa amháin atá an fhreagracht an fhoirm a sheoladh.
- Cuirfidh an DVCSD an déileálaí I gcuntas mar úinéir cláraithe na feithicle ar an NVDF.
Díol Príomháideach:
- Ní mór duitse agus an ceannaitheoir an Teastas Cláraithe Feithicle a chomhlánú agus an cúl a shíniú.
- Ba cheart an díoltóir an Teastas Cláraithe Feithicle a sheoladh láithreach chuig an seoladh a leanas: An Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí (DVCSD), An Rionn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Baile na Sionnainne, Contae an Chláir. **
- Cuirfidh an DVCSD an ceannaitheoir i gcuntas mar úinéir cláraithe na feithicle ar an NVDF agus eiseofar Teastas Cláraithe Feithicle don cheannaitheoir.
** Cuimhnigh gur ortsa atá an fhreagracht, mar an díoltóir, a chinntiú go gcomhlánfar an fhoirm agus go gcuirtear sa phost í chuig an DVCSD lena próiseáil. Níor cheart duit an Teastas Cláraithe Feithicle a thabhairt don úinéir nua ag súil leis go seolfaidh sé/sí an cháipéis sa phost. (Cuimhnigh gur seans gur fearr don cheannaitheoir nach gcuirtear na sonraí I gcuntas agus go leanfaidh tusa bheith faoi dhliteanas don fheithicil.) Ba cheart a bheith an airdeallach ar dhíolacháin a eascraíonn ó fhógraí a fhógraítear I nuachtáin / irisleabhair agus ar shuíomhanna idirlín.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte