Bearta chen feithicil a dhearbhu den bhothar
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Mótarchánach
- Mótarcháin Sonraí
- Mótarcháin Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Rataí & Taillí
- Athrú Úinéireachta
- Bearta chen feithicil a dhearbhu den bhothar
- Aisíocaíocht Mótarchánach
- Sonraí a Scaoileadh
- Athcháipéisí
- Conas a íoc
- Plátaí Trádála
- Ceadúnais Leantóra
Tá na nósanna imeachta agus na tréimhsí ama a bhaineann le feithicil a dhearbhú mar fheithicil nach bhfuil ar bóthar leagtha amach san Acht um Neamhúsáid Mótarfheithiclí, 2013.
Mura bhfuil d’fheithicil le bheith in úsáid agus mura bhfuil an fheithicil sin le bheith coinnithe in áit phoiblí, beidh tú in ann a dhearbhú nach bhfuil an fheithicil ar bóthar tríd an Fhoirm RF150 (Gaeilge)a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig d’oifig mótarchánach áitiúil. Más fearr leat, is féidir leat a dhearbhú go bhfuil d'fheithicil curtha den bhóthar ag www.motortax.ie ag usáid an uimhir aitheantais pearsanta (UAP) a eisíodh chugat i dteannta le do fhógra athnuachana.
Trí mhí féilire an tréimhse is giorra agus dhá mhí dhéag féilire an tréimhse is faide i.e. ní féidir leat a dhearbhú nach mbeidh feithicil ar bóthar ar feadh míosa nó dhá mhí. Caithfear an dearbhú a dhéanamh do mhíonna féilire iomlána, ag tosú ar an gcéad lá den mhí agus ag críochnú ar an lá deiridh den mhí. Gheobhaidh gach iarratas a chomhlíontar i gceart deimhniú ar an idirbheart, tríd an bpost nó ar an láthair má chuirtear an dearbhú isteach de láimh ag d’oifig mhótarchánach áitiúil.
Ní mór duit a dhearbhú nach bhfuil d’fheithicil ar bóthar roimh ré. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin, má tá tú chun an dearbhú a sheoladh sa phost, é a sheoladh sa phost in am mar ní mór an dearbhú a dhéanamh:
- Le linn na míosa ina n-éagtar an diosca mótarchánach reatha. Ní cheadófar duit a dhearbhú nach mbeidh an fheithicil ar bóthar i gcás ar bith ina mbíonn riaráistí le n-íoc – ní mór na riaráistí a íoc agus mótarcháin a chur ar an bhfeithicil ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad sula gceadófar duit a dhearbhú nach mbeidh an fheithicil ar bóthar.
- Le linn na míosa roimh dheireadh na tréimhse a sonraíodh do dhearbhú láithreach, is féidir leat dearbhú nua a dhéanamh i leith tréimhse bhreise idir trí mhí agus dhá mhí dhéag. Is féidir é seo a dhéanamh in athuair i leith na tréimhse ina bhfuil sé beartaithe agat an fheithicil a choinneáil den bhóthar.
- Má tá feithicil nua nó feithicil athláimhe ceannaithe agat agus mura bhfuil sé ar intinn agat an fheithicil a úsáid láithreach, beidh 21 lá agat ó dháta an cheannacháin (mar a shonraítear sa cháipéis clárúcháin nó san fhógra maidir le húinéireacht feithicle a aistriú) chun dearbhú um neamhúsáid a dhéanamh. Sa chás sin, bheidh feidhm leis an dearbhú ón gcéad lá den mhí ina ndéantar an díolachán nó ón gcéad lá den mhí ina gcláraítear feithicil nua. Cinntigh go gcuireann tú an té atá ag díol na feithicle ar an eolas go bhfuil sé ar intinn agat a dhearbhú nach mbeidh an fheithicil ar bóthar agus gur chóir dó/di a chinntiú go gcuirtear an t-athrú úinéireachta chomh luath agus is féidir.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte