Comhairliúchán Poiblí 2
- Naisc ábhartha eile
- Comhairliúchán Poiblí 1
- Comhairliúchán Poiblí 2
An Glasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard
Comhairliúchán Poiblí 2
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, cuireadh do chónaitheoirí an cheantair áitiúil, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir le Roghanna Conair Bhealaigh thionscadal an Ghlasbhealaigh idir Gaillimh agus Uachtar Ard ó Dé hAoine an 17 Meitheamh go dtí Dé hAoine an 15 Iúil 2022. Tá tábhacht ag baint le do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d'fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.
Tá an tionscadal seo ag Céim 2: Roghnú Rogha, i láthair na huaire, céim a bhaineann le roghanna malartacha a scrúdú d’fhonn an Rogha is Dealraithí a shocrú. Is é cuspóir an chomhairlúcháin phoiblí seo ná an pobal a chur ar an eolas maidir le próiseas roghnaithe na roghanna agus cuireadh a thabhairt aiseolas a thabhairt ar na Roghanna Conairí Bealaigh.
Reáchtálfar sraith imeachtaí comhairliúcháin phoiblí agus daoine ar an láthair i Maigh Cuilinn, in Uachtar Ard agus i gCathair na Gaillimhe idir Dé Máirt an 21 Meitheamh 2022 agus Déardaoin an 23 Meitheamh 2022:
- Áras Uillinn, Bóthar an Teampaill, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe
- Dé Máirt an 21 Meitheamh 2022 - 12:00-21:00
- Ionad Pobail Uachtar Ard, An Phríomhshráid, Uachtar Ard, Contae na Gaillimhe
- Dé Céadaoin an 22 Meitheamh 2022 - 12:00-21:00
- Óstán Clybaun, Bóthar an Chlaí Bháin, Gaillimh
- Déardaoin an 23 Meitheamh 2022 - 12:00-21:00
Chomh maith leis sin, cuirfear an t-ábhar ábhartha ar fad ar fáil ar láithreán gréasáin an tionscadail chun comhairliúchán fíorúil a éascú.
Beifear ábalta teacht ar an eolas ar líne ar https://galwaytooughterardgreenway.ie/ i gcaitheamh na tréimhse comhairliúcháin agus níos faide amach agus glacfar le haighneachtaí go dtí Dé hAoine an 15 Iúil.
Cuir isteach do thuairimí agus d’aiseolas ar líne nó seol ar an bpost nó ar ríomhphost iad faoi Dé hAoine an 15 Iúil 2022 nó roimhe sin. Mar mhalairt air sin, bí i láthair ag ceann dár gcuid imeachtaí comhairliúcháin agus daoine ar an láthair, ag a mbeidh baill d’fhoireann an tionscadail ar fáil chun aon cheist ná aon ábhar imní faoin tionscadal a phlé.
Ríomhphost: galwaytooughterardgreenway@aecom.com
Sa Phost: Tionscadal Ghlasbhealach Chonamara, Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Teach Corparáide, Páirc Gnó Oirthear na Cathrach, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh, H91 KT67
Mura bhfuil fáil agat ar ríomhphost ná ar an idirlín, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le foireann an tionscadail ar 091 509570 (9:00am go 4:30pm Luan - Aoine).
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte