Bóithre & Iompar Foirmeacha & Ríomheolaíocht

Gniomhaíochta Pobail agus Deonacha ar Bhóithre

Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh iarratais lena n-áireamh sa scéim thuasluaite ó áitritheoirí agus ó ghrúpaí áitiúla a bhfuil suim acu cuidiú leis an gComhairle obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar Bhóithre Poiblí Áitiúla.

Tá Foirmeacha Iarratais agus breis mionsonraí le fáil ón Aonad Bóithre & Iompair, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh sna hOifigí Ceantair Comhairle seo a leanas: Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Béal Átha na Sluaighe, Tuaim, An Clochán agus An Cheathrú Rua nó ónár láithreán gréasáin www.galway.ie / www.gaillimh.ie

Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2025

 Tabhair faoi deara le do thoil gurb é an dáta deiridh d’iarratais ná 09ú Lúnasa 2024

 

SCÉIM FEABHSÚCHÁIN ÁITIÚIL 2025

SCÉIM CHUN OBAIR FHEABHSÚCHÁIN AR BHÓITHRE PRÍOBHÁIDEACHA A MHAOINIÚ

(BÓITHRE NACH BÓITHRE POIBLÍ IAD)

LÉIRITHE SPÉISE

Bíonn cúnamh deontais faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil faoi réir maoiniú a bheith ar fáil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Fáilteofar roimh iarratais ó áitritheoirí agus úsáideoirí bóithre príobháideacha (bóithre nach bóithre poiblí iad) ar mian leo páirt a ghlacadh i scéim. Tá sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe liosta a chur i dtoll a chéile, in ord tosaíochta, de na Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla agus táthar ag súil go gcuirfear tús  leo in 2025, faoi réir maoinithe. 

  • Tá an scéim faoi réir critéir agus coinníollacha dochta mar atá leagtha síos ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
  • Sonraítear sna treoirlínte nach mór do ranníocaíocht áitiúil na n-úinéirí talún/áitritheoirí áitiúla idir 10% agus 15% den chostas foriomlán a chlúdach sula gcuirtear tús le hobair ar bith.

Is iad seo a leanas na tionscadail bóthair atá incháilithe:

  • Tionscadail bóithre a sholáthraíonn rochtain ar ghabháltas talún amháin nó níos mó atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag daoine éagsúla atá ag gabháil do ghnóthaí talmhaíochta ar leith; nó
  • Tionscadail bóthair lena gcuirtear bealach ar fáil do bheirt, nó níos mó ná sin, chun obair an fhómhair a dhéanamh (móin nó feamainn a shábháil); nó
  • Tionscadail bóthair lena gcuirtear bealach ar fáil chuig ar a laghad aon ghabháltas talún amháin atá faoi úinéireacht nó á áitiú ag duine atá i mbun gnóthaí talmhaíochta agus lena gcuirtear bealach ar fáil freisin do dhuine amháin ar a laghad ar mhaithe le hobair an fhómhair a dhéanamh (móin nó feamainn a shábháil san áireamh)
  • Chomh maith leis sin, is féidir obair a dhéanamh freisin ar Bhóithre Conláiste amhail bóithre nach bóithre poiblí iad chuig conláistí pobail mar reiligí nó láithreacha eile turasóireachta/oidhreachta.

Foirm Iarratais

Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2025

Is féidir cóipeanna den fhoirm iarratais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair agus Bóithre ar an nguthán ar 091 509309 nó seol ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie

Seol na foirmeacha iarratais comhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta ar ais chuig:

Tríd an bPost: Comhairle Chontae na Gaillimhe, Scéim Feabhsúcháin Áitiúil, Bonneagar & Oibríochtaí, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh 

Ríomhphost:  roads@galwaycoco.ie 

DÁTA DEIRIDH: 09ú Lúnasa 2024

 

RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL SA SCÉIM OIBREACHA BÓTHAIR 2024-2025

Fáilteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh iarratais ó ghrúpaí áitritheoirí áitiúla lena n-áireamh i Scéim Rannpháirtíochta Pobail (CIS) chun feabhas a chur ar bhóithre áitiúla sa Chontae.

Tabhair faoi deara le do thoil gur 4.00 in. Dé hAoine an 15ú Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.

Ní dhéanfar iarratais a bheidh deireanach a mheas.

Foirm Iarratais 2024-2025

Meabhrán Míniúcháin 2024-2025

Is féidir cóipeanna den fhoirm iarratais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Bonneagar & Oibríochtaí (Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh) ar an nguthán ar 091 509309 nó seol ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie nó sna hOifigí Ceantair seo a leanas: Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Béal Átha na Sluaighe, Tuaim, An Clochán agus An Cheathrú Rua.

Seol na foirmeacha iarratais comhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta ar ais chuig:

Tríd an bPost: Comhairle Chontae na Gaillimhe,
                        Rannpháirtíocht an Phobail sa Scéim Oibreacha Bóthair,
                        Bonneagar & Oibríochtaí,
                        Áras an Chontae,
                        Cnoc na Radharc,
                        Gaillimh
                        H91 H6KX

Ríomhphost:  roads@galwaycoco.ie